Ansin shiúil muid suas ar dhroim creagach, agus bhí radharc iontach ann trasna páirceanna geala glasa agus fána leo go dtí an fharraige, iad lán de bhláthanna fiáine.
gleann carrach na síoraíochtaeternity’s craggy vale
Bóthar spéire, bóthar lúbach, bóthar crochta, bóthar gan mharc, comhartha ná líne air, bóthar gan chlaí, fál ná sconsa idir é agus gleann carrach na síoraíochta thíos fúinn.