Chuir Páirtí an Lucht Oibre go láidir i gcoinne an pholasaí agus ba dhoiligh easaontú leis an mhéid a dúirt an Dr James Reilly ag an am nuair a cheistigh sé críonnacht na scéime a bheadh ag bronnadh cártaí leighis ar dhaoine a bhí in inmhe tháillí chlub gailf a dhíol!
Ach ní féidir a shéanadh go ndearna an rialtas brachán bocht den scéal.
An Chríonnacht
=======
Ní thiocfadh le duine fásta obair an lae a dhéanamh nó páirt a ghlacadh sa tsochaí murach an cumas atá ann scagadh a dhéanamh ar an lear mór eachtraí agus seachrán atá ina thimpeall.