Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gheimhreadh fuar na hilchríche the cold continental winter
" Tá tíortha áirithe in oirthear na hEorpa atá i dtuilleamaí an gháis sin go huile is go hiomlán agus le linn an choisc bhí na céadta míle duine fágtha gan teas i lár gheimhreadh fuar na hilchríche.
mhór-roinn na hAfraice continental Africa
" Nó scéal Benedict XVI agus úsáid coiscíní ar mhór-roinn na hAfraice.
Mhór-Roinn na hEorpa continental Europe
" Cuid de na tíortha is neartmhaire ar Mhór-Roinn na hEorpa tá siad i gcogadh le chéile; agus, ins an am chéadna, tá ceisteanna troma poilitíochta agus cruadh-bhearta eacnomaíochta le réiteach againn féin annseo sa bhaile.
na hilchríche continental
" Thit báisteach an mhonsúin sa cheantar in aice le Murascaill Carpentaria ar chósta thuaidh na hilchríche, ach rith an t-uisce ó dheas tríd an limistéar fíorthirim sa lár ar a dtugtar an Channel Country - Tír na Srúillí.
mhór-roinneach continental
" Go pearsanta, níl aon ghrá mór agam do na siopalanna seo, ach tá gá leo in áiteanna le haeráid ‘mhór-roinneach’ cosúil le Minneapolis, inar féidir leis an teocht titim chomh híseal le -30 Celsius sa gheimhreadh agus éirí chomh hard le 40 Celsius sa samhradh.
mhór-roinn na hEorpa continental Europe
" Ní luaitear go minic gur de shliocht na Gearmáine a shíolraíonn clann ríoga na Sasana, dálta clanna ríoga eile ar mhór-roinn na hEorpa.
Margadh na Mór-Roinne the Continental Market
" Bhí cuma dheas ar na soilse i lár na cathrach, Margadh na Mór-Roinne faoi lán tseoil ar thailte Halla na Cathrach agus dúscaifte ag rith thart mar a bheadh seangáin ann, ag iompar cumhráin, carbhat, bréagán agus an uile chineál pronntanais.
ionradh na Mór-Roinne the Continental invasion
"ionradh na Mór-Roinne ar a bhonnaí cearta anois, tá drad an Iarthair nochta agus tá na mílte curtha i mbun slad ar a chéile mar is toil leo, ó Libia go Máilí.
staidreamh sin na Mór-Roinne the continental statistics
" *”? Theip orthu líne chuí a tharraingt idir achainí Mrs Fleming agus staidreamh sin na Mór-Roinne.
de chuid na Mór-Roinne continental
" B’é seo an leabhar ina ndearna Ó Cadhain gearán mar gheall ar theip na Gaeilge nascanna intleachtúla dáiríre nua-aimseartha a chruthú le saothar liteartha de chuid na Mór-Roinne.
tréimhse eadarchogaidh na mór-ranna continental interwar period
" Fiú sa tréimhse eadarchogaidh na mór-ranna bhí Salvador Dali ag léiriú spéise i ndomhan an fhaisin.