Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
misniúil courageous
" Seasamh misniúil ó fhear nach mbíonn leisce riamh air a chuid tuairimí a nochtadh go neamhbhalbh.
misniúil courageous
" Bhí an-eolas aici ar na Ceiltigh freisin, agus bhí sí cinnte dearfa gurbh iad na *Danaoi*, tuath na Sean-Ghréige, agus Tuatha De Danann na finscéalaíochta an dream ceannann céanna in anallód! Tuigeadh dom sa deireadh, blianta ina dhiaidh sin, le linn mo chéad chuairte ar Éirinn agus ar an Ghaeltacht (Samhradh 1998) go mb'fhéidir nár de shliocht *Danaoi *na Gréige iad na Gaeil ná na Tuatha Dé Danann; mar sin féin, chonacthas dom gur dream iontach ab ea na Gaeil, a raibh croí misniúil agus uasal acu, agus thuig mé go raibh a ndearcadh féin ar an saol acu.
céim mhór mhisniúil one big courageous step
" Tá an t-ionad ar chúinne príomhshráide, é i lár an mhargaidh agus an Fhraincis ar fáil ann go flúirseach! D'fhéadfaí a leithéid d'ionad a chur ar bun i lár na cathrach don Ghaeilge ach céim mhór mhisniúil amháin a thógáil - cur ina luí ar Ghael Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael coiste idirbhainistíochta a bhunú.
bhí an-mhisneach againn we were very courageous
" Bhí muid óg, bhí muid fuinniúil, bhí an-mhisneach againn.
Bean chróga mhisniúil a brave courageous woman
" ***Buntáistí:*** Bean chróga mhisniúil is ea í.
misniúla courageous
" Chreid sé gurb é an bealach is fearr chun a fháil amach cad é a bhí ag tarlú ná é féin a chur gualainn ar ghualainn le saighdiúirí créachtaithe agus le daoine misniúla a chonaic sé trí shúil a cheamara.
misniúil courageous
" Togra spéisiúil is misniúil atá idir lámha ag an fhear ghnó, Pádraig Ó Céidigh le hathsheoladh Foinse, sa mhéid is gur fiontar neamhspleách é nach bhfuil ag brath ar thacaíocht ón stát.
misniúil courageous
" Anois, in uair na cinniúna, nuair atá ceannairí d’ardchaighdeán de dhíth, daoine atá cumasach, ionraic, éirimiúil, agus misniúil, níl againn ach an mheasarthacht.
éirí níos misniúla become more courageous
" Ní hiad na daltaí amháin é, ach caithfidh múinteoirí éirí níos misniúla de réir a chéile chomh maith.
gníomhaire misniúil a courageous activist
" An raibh maith ar bith ionann? Anois is arís, bhí gníomhaire misniúil ann.
cinnireacht mhisniúil courageous leadership
" , thug sí cinnireacht mhisniúil do mhuintir Thaobh an Bhogaigh i nDoire, tar éis do mhuintir na háite bac a chur leis an RUC briseadh isteach sa gceantar náisiúnach.
ceannaireachta misniúla courageous leadership
" An bhliain dár gcionn, scríobh PNAC litir eile chuig Bush le comhghairdeas a ghabháil leis as a chuid ceannaireachta misniúla sa chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta go dtí sin.
cróga, misniúil courageous
" Duine cróga, misniúil thú atá sásta na cúramaí troma seo a ghlacadh ort féin ag am nach léir cén struchtúr boird a bheas agat nó céard iad na cumhachtaí agus cúramaí a bheas ag an Údarás nua.
beartais mhisniúla courageous planning
" Agus creidim gur féidir le beartais mhisniúla dearcadh na ndaoine a bhogadh chun cinn fosta.
roinnt bailte fearainn misniúla fós some courageous town lands still
" Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.
ach a n-iompar misniúil conspóideach but their courageous and controversial behaviour
" Níorbh é a n-éacht ar an raon rásaí a tharraing aird an domhain ar an triúr, ámh, ach a n-iompar misniúil conspóideach le linn an tsearmanais nuair a bronnadh na boinn orthu.
Teastaíonn gníomhartha misniúla den chineál sin courageous deeds of that sort are needed
" ) Teastaíonn gníomhartha misniúla den chineál sin leis na Gaeil a thabhairt céim eile chun tosaigh.
seasamh misniúil a courageous stand
" Sílim gur ghlac Seán seasamh misniúil, cróga agus tá moladh ag dul dó.
níor theip ar fhear an mhisnigh the courageous never lost
" Tá obair mhaslach roimh an gcoimisinéir nua áfach, ach níor theip ar fhear an mhisnigh.
Calma Curata brave and courageous
" Nuair nach raibh an Bhanríon Angela nó an Rí Barack, nó fiú Tánaiste na hÉireann, sásta dul chun cainte le hImpire an Domhain Thoir, dúirt Balor Calma Curata go rachadh sé féin chun na Rúise le bleid a bhualadh ar Vladimir Poitín ar bhruach na Mara Duibhe.
Is de bharr a sheasamh cróga it’s due to his courageous stand
" Is de bharr a sheasamh cróga, ar son na Gaeilge 1909/10, in ainneoin naimhdeas na n-easpag, a bhfuil meas áirithe agam ar John Redmond i gcónaí.
fear an mhisnigh the courageous person
" Is trua a deir sé, nach raibh an deis seo, My Tobii, ar an bhfód le linn do Christopher Nolan fás aníos, fear a chruthaigh in aghaidh gach constaice nach féidir fear an mhisnigh a chloí.
beirt mhisniúil two courageous people
" Bhuail Alex Hijmans le beirt mhisniúil a léiríonn fuinneamh agus tuiscint a bpobail, beirt atá ar tí dul i mbun gníomh a chuideoidh thar na bearta leis an bpobal sin a threisiú.