I measc na rialacha bhí an méid seo: an pháirc a bheith 150 slat ar fhad; cosc ar bhrú, ar tharraingt agus ar
chor coise a chur ar dhuine; b'ionann cúl agus an liathróid a thiomáint faoin trasnán sa chúl; níor cheadmhach an camán a úsáid ach amháin chun an liathróid (ní raibh tagairt do "shliotar") a bhualadh nó a imirt agus chun go bhféadfadh an t-imreoir é féin a chosaint.