is cosúil nach cás leo
it seems that they don't care about
Más mar sin atá an scéal,
is cosúil nach cás leo an 19,000 Astrálach a fhaigheann bás in aghaidh na bliana de bharr an tobac.
cosúil mar a bheinn sa bhaile
as I would be at home
Bhí mé ag amharc amach ar an fharraige
cosúil mar a bheinn sa bhaile ach chaith mé fada go leor ann.
Is cosúil gur chuir sé in iúl do na himreoirí
it seems he told the players
Is cosúil gur chuir sé in iúl do na himreoirí oíche amháin go raibh sé ag éirí as ach cúpla lá ina dhiaidh sin bhí sé ar ais arís tar éis do chúpla duine de na himreoirí dul chun cainte leis agus a intinn a athrú dhó! Is minic a bhíodh sé ar buile le himreoirí a bhí ag pleidhcíocht ar an bpáirc thraenála (nó ligeadh sé air féin go raibh) agus b'fhéidir go sínfeadh sé an fheadóg chuig an duine a bhí ag clamhsán nó a leithéid agus go ndéarfadh leis dul i gceannas ar an bhfoireann é féin feasta.
is cosúil
it seems
Tionchar na teilifíse, na timpeallachta agus an bhrú atá ar pháistí a bheith cosúil lena gcairde,
is cosúil.
ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach
which was more like a train station sometimes
Nuair a bhíomar traochta den gcaibidil ar fad faoin nGaeilge, do thóg Barra bosca ceoil mór groí amach agus thug sé cúpla port dúinn ar a shuaimhneas …
Ard-oíche cuideachtan agus níorbh í a haon í i dtigh seo na nDonnabhánach,
ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach ná tigh muintire, mar go mbíodh an oiread sin daoine ag tarraingt ar an dtigh.
bois cois cosúil leis an athair
the image of his father
”
“Ó, bhal,” arsa a hathair, “
bois cois cosúil leis an athair, mar sin.
bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair
it was like meeting a cousin
Mar a dúirt fear amháin liom,
bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair nach raibh aithne agat air go dtí sin.
bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair
it was like meeting a cousin
Mar a dúirt fear amháin liom,
bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair nach raibh aithne agat air go dtí sin.
bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair
it was like meeting a cousin
Mar a dúirt fear amháin liom,
bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair nach raibh aithne agat air go dtí sin.
is cosúil
it seems
is cosúil go bhfuil bonn láidir faoin eagraíocht atá anois ann agus go mbeidh siad ann go ceann tamaill eile ar aon nós.
cosúil le haon chathair liath
like any grey city
Sroichimid Ashikawa – tá sé díreach
cosúil le haon chathair liath timpeall an domhain.
is cosúil go bhfuair na hIndiaigh an ceann is fearr orthu.
it seems that the Indians got the better of them.
Cé gur éirigh leis na coilínithe seo baile beag a bhunú ar an gcósta, san áit a dtugtar South Carolina anois air, agus fanacht ann ar feadh bliain nó dhó,
is cosúil go bhfuair na hIndiaigh an ceann is fearr orthu.
níos cosúla le hinnealtóireacht.
more like engineering.
Tá na traidisiúin i Sasana agus sa nGearmáin
níos cosúla le hinnealtóireacht.
cosúil leis an fhéinics,
like the phoenix,
Ag siúl ar shráideanna ciúine Gernika (mar a thugtar air sa Bhascais), agus mé ar laethanta saoire i dTír na mBascach roinnt blianta ó shin, rith sé liom go raibh an baile
cosúil leis an fhéinics, éan na finscéalaíochta, a d’éirigh aníos athbheo as luaithreach tine.
ar cosúla le comhairle contae é
which is more like a county council
Níl am á chur amú níos mó ar shíorchainteanna ar dhíchoimisiúnú, ar spíodóireacht, ar choiriúlacht, agus tá Tionól Thuaisceart Éireann anois ag dul i ngleic – a oiread agus is féidir le rialtas
ar cosúla le comhairle contae é – le fadhbanna a mhuintire.
Is cosúil
it appears
Is cosúil go mbeidh scéal Myatt agus Drewe le feiceáil i bpictiúrlanna áitiúla sul i bhfad agus beidh George Clooney agus Clive Owen á léiriú.
cosúil le dufair
like a jungle
Ansin fuaireamar amach go raibh cuid den aill
cosúil le dufair mar go raibh neart sceach agus casarnach uirthi.
sa chaoi nach raibh sé chomh cosúil le rugbaí níos mó.
so it was not so like rubgy anymore.
Sa bhliain 1875, thosaigh ollscoileanna in Massachusetts ag imirt faoi na rialacha nua seo, agus i rith ochtóidí an chéid sin, thosaíodar ag athrú an chluiche
sa chaoi nach raibh sé chomh cosúil le rugbaí níos mó.
cosúil le fuaim na fidle
like the sound of the fiddle
Tá an fhuaim a thagann aisti
cosúil le fuaim na fidle, ach amháin go bhfuil sí níos géire.
Is cosúil ó na cáipéisí seo,
it seems from these documents
”*
Is cosúil ó na cáipéisí seo, ní hamháin go bhfuiltear in amhras maidir le stádas dlíthiúil an churaclaim, ach go raibh an roinn agus an tAire Hanafin ar an eolas faoin éiginnteacht a bhaineann leis.
Is cosúil
it seems
Is cosúil go bhfuil na heagraíochtaí sin ar bís le gníomhú go fuinniúil agus go héifeachtach ar son na teanga.
ba chosúil nach leor sin.
it seemed that wasn't enough
Ní raibh aon chúis nach dtiocfadh leis an phobal ‘Dingle’ a úsáid, dá mba rogha leo é, in achan ghné eile den saol, ach
ba chosúil nach leor sin.
an-chosúil leis an chlochar
very like the convent
Dar léi go raibh an institiúid sin
an-chosúil leis an chlochar a bhí fágtha ina diaidh aici ach bhain sí sult as a tréimhse ansin mar sin féin.
Ba mhó ba chosúil go raibh.
it seems most likely that they were
An raibh siad féin ag ól, mar shampla?
Ba mhó ba chosúil go raibh.
Is cosúil nach bhfuiltear in amhras faoi ionracas
it seems there is no suspicion
Is cosúil nach bhfuiltear in amhras faoi ionracas Tenzin Gyatso, an ceathrú Dalaí Láma dhéag, in aon chor.
cosúil leis an mbuachaill bacach
like the lame boy
” Mheas mé gur bronnadh an cuireadh speisialta sin ar na daoine fásta thar na daoine óga, a fágadh taobh amuigh uaireanta,
cosúil leis an mbuachaill bacach sa scéal The Pied Piper of Hamelin.
is cosúla í le
it is most similar to
**************
Thug na hÉireannaigh an Ghaeilge go Manainn tuairim is 500 AD agus
is cosúla í le canúintí Gaeilge oirthear Uladh (nach maireann) ná aon chanúint eile de na teangacha Gaelacha.
is cosúil go bhfuil an phraiseach ar fud na mias
it seems that everything is in a mess
Tá údar maith acu a bheith diúltach –
is cosúil go bhfuil an phraiseach ar fud na mias ó thaobh an gheilleagair de faoi láthair.
níos mó cosúil le
resembles more so
Tá muid anois ag tarraingt ar *Greenwich Village* agus *Chelsea* – ceantar na healaíne agus ceantar Boihéamach atá
níos mó cosúil le sráidbhaile duilleach le carachtar Eorpach nó ceantar a bheadh i gceannchathair.
is cosúil
it seems
Áit ar chreid de Blaghad inti,
is cosúil.
is cosúil
it seems, appears
is cosúil go dtágann cuid mhaith den dramhaíl - dramhaíl núicleach san áireamh - as ospidéil agus as monarchana na hEorpa.
is cosúil
it seems
Cuireadh an cás i leith Rosen agus Weissman ar neamhní i mBealtaine na bliana seo, tar éis brú ón Teach Bán,
is cosúil.
is cosúil
it appears
An chaint a thug de Gaulle an tráthnóna sin ó stiúideo de chuid an BBC,
is cosúil nár chuala mórán daoine é.
ná a dhath cosúil leis
nor anything like it
Cé gur éirigh liom bail a chur ar mo shaol agus d’éirigh mé i bhfad ní ba tháirgiúla, ní sin le rá go bhfuil claochlú foirfe déanta agam,
ná a dhath cosúil leis.
cosúil leis
like
‘Níl an tírdhreach thart ar Cero Muriano a dhath
cosúil leis an tírdhreach i bpictiúr Capa’, arsa Susperregui ‘agus níl mé in aon amhras ach gur glacadh an pictiúr i Llano de Banda’.
cosúil le
similar to
Is cainteoirí Tuirciceacha iad na Uígir, rud a chiallaíonn go labhraíonn siad teanga atá
cosúil leis an Tuircis.
cosúil
le like
Ar ndóigh agus mé ag comhaireamh gach cianóige
cosúil le gach iníon mháthar na laethanta seo, cuireann a leithéid de nuacht gliondar ar mo chroí, ach tá blaisín den díomá tríd.
Is cosúil
it seems
Is cosúil go ndearna sé féinthruailliú ag deireadh an phíosa, agus i miotaseolaíocht na hamharclainne, deirtear gur dhúirt sé nuair a ceistíodh é faoi seo, gurbh é an “faune” a rinne é.
Is cosúil
it seems
Is cosúil go ndearna sé féinthruailliú ag deireadh an phíosa, agus i miotaseolaíocht na hamharclainne, deirtear gur dhúirt sé nuair a ceistíodh é faoi seo, gurbh é an “faune” a rinne é.
mhó ba chosúil le
more like
Tá an Presidio dúnta anois, agus í iompaithe ina páirc turasóireachta, agus an Embarcadero ina ceantar spaisteoireachta agus spraoi, ach is beag a athraíodh sna ceantracha sin go fóill, agus nuair a fheiceann tú long seoil ag bualadh tharat isteach i gCuan San Francisco, ba
mhó ba chosúil le 1909 é ná 2009.
ana-chosúil
very similar
Tá Gaillimh, gan dabht,
ana-chosúil le Ciarraí.
ba chosúil
it appeared
php) Ní mise an t-aon duine a bhí ag rothaíocht thar an droichead, ach
ba chosúil gur mise an t-aon duine a bhí fós sa diallait ar an mbóithrín beag géar do choisithe agus rothaithe a chuaigh suas go dtí an réise.
cosúil
similar
Tá formáid an CD ROM
cosúil leis an dá theideal eile Amhrán is Fiche agus Amhrán is Fiche Eile: bíonn focail an amhráin le feiscint ar an scáileán, le liathróidín ag imeacht roimhe ag léiriú cad iad na focail atá á rá; tá “backing tracks” ann chun go bhféadfadh tú na hamhráin a rá i stíl karaoke; tá aistriúchán Béarla de na focail ar fáil ar an CD; tá áis ann chun na focail a phriontáil amach; agus tá ceachtanna samplacha do mhúinteoirí ag léiriú an tslí a fhéadfaí úsáid a bhaint as na hamhráin sa seomra ranga.
ba chosúil
it seemed
Mary a bhí ar an líne agus ga seá inti,
ba chosúil.
Más gaolmhar ní cosúil
there’s no comparison despite the relationship
Más gaolmhar ní cosúil.
Is cosúil
it appears
Is cosúil gur coinníodh Keenan agus daoine eile ar nós Terry Anderson, Terry Waite agus John McCarthy ina ngialla chun brú a chur ar rialtais an Iarthair, an Bhreatain agus Stáit Aontaithe Mheiriceá go príomha, agus ar Iosrael scaoileadh le cuid de na príosúnaigh Mhoslamacha a bhí cuibhrithe acu.
is cosúla ná a mhalairt
it seems more than likely
In ainneoin na mbotún ar fad atá déanta aige; i ndiaidh go ndearna sé cac de gach buntáiste polaitiúil a bronnadh air le blianta beaga anuas,
is cosúla ná a mhalairt go mbeidh sé ina chéad Taoiseach eile.
cosúil le
like
Go mí-ábharach, b’shin é an lá céanna ar tháinig an IMF aniar aduaidh orainn
cosúil le feannadh an gheimhridh, lena bhfuil muid ag streachailt le seachtain anuas.
is cosúil
seemingly
**SMM: Carachtar a bhí i Joe Greenberg,
is cosúil?**
SÓD: (Gáire croíúil) Fear an-chineálta! An-scoláire, an-chineálta, ach carachtar ar bhealach, mar cuimhním ar an bhfear bocht agus é ag teacht amach as an leabharlann mhór ar an gcampas in Ollscoil Stanford.
is cosúil
it seems
Ar nós an dá thaobh a mhaítear ar gach scéal,
is cosúil go bhfuil dhá dhearcadh (ar a laghad) ar thíreolas iarthar na Briotáine, áit a tugtar ‘Finistère’, nó ‘deireadh na talún’ uirthi i bhFraincis, ach ‘Penn ar Bed’, a chiallaíonn focal ar fhocal ‘ceann an bheatha’, nó 'deireadh an domhain’ atá ar an áit sa mBriotáinis.
is cosúil
it appears
Ar a bhealach abhaile ón scoil an tráthnóna sin,
is cosúil gur chaith sé é féin amach san abhainn ó dhroichead i lár Romans-sur-Isère, baile atá céad ciliméadar ó dheas de chathair Lyon.
cosúil leis
similar to
Dúrt gur cheapas go raibh sé siúd tar éis teacht go hÉirinn,
cosúil leis an CAI mar ionadaí dos na Bainc mhóra, i ndáiríre, agus cheapas go rabhadar ag píonósú an ghnáthlucht oibre, daoine bochta, daoine dífhostaithe, daoine ar pinsean chun fiacha ollmhóra lucht specúiléireachta a íoc.
ana-chosúil
very similar
**SMM: Tá an dá ainm Líos Póil agus Liosbón
ana-chosúil lena chéile.
Is cosúil
it seems
Is cosúil nach raibh trácht ar bith ar an aontumhacht sna lámhscríbhinní is luaithe a bhaineann leis an Chríostaíocht.
Is cosúil
is seems
Ní Lia Tír ná Gnás
=========
Is cosúil nach scéal aonair mo scéalsa.
is cosúil
it seems
Pé ní faoi pholasaithe oifigiúla,
is cosúil go mb’fhéidir go bhfuil deighilt idir fhoclaíocht agus cur i bhfeidhm na rialach agus go bhfuil a leagan féin ag na réiteoirí air mar scéal.
Cosúil leis
similar to
Cosúil leis an gcnádán, caithfidh an t-aosach an-chuid ama ar an talamh agus má fheiceann tú an tEarc Luachra ag taisteal nó ag bogadh, mar lapadán, bíonn sé ag lámhacán.
ba chosúil
it seemed
Ach cén tionchar a bheadh ag seo ar an seanad?
Tionchar ar bith,
ba chosúil.
cosúil le him saibhir dubh
like rich black butter
Scríobhann Heaney sa saothar seo go raibh an portach
cosúil le him saibhir dubh, a d’oscail faoi do chois, gach sraith den ithir seo dlúth agus beo le fréamhacha cianda nach raibh deireadh leo.
Is cosúil
it appears
Is cosúil go bhfuil clú ar an mbaile, ní hamháin i measc mhuintir na Fraince ach sa Bhreatain agus sa Rúis chomh maith, de bharr íocshláinte fuaruisce na háite agus triall ag daoine ann dá bharr le breis agus dhá chéad bliain anuas.
Is cosúil
it appears
Is cosúil go bhfuil sraith teilifíse ann, agus ráchairt mhór uirthi in Éirinn, darb ainm *‘The Wire’*, faoin choimhlint idir dronganna sráide agus póilíní in Baltimore.
Is cosúil
it seems
Is cosúil gurb é an gortú do theannán na hioscaide an gortú is coitianta i measc imreoirí na gcluichí páirce, ach tá roinnt gortaithe eile a tharlaíonn go minic freisin, gortaithe don bhallnasc croiseach agus do bhallnasc an rúitín ina measc.
is cosúil
it seems
Má chaill na Gaeil oiread in imeacht na mblianta, de thalamh, bia, teanga, daoine agus ar na mallaibh arís, d’airgid, tithe agus d’óige na tíre,
is cosúil ar na daonáirimh go bhfuil corraíl tosaithe ina measc i réimse amháin daonnachta ar a laghad ar bith.
Cosúil leis
similar to
Cosúil leis an mBrasaíl, tá ar dhuine a dteastaíonn uaidh gunna a cheannach cead a fháil ó na póilíní.
cosúil le leithéidí
similar to people like
Léiríonn teideal an taispeántais go bhfuil sé d’aidhm aige scéal na nÉireannach abhus ina iomláine a chur ar fáil, seachas an dearcadh simplí seanda go raibh na hÉireannaigh go léir a tháinig chun na hAstráile
cosúil le leithéidí an Cheallaigh agus a mhuintire.
Is cosúil
it seems
(
Is cosúil nach cuimhin leo an cliseadh baincéireachta a bhuail a dtír féin fiche bliain ó shin agus a spreag iad chun teacht isteach san AE).
cosúil le madra
like a dog
Maidir leis an rón glas, breathnaíonn sé
cosúil le madra san éadan.
is cosúil
seemingly
**Cár rugadh thú?**
Ní ceist dheacair é sin a fhreagairt d'éinne,
is cosúil.
Ba chosúil
it seemed
Ba chosúil go raibh an lá ag na hamadáin.
an-chosúil le
very similar to
An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair?
Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá
an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
Is cosúil
it appears
Is cosúil go bhfuil scaipeadh mór na míonéan den Lucht Siúil ar fud na cruinne – sa Bhreatain, ar mhór-roinn na hEorpa agus i Meiriceá Thuaidh ach go háirithe.
cosúil le
similar to
Sa *Pygmalion*,
cosúil le gach saothair ón drámadóir seo, feictear na saintréithe le Shaw, na nathanna géara, an greann agus aoir shóisialta.
cosúil le cat caolsráide
like an alley cat
Tá sí
cosúil le cat caolsráide agus cuireann a scread sainiúil sráide i gcuimhne dúinn ar feadh an dráma gur den íosaicme í.
is cosúil
it seems
Agus fáilte chroíúil á cur roimh Eilís II (tuilleadh faoi san am atá le theacht),
is cosúil go bhfuil stát na 26 Chontae sásta an aimsir chaite a cur ar leataobh, agus ainneoin drochamhras a bheith ar náisiúnaithe ó thuaidh, aithníonn siad nach bhfuil buntáiste ar bith i bheith ag síoramharc ar chúl.
ba chosúil
it seemed
Bhí an-tóir,
ba chosúil, ag muintir na hÉireann ar chlár amháin darbh ainm “Glee”, faoi chlub siamsaíochta ardscoile in Ohio.
cosúil le glór ar ais ón tsíoraíocht
like a voice back from the grave
Agus níos fearr ná sin, tá dlúthdhioscaí dá cuid cainte ansin agus tá sé
cosúil le glór ar ais ón tsíoraíocht.
ní ba chosúla le
more like
Lár an tsamhraidh a bhí ann ar ndóigh ach mhínigh m’fhear céile dom go raibh an aimsir
ní ba chosúla le samhradh Éireannach an uair dheiridh a chaith sé féin an Nollaig ann.
Is cosúil
it seems
Ach ar chóir go ngearrfaí an cháin bhreise ar thithe (nó ar luach talaimh) ar ioncaim, ar chaiteachas (CBL), nó ar fhoinsí eile?
Is cosúil go bhfuil na heacnamaithe ar aon intinn maidir le cén cháin is mó a dhéanann dochar don fhás gheilleagair.
cosúil leis na mílte
like thousands
Lawrence Lowry, an t-ainm agus sloinne a bhí air; ainm Éireannach mar rugadh a athair, Robert Lowry, in Éirinn agus
cosúil leis na mílte Éireannach eile, fuair sé obair i measc na 'muilte dorcha diabhlaí' i Lancashire.
Is cosúil
it seems
"*
Is cosúil go bhfuil troid faoi úinéireacht na staire ag dul ar aghaidh.
an-chosúil
very similar
Mheas mé go raibh an dá thír seo ar thaobh eile na cruinne an-ghar do chéile agus
an-chosúil lena chéile um an dtaca sin.
is cosúil
it seems
*“More light!”* arsa an Chailleach Nuair a Bhí an Teach Trí Thine
============================
É sin ráite, feictear dom (agus tá Jarlath Burns, moltóir an rúin ag an gComhdhail Bhliantúil, ar aon fhocal liom
is cosúil) gur sa pheil is mó a bhíonn conspóidí maidir le cinntí réiteoirí agus maor i dtaca le riail na ‘cearnóige’ bige agus gur de thoradh conspóidí a tharla i gcluichí peile le cúpla bliain anuas a leasaíodh an riail.
Cosúil le han-chuid
similar to a lot
Cosúil le han-chuid dá scannán (*Alien, Thelma and Louise*) tá beirt bhan mar phríomcharachtair sa scannán seo.
ba chosúil go raibh
it seemed to be
Coláiste mar a Thuairisc?
=========
Cuireadh na mic léinn ag obair ar feadh laethanta fada ag iarraidh airgid ar dhaoine agus
ba chosúil go raibh siad mar chuid de phróiseas mór bailiúchán airgid, ní hionann is ionad oideachais.
cosúil le
like
I totter upon them everyday’*
Tá an leabhar lán le mná láidre a thacaíonn le Donna agus a threoraíonn í chun a leasa,
cosúil le lóchrann i lár anfa agus déanann an t-údar léiriú mothálach ar an dlúthpháirtíocht a bhíonn idir mná.
Ba chosúil le
it was like
Ba chosúil le faoistin an chéad chúpla seisiún.
is cosúil
it seems
"* Bíonn an milleán ar dhuine eile i gcónaí
is cosúil!
Barraíocht Ballasta
========
Ar ndóigh bhí sé de bhuntáiste ag fear Bhurma agus ag an bheirt Pholannach nár fhulaing siad galar Pheig, rud a d'fhágfadh nach mbeadh sé de chumas acu an teanga a fhoghlaim go brách.
is cosúil
it seems
Níl foilsitheoirí na Gaeilge róthógtha le haiku,
is cosúil.
is cosúil
apparently
Má ba shlat tomhais ar ghnóthaí tráchtála é soláthar an pháipéir leithris in am amháin,
is cosúil nach gá do mhuintir an AE a bheith buartha.
is cosúil
it seems
Do réir na dtuairiscí,
is cosúil go bhfuil laghdú áirithe tagtha ar ghnó na gColáistí Samhraidh sa Ghaeltacht an samhradh seo.
is cosúil
it seems
Riail daingean sa pholaitíocht is ea é go mbíonn buntáiste ag an sealbhóir i gcónaí, agus más ea,
is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar leis an Uachtarán Barack Obama, agus go n-éireoidh leis fanacht in oifig go ceann ceithre bliana eile, ach ní gá do dhuine ar bith, an tÉireannach san áireamh, breathnú siar rófhada i dtoghcháin uachtaránachta chun feiceáil nach ag an iarrthóir tosaigh i gcónaí a bhíonn an bua!
Ach tá dúshlán faoi leith roimh na Poblachtánaigh i mbliana.
Meallann airgead cúnamh, is cosúil
money accrues help, it seems
Meallann airgead cúnamh, is cosúil.
is cosúil
it seems
Chomh maith leis sin
is cosúil nach bhfuil aon rún ag Henry Ó Seibhleáin éirí as a bheith ag crá freasúraí i bhfad is i ngearr go ceann tamaill eile ar aon nós.
cosúil le néal
like a cloud
Ar na gúnaí is mó a thaitin léi, tá ceann atá
cosúil le néal.
atá cosúil le marcaíocht ar chapall
similar to horse riding
Feictear PSY, nó Jae-sang mar is fíorainm dó, gléasta go kitschúil i suíomhanna éagsúla agus é ag déanamh damhsa
atá cosúil le marcaíocht ar chapall.
cosúil leis an mbeithíoch
like the beast
Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch á rá: “Cé atá
cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?” Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead.
Is cosúil
it seems
Is cosúil go bhfuil 270,000,000 gunnaí sna Stáit Aontaithe - beagnach ceann do gach fear, bean, agus páiste sa tír.
Is cosúil
it seems
An ‘Grá’ Aduaidh
=======
Is cosúil go bhfaighidh Baile Átha Cliath blaiseadh den chur chuige dílseach seo agus é fógartha go bhfuil "níos mó ná 150 dílseoir" le dul go BÁC am éigin an mhí seo le héileamh go n-ísleofaí bratach na hÉireann os cionn Teach Laighean.
cosúil leis ar an fhód
similar to him alive
, bhraith sé nach raibh mórán eile
cosúil leis ar an fhód.
is cosúil
it seems
Ó am go chéile,
is cosúil, d’fheictí an diabhal féinig i Halla Rince an ‘Majestic’ i Maigh Eala, sa ‘Lilac’ in Inis Céin, ins an ‘Arcadia’ - ardeaglais na drúise sa chathair - nó sa ‘Majorca’ págánta i mBun an Tábhairne cois cuain.