Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Suarach contemptible
" "Suarach" agus "masla" a thug daoine eile air, ina measc bean atá ag lorg airgid lena hathair atá anois 75; tógadh óna mhuintir féin é nuair a bhí sé 13 agus chaith trí bliana déag ag obair ar fheilm agus gan pingin pá aige dá bharr.
ba shuarach it was contemptible
" Ba thruamhéalach an ráiteas a cuireadh amach gur “comhoibrithe leis an namhaid” a bhí sna fir pizza agus ba shuarach é daoine a mharú in imeacht chomh coitianta sin, ag glacadh le greim gasta.
ba shuaraí most contemptible
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
suaracha contemptible
" Creideann cuid mhór daoine - mé féin ina measc - gur cuspóir uasal é sin ach go bhfuil sé faoi smál ag modhanna suaracha lucht an fhoréigin.
suaracha mean, contemptible
" Tá go leor daoine sásta scéalta suaracha faoi dhaoine cáiliúla a léamh, beag beann ar na healaíona dorcha a úsáideadh le teacht orthu.
shuarach contemptible
" Gan amhras, níl ciall ar bith, geilleagrach, cultúrtha nó polaitiúil leis an chinneadh shuarach seo.
mhaslach shuarach insulting and contemptible
" Chuir Máire Óg ar shúilibh Myers gur bholscaireacht dhubh Basil Clarke an méid a dúirt sé, agus nár mhaise do Myers ná don *‘Irish Times’* ocsaín na poiblíochta a thabhairt do shíoltheagasc phríomhbhréagadóir Fhaisnéis Mhíleata na Breataine in Éirinn sa bliana 1920, amhal dá mba fhíric na staire a bhí á foilsiú acu, seachas bréag mhór mhaslach shuarach.
champa suarach mianadóireachta sin this contemptible mining camp
" Ach bhí oilithreacht níos uilí á heagrú ag Langrishe freisin ós rud é gurbh eisean taidhleoir an ardchultúir, an tsiamsa agus an oideachais sa champa suarach mianadóireachta sin.