Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na tógála construction
" Tá fórsaí an mhargaidh ag obair go tréan san earnáil phríobháideach, go háirithe in earnálacha na tógála agus na teicneolaíochta, agus is cinnte go bhfuil an caighdeán maireachtála ardaithe sa tír ina hiomláine.
thionscal na tógála the construction industry
" Ansin i 1962, ag am a raibh borradh faoi thionscal na tógála, bhunaigh sé comhlacht darbh ainm Edilnor.
le linn na tógála during the construction
" Meastar go mbeidh 2,700 post ar fáil le linn na tógála agus timpeall 50 post buan nuair a bheas sé críochnaithe.
thionchar dhul an Bhéarla the influence of English constructions
" ” Tá mo sháith ráite agam!” Cé go bhfuil a sháith ráite ag Laoch na Litríochta níl a leordhóthain scríofa aige go fóill, nó tá sé chomh corraithe sin faoi thionchar an Bhéarla agus faoi thionchar dhul an Bhéarla ar theanga ársa na hÉireann go bhfuil sé ar tí leabhar gramadaí agus comhréire dá chuid féin a fhoilsiú.
borradh san fhoirgníocht. the growth in construction
" Sea, sín í an fhadhb ba mhó a bhí againn – an borradh san fhoirgníocht.
foirgníocht tráchtála commercial building construction
" D’admhaigh an Rialtóir anuraidh gur fá choinne foirgníocht tráchtála a bhí 87% d’iasachtaí na bliana sin.
foirgníocht building style/construction
" Is gréasán é cultúr an duine, gréasán a chuimsíonn teanga, uimhríocht, scríobh, feisteas, ceardaíocht, ailtireacht is foirgníocht, nósmhaireacht díola is ceannaithe, mórán eile nach iad agus cuimsíonn sé gach gné den tsochaí a mbeidh lámh ag an duine ann, cnáimhseáil, cúbláil, luadráil, pleanáil, srl.
ar aon cheardaíocht leo they were of similar construction
" Agus cé nach dóichí go raibh báid na nGael ar aon chruth leo, bhí siad ar aon cheardaíocht leo nó is slatracha agus craiceann atá iontu.
dhul an Bhéarla following the English construction
" Is minic daoine ag gearán faoi dhul an Bhéarla a bheith ar an nGaeilge a labhraítear na laethanta seo ach tá go leor daoine buartha faoi thionchar na teanga sin ar an nGearmáinis chomh maith, Christoph Wendler ina measc.
tógáil píblíne gháis the construction of a gas pipeline
" Tá Breandán Delap den tuairim go bhfuil an Rialtas tar éis loic go mór ar chúigear Ros Dumhach, na fir as Maigh Eo atá sa phríosún ó bhí deireadh mhí an Mheithimh ann de bhrí go ndearna siad iarracht stop a chur le tógáil píblíne gháis trína gcuid talún.