Ní fhéadfaí a gcuid dintiúr Gaeltachta a lochtú: bhí siad ag spalpadh Gaeilge gan dua i gcroílár na Galltachta agus iad ag déanamh turas fada chuig an taobh eile den tír ar mhaithe leis an chultúr Gaelach.
Múinteoireacht, an tSíceolaíocht agus an Charthannacht
SMM: Mura dtaga obair aisteoireachta i do leith, nuair a bheas do dhintiúirí go léir bailithe agat as an ollscoil, deir tú (sa leabhar Aifric a d’fhoilsigh Futa Fata) gur mian leat gabháil le múinteoireacht bunscoile.