Is ar ‘chriathraigh bheaga’ is mó a imríodh ógfhir agus ógmhná Ros Muc/Camus an pheil, an iománaíocht agus an chamógaíocht sna blianta atá thart mar a insíonn Máirtín Ó Mainnín i gclár chomórtas peile 2009, agus ar an gcriathrach beag ó dheas ó Ghairmscoil Ros Muc an láthair ar a mbídís ag imirt go deireanach.
Tráth den saol, agus ní chomh fada sin ó shin é, criathrach, portach agus bolláin mhóra ó aois an oighir, a bhí san áit ina bhfuil Páirc na bPiarsach inniu.