Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clúdach árachais insurance coverage
" Ar an drochuair, tá seans níos lú ann go ndéanfaidh fostóir clúdach árachais sláinte a thairiscint d'oibrithe ar phá íseal, agus, má chuirtear clúdach ar fáil dóibh, is minic a chaitheann siad níos mó a íoc as.
tuairisciú coverage
" Dúirt an Breitheamh Kearns go mbeadh sé “mí-réadúil” na cúisithe agus a lucht cosanta a bheith ag súil nach ndéanfadh nuachtáin agus meáin eile tuairisciú ar thrialacha a bhfuil baint ag an bpobal i gcoitinne leo.
ar chlúdach na nuachtán on the coverage of newspapers
" Is cinnte go ndéanann na meáin tagairt dóibh, ach is annamh a bhíonn siad ar chlúdach na nuachtán lá i ndiaidh lae, ach amháin má léiríonn an pobal go bhfuil spéis faoi leith acu i scéal áirithe.
clúdach coverage
"clúdach déanta acu ar chluichí CLG, ar shacar na Spáinne, ar chispheil, rugbaí agus rásaí na Gaillimhe thar na blianta.
tuairisciú coverage
" Mar shampla, má tharlaíonn sé go bhfuil eitleán i ndiaidh fadhb bheag theicniúil a bheith aige, is í an tuairisciú a dhéanfar ar an scéal sin sna nuachtáin ná paisinéir éigin ag rá, “Bhí me cinnte go raibh mo phort seinnte.
tuairisciú tomhaiste measured coverage
" Ach – mar a bheadh ríshoiléir d’aon duine a chonaic an scannán – scéal casta is ea scéal Uí Shearcaigh; scéal a mbeadh tuairisciú tomhaiste ag teastáil le hé a phlé go cothrom.
agus blús ar an easpa clúdaigh chéanna. and a blouse with the same lack of coverage
" Agus mo bhean imithe isteach go dtí an leithreas i gceann de na hóstáin, tháinig beag chugam, sciorta uirthi nár chlúdaigh tada agus blús ar an easpa clúdaigh chéanna.
tuairisciú coverage
" Agus an t-alt seo á scríobh, tá 15,000 iriseoir imithe go Denver, Colorado chun tuairisciú a dhéanamh ar gheáitsí an Pháirtí Dhaonlathaigh agus iad i mbun a n-iarrthóirí a roghnú.
tuairisciú coverage
"tuairisciú déanta ag Ken ar thubaistí, ar chogaí agus ar ghorta timpeall na cruinne.
tá an cuimsiú fairsing seo this great coverage is
" Is ceist bheo í seo, gan amhras ar bith agus tá an cuimsiú fairsing seo le moladh go mór tharla gur ríchosúil go bhfuil tobar ár saíochta, an slabhra gan briseadh sin, an Ghaeltacht, i gcontúirt mhór, faraor.
ní bheidh ach mórchuimsiú scéalta ar mhórshiúlta the only major coverage shall be the marches
" Ach sna nuachtáin, ar an teilifís agus ar an raidió sna míonna atá amach romhainn, ní bheidh ach mórchuimsiú scéalta ar mhórshiúlta, teannas agus easaontas.
cuimsiú claonta the partisan coverage
" Léiríonn ceannlíne ar chéad leathanach an *Daily Telegraph* in Sydney an lá dár gcionn a dhú-naimhdí is a bhí leagan phreas Murdoch: *Kick This Mob Out!* É sin ráite, ní mheastar go raibh cuimsiú claonta phreas Murdoch freagrach as treascairt an pháirtí, cé gur ghoill sé ar dhaoine go leor, orthu siúd a chreideann go bhfuil preas saor mar mhír lárnach i dtír dhaonlathach.
faoin chuimsiú shleamchúiseach about the sloppy coverage
" Ba mhó an fhearg a bhí ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta faoin chuimsiú shleamchúiseach a thug na meáin Bhéarla do chinneadh an Choimisinéara Teanga éirí as oifig ar bhonn prionsabail ag deireadh na bliana anuraidh.
chlúdach leanúnach continuous coverage
" Sa dara cuid de 2002, thosaigh go leor daoine ag rá le Tom Deignan, agus le hiriseoirí eile, go raibh an chaint ar fad sna meáin ar uafás an 11 Meán Fómhair ag cur as dóibh, go raibh sé in am éirí as an chlúdach leanúnach a bhí i gceist go dtí sin.
tuairisciú coverage
" Tá sé tábhachtach go mbeadh cead ag na nuachtáin tuairiscí a fhoilsiú ar chásanna cúirte ach tá freagracht orthu gan dul thar fóir leis an tuairisciú sin.