an luisne shíoraí
the continual glow
Oireann an dea-aimsir seo go breá dó nó ní thugtar aird ar bith ar
an luisne shíoraí a bhíonn ar a ghnúis chruinn fhiata.
ar bhonn leanúnach,
on a continual basis,
”MaoiniúAgus Darach ag tagairt thuas don chomplacht a bheith ag éirí níos rathúla, is é ceann de na rudaí atá i gceist aige ná gur fhógair an Chomhairle Ealaíon i mí Eanáir na bliana seo go mbeidís ag tabhairt tacaíochta d’Fhíbín
ar bhonn leanúnach, rud atá ina fhaoiseamh mór dóibh.
trí mheasúnú leanúnach
through continual assessment
Déantar measúnacht ar obair na mac léinn
trí mheasúnú leanúnach seachas scrúduithe, rud a thugann deis do mhic léinn obair an chúrsa a nascadh lena gcuid oibre féin.
leanúnach
continual
Tá obair
leanúnach ar bun leis an gcóras a leasú is a fhorbairt, óir tá sé óg go maith, go fóill, mar chóras.
meath leanúnach
continual decrease
Ar ndóigh ní inniu ná inné atá an
meath leanúnach atá tagtha ar chéatadán na bhfear atá ag múineadh i mbunscoileanna na tíre ina chnámh spairne polaitiúil.
maistíneacht leanúnach
continual bullying
Cleachtaíonn a chompánaigh scoile
maistíneacht leanúnach air.
leanúnacha
continual
An mbeidh an margadh sásta cúrsaí i Stair na Meánaoise nó sa Teangeolaíocht a mhaoiniú?
Chuir stailceanna
leanúnacha deireadh le ranganna agus le léachtaí i dtuairim is dhá thrian d’ollscoileanna na Fraince ó mhí Eanáir 2009 i leith.
leanúnacha
continual
Ní gá dó bachaint le scéalta
leanúnacha na glúine twitter.
leanúnach reatha
continual and current
’Rabhadar pósta dáirire uair amháin? ’Raibh mac acu? Tá orainn brí nua a shamhlú agus athbhreithniúnas
leanúnach reatha a dhéanamh ar fhianaise ár súl agus ár gcuimhne.
tSíorchogaíocht
continual war
An
tSíorchogaíocht nó Cainteanna
===============
Meastar go bhfuil sa bhreis ar $6 billiún caite ag an Astráil san Afganastáin le linn na naoi mbliana anuas, agus caithfear $1.
chosaint leanúnach inmheánach
continual internal defence
Ídeoidh an
chosaint leanúnach inmheánach fuinneamh na heagraíochta chomh mór sin go gcloífear í de réir a chéile.
tagairt leanúnach
continual reference
Ina ainneoin an taighde seo, diúltaíodh aitheantas don ghaelscoil do Mheán Fómhair 2010 agus, ar an 17 Nollaig 2010, do Mheán Fómhair 2011!
Fás nó Feo?
======
Labhraítear go minic faoi thábhacht na scoileanna lán-Ghaeilge do thodhchaí na teanga agus déantar
tagairt leanúnach do ‘fás na ngaelscoileanna’.
leanúnach
continual
Tá sé
leanúnach anois againn, gach Máirt.
bhrú leanúnach
continual pressure
Ba faoin Lucht Oibre a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi
bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
síorfhiosrúcháin
continual inquiries
Tá sé aitheanta ag gach duine taobh amuigh de Chumann na nOifigeach Príosúin go bhfuil an tSeirbhís Príosúin ó thuaidh mífheidhmiúil de réir ceann de na
síorfhiosrúcháin, go bhfuil barraíocht daoine ag obair inti ar fhoireann a chumann a cuid rialacha féin (druideadh dhá chumann sóisialta mídhleathacha ar thailte dhá phríosún an mhí seo) agus nach dtig, le teann mhíchumas na foirne céanna, cimí a athshlánú.
bhrú leanúnach
continual pressure
Ba faoin Lucht Oibre sa gcás sin a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi
bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
leanúnach
continual
Má thuigeann daoine a chéile ar bhealach
leanúnach, mar sin tá córas de short éigin ann.
síorchaint
continual talk
Nuair a toghadh Bobby Sands ina fheisire i bhFear Manach/ Tír Eoghain Theas ar 9ú Aibreán 1981 le líon níos mó vótaí (30,493) ná an méid a fuair Margaret Thatcher i Finchley (20,918 san olltoghchán i 1979) , bhí muid ag súil le athrú mana ó ‘mháthair na bparlimintí’, áit a mbíodh
síorchaint faoin daonlathas agus
síorchaint ar sceimhlitheoireacht ann gcónaí.
leanúnach
continual
Báisteach throm,
leanúnach á tiomáint ag gaoth láidir, fhuar.
tsíorchoimhlint
continual rivalry
Faoi láthair ní bhíonn ann ach an
tsíorchoimhlint idir an dá pháirtí mhóra.
tsíorchoimhlint
continual rivalry
Tá cur síos paiteanta déanta ag an chraoltóir Bob Quinn ins an leabhar Maverick ar an
tsíorchoimhlint idir baill boird agus feidhmeanaigh chomhlachta stáit.
síor-idirdhealú seo
this continual distinction
Cé go dtaitníonn an riaradh ionannais agus an
síor-idirdhealú seo go mór le daoine áirithe – an lucht acadúil fágaim – tá a thuilleadh atá amhrasach ina thaobh.
leanúnach
continual, constant
Bhí sé
leanúnach.
fostaíocht leanúnach
continual employment
Shíl sé, mar a shíl a lán eile cosúil leis, go raibh margadh maith déanta aige, agus deimhníodh an tuairim sin dó nuair a d’éirigh leis iasacht airgid a fháil óna bhanc gan mórán stró, ainneoin nach raibh
fostaíocht leanúnach aige ag an am.
méadú leanúnach
a continual increase
Is ábhar dóchais é chomh maith go bhfuil
méadú leanúnach sa líon tuismitheoirí a deir go bhfuil Gaeilge ag a gcuid páistí réamhscoile, páistí san aoisghrúpa 3 – 4 bl.
bhrú leanúnach
continual pressure
An Chith a d’Fhliuch gach Roinn Stáit
================
Tharla neamart na nGardaí i gceantair ar nós Ghaoth Dobhair ag am nuair atá an teanga faoi
bhrú leanúnach sa Ghaeltacht.
síorbháisteach abhus
a continual downpour
Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste le
síorbháisteach abhus i gCorca Dorcha, céard eile atá le cailleadh againn!
Múinimis do mhuintir an tsaoil bhraonaigh gur cuma faoin bhraon anuas agus faoi ghadaíocht ár gcuid airgid nuair is féidir leat ceol, braon a ól le STUAIM, agus taitneamh a thabairt do chomhluadar an daoine eile, an ‘chuileachta’ mar a deirid ó dheas.
bítear ag síorghearán
one hears continual complaint
An rud nach bhfuil leigheas air caithfear cur suas leis, deir siad, ach d’ainneoin sin,
bítear ag síorghearán sa tír seo samhradh i ndiaidh samhraidh faoin easpa gréine.
an mbaint leanúnach
the continual connection
Déanann Noone cur síos sna codanna eile ar an bhaint a bhí ag Astrálaigh le gluaiseacht na hathbheochana, agus leis
an mbaint leanúnach atá acu faoi láthair leis an teanga.
brú seasta
continual pressure
Tuigim go bhfuil
brú seasta ón mBéarla agus go bhfuil sé deacair gan ghéilleadh anois is arís don nath cainte nó don choincheap a thagann go saoráideach ón mBéarla.
Tá tochailt leanúnach ar siúl
there’s a continual dig going on
Tá tochailt leanúnach ar siúl san eaglais faoi láthair agus tá cuid de na hiarsmaí seo le feiceáil inniu.
leanúnach gan stad gan staonadh
continual with no let up
Chuir na breithimh dhá rud ar leith fé scrúdú, ’sé sin fulaingt gan fuascailt na mná féin, fulaingt
leanúnach gan stad gan staonadh dar léi féin, agus os a choinne sin, dualgas an Stáit an saol daonna a chosaint trí choscanna a chuireann bac os comhair iad san a dhéanann iarracht lámh a chur ina mbás féin.
an síorathrú seo
this continual alternating
Fágann
an síorathrú seo go mbíonn na comhlachtaí éadaí réidh leis an táirgeacht a mhéadú – nó a laghdú – go tobann de réir na ráchairte atá ar na táirgí.
leanúnach
continual
”
Cealú Guthanna
=======
“Is próiseas
leanúnach é”, dúirt Collins linn, agus labhair sé faoin obair a dhéanann The British-Irish Council agus The British-Irish Parliamentary Assembly.
dtabharfaí tréith eile leanúnach fé dheara
another continual trait would be noticed
Dá léifí breithiúnais Hogan go stairiúil áfach, ní foláir nó go
dtabharfaí tréith eile leanúnach fé dheara ina chuid scríbhneoireachta, agus sin easpa íoróine atá bunaithe ar thírghrá simplí.
agus é faoi scrúdú leanúnach
under continual scrutiny
Taobh istigh d’achan ‘chillín’ acu feictear samhaíl mhillteanach de Ai Wei Wei, dingthe isteach sa spás beag
agus é faoi scrúdú leanúnach ag beirt de lucht a ghabhála.
nach réiteach ar an doineann í an síorthógáil
continual building would settle the bad spell (of weather)
Shílfeá nár fhoghlaim muid ceacht ar bith ón ghéarchéim airgeadais reatha sa mhéid is
nach réiteach ar an doineann í an síorthógáil.
modh, insint leanúnach is fealsúnacht
style, a continual narration and philosophy
Dar leis an bhFrancach seo, bhí trí riachtanais ag baint le gach leabhar staire, ‘
modh, insint leanúnach is fealsúnacht’.
meath leanúnach tagtha ar líon léitheoireachta
a continual fall off in the number of readers
Léiríonn figiúirí ón Audit Bureau of Circulation go bhfuil
meath leanúnach tagtha ar líon léitheoireachta phríomhnuachtáin na hÉireann agus dhruid nuachtáin aitheanta ar nós an *Sunday Tribune* agus *Irish Daily Star Sunday* le dornán blianta anuas.
Tá síor-éiginnteacht an ealaíontóra
the continual uncertainty of the artist
Tá síor-éiginnteacht an ealaíontóra ina chuid thábhachtach de shaol Úna.
cur síos gan stad gan staonadh
a continual description without let up
Rinne sé
cur síos gan stad gan staonadh ar ionsaithe éagsúla na haicíde.
fadhbanna leanúnacha
continual problems
Mar sin féin deirtear sa réamhrá leis an anailís ón bhForas nach mbeadh sé ‘de chumas ag Foras na Gaeilge díriú ar nuachtán seachtainiúil clóite a fhoilsiú le haon deontas ónár n-acmhainní teoranta agus na
fadhbanna leanúnacha a bhaineann le dáileadh fós gan sárú’.
mí-úsáid mhíthrócaire, bhreoite, chruálach, leanúnach
merciless, sick, cruel, continual abuse
Lupita N’ygong’o – ‘Patsey’, an sclábhaí óg mná a phioc 500 punt chadáis in aghaidh an lae chun ‘fanacht istigh’ le Ebbs, an té a rinne
mí-úsáid mhíthrócaire, bhreoite, chruálach, leanúnach uirthi.
théama leanúnach
a continual theme
Ina saothar ceoil is filíochta, bhí ceist an chiníochais mar
théama leanúnach aici agus d’aithin DiFranco, ar de shliocht na hIodáile í, áit na nGormach i sochaí agus i scéal Mheiriceá agus cháin sí an ciníochas go géar agus go fíor-rialta.
an ngluaiseacht shíoraí sin
that continual movement
Bíonn ár súile ag lorg an ball sin ar an leathanach agus tugtar “*sacchades*” ar
an ngluaiseacht shíoraí sin.
brú leanúnach á chur ar
continual pressure being place on
Bhí
brú leanúnach á chur ar an fhoireann chuairteora, Adelaide United.
thagann an t-athrach ar an athrach
there’s continual change
Tionscal é na meáin chumarsáide a
thagann an t-athrach ar an athrach i bhfaiteadh na súl agus is mairg don té a bhíonn ina chodladh go headra ó thaobh na teicneolaíochta de.
leatrom leanúnach á dhéanamh
a continual in-equality in practice
An easpa Críostaíochta agus spioradáltachta atá go forleathan san Iarthar – na tíortha ar maos le pornagrafaíocht, caimiléireacht stáit, mímhacántacht agus
leatrom leanúnach á dhéanamh ar mhná agus ar pháistí - is fearr dóibh fanacht mar atá siad san iargúil, fiú más bochtaineacht, aineolas agus sceon atá mar thoradh air.
meastúchán leanúnach
continual assessment
Creideann Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil fiúntas ag baint le moltaí Ruairí Quinn i leith an chóras oideachais, go ndéanfaí leasú ar na scrúduithe agus go mbainfí níos mó usáid as
meastúchán leanúnach déanta ag múinteoirí ar a gcuid scoláirí féin.
an t-athrú scéil a bhíonn ag titim amach i rith an ama
the continual changing circumstances
Is spéis le Tony Birtill
an t-athrú scéil a bhíonn ag titim amach i rith an ama i dtuairimí aos seandálaíochta na Breataine agus na hÉireann.