Agus mé i mo dhéagóir cantalach ag freastal ar scoil mheánaicmeach i mBaile Átha Cliath 4, chuaigh cumha an fhile ón iarthar "ar imirce" sa bpríomhchathair i bhfeidhm go mór orm:
Thóg an fear seo teach
Is an fear úd
Claí nó fál
A mhair ina dhiaidh
Is a choinnigh a chuimhne buan.
Ní ghlacfar le scéalta scaoill ó lucht an amhrais is minic a scéal báite ag lucht cantail agus dream an uisce faoi thalamh, sna meáin phoiblí nó sna meáin fhéinchraolta ar an idirlíon.