Shíl mé go mbeadh anailís costais is tairbhe ann mar aon le réamh-mheastachán faoin bhuntáiste a bhainfeadh an teanga as cuideachtaí a chónascadh nó a chomhchuimsiú agus as athstruchtúrú iomlán a dhéanamh ar na heagraíochtaí deonacha.
BD: An bhfuil cuairt ríoga ó Bhanríon Shasana mar thosaíocht ag d’Oifig?
Uachtarán na hÉireann: Is í an tosaíocht is mó atá agam ná forbairt agus daingniú a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach againn i bpróiseas na síochána ó thuaidh, neartú na nasc agus na ngréasán trasteorainn, agus cothú na gaolmhaireachta measúla atá ann idir Éirinn agus an Bhreatain.