Agus Corn an Domhain 2014?
=============
Cá bhfios cén fhaid eile a mhairfidh an t-achrann sa Bhrasaíl, ach muna n-éiríonn le rialtas na tíre cur ina luí ar an bpobal go bhfuiltear dáiríre leis na moltaí feabhas a chur ar sheirbhísí iompair, sláinte, oideachais agus póilíneachta, is féidir brath air go
dtarlóidh corraíl den chineál céanna le linn Chorn Domhanda na bliana seo chugainn.