Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an Chomhdháil Congress
" Anois níl an Chomhdháil chun a leithéid a dhéanamh ná baol air, go ceann tamaill fhada ar aon nós; rud a thuigeann George go maith.
an Chomhdháil Congress
" Lena chois sin, tá céim mhór chun tosaigh tógtha ag an Chomhdháil - tá $28 billiún á chur ar fáil sna trí bliana atá amach romhainn chun clúdach sláinte breise a chur ar fáil dóibh siúd gan árachas - suim atá níos airde ná an tsuim a mhol an tUachtarán Bush.
Comhdháil na Stát Aontaithe US Congress
" Ghlaoigh Comhdháil na Stát Aontaithe ar Skilling, iar-CEO Enron, chun fianaise a thabhairt ach mhaígh seisean nach raibh cuimhne aige ar shonraí na n-imeachtaí a tharla sular theip ar an chomhlacht.
an Chomhdháil Congress
" Cé acu is breá leat é nó gur gráin leat é, is gá an méid seo a admháil: ní hamháin go bhfuil sé ag troid cogaidh i gcoinne na sceimhlitheoireachta, a bhféadfadh iarmhairtí a bheith aige ar bhonn idirnáisiúnta ar feadh na scórtha bliain, bhí sé ar chúl an mhórbhua pholaitiúil a fuair a pháirtí Poblachtánach i mí na Samhna, a thug smacht ar an Chomhdháil dóibh.
Chomhdháil Bhliantúil an Chumainn Lúthchleas Gael the GAA's Annual Congress
" Agus gan ach thart ar mhí le dul roimh Chomhdháil Bhliantúil an Chumainn Lúthchleas Gael, tá níos mó brú ná riamh ar údaráis an CLG Riail 42 a chur ar ceal agus sacar agus rugbaí a cheadú den chéad uair riamh i bPáirc an Chrócaigh.
in dhá Theach na Comhdhála in the two Houses of Congress
" An Eite Dheas Chráifeach agus an Páirtí Poblachtach ======= De réir *Theocracy Watch*, tá an Eite Dheas Chráifeach níos láidre ná mar a bhí riamh; tá éirithe leo líon na mball atá acu sa Pháirtí Poblachtach a mhéadú, agus tá tromlach ag an pháirtí sin anois in dhá Theach na Comhdhála agus uachtarán coimeádach curtha acu sa Teach Bán.
an Chomhdháil Congress
" Díreach roimh an toghchán don uachtaránacht le gairid, scríobh comhghuaillíocht de ghrúpaí Gael-Mheiriceánacha litir oscailte chuig an Chomhdháil.
sa Chomhdháil in Congress
" I mí na Nollag 2005 is beag nár diúltaíodh don acht go léir sa Chomhdháil chéanna.
dhlíthe na Comhdhála the laws of Congress
" Mar shampla, tá ceart crosta ag Seanad Mheiriceá ar cheapacháin uilig an Uachtaráin, mar a fuair na breithiúna Harriet Miers agus Samuel Alito amach le déanaí agus iad ag cur isteach ar shuíocháin i gCúirt Uachtarach na tíre, ach tá an ceart crosta féin ag an uachtarán ar dhlíthe na Comhdhála.
Feisirí Members of Congress
" Roghnaíonn an t-uachtarán cúigear déag dá chomh-aireacht, ach ní gá do bhaill na comh-aireachta a bheith ina bhFeisirí in aon chor.
i gComhdháil na Stát Aontaithe in the US Congress
" Agus é ina cheannaire ar an bPáirtí Poblachtánach i gComhdháil na Stát Aontaithe, cúisíodh é i gcomhcheilg agus éillitheacht.
i gComhdháil na Stát Aontaithe in the US Congress
" Agus é ina cheannaire ar an bPáirtí Poblachtánach i gComhdháil na Stát Aontaithe, cúisíodh é i gcomhcheilg agus éillitheacht.
le caoinchead a gComhdhála agus a Seanaid féin with the kind permission of their own Congress and Senate
" Le cois seo, chuir na Stáit Aontaithe, le caoinchead a gComhdhála agus a Seanaid féin, dlús le lastais armais nua a sheoladh go hIosrael.
i dtoghchán meántéarma na Comhdhála in the mid-term Congress election
" I 1993, bunaíodh grúpa beag darbh ainm Project for the Republican Future (PRF) agus é mar sprioc acu bua a bhaint amach i dtoghchán meántéarma na Comhdhála i 1994.
a dhíotáil binse fiosraithe Comhdhála le déanaí who was recently indicted by a Congress tribunal of inquiry
" Bolton, ar ambasadóir Mheiriceá ag na Náisiúin Aontaithe é anois, Donald Rumsfeld, atá anois mar Rúnaí Cosanta Mheiriceá, Paul Wolfowitz, iar-Rúnaí Cosanta Mheiriceá, agus Lewis Libby, státseirbhíseach in oifig an leasuachtaráin, a dhíotáil binse fiosraithe Comhdhála le déanaí as leabhar éithigh a thabhairt.
a mhol an t-uachtarán don Chomhdháil which the president proposed to Congress
" Céastar príosúnaigh de chuid na Stát Aontaithe anois, agus, má rithfear bille a mhol an t-uachtarán don Chomhdháil an tseachtain seo caite, ceadófar céasadh as seo amach agus ní thabharfaidh Meiriceá aitheantas do Choinbhinsiún na Ginéive níos mó.
i gComhdháil na tíre, in the country's Congress
" Creideann Poblachtánaigh go gcaillfidh siad a gcumhacht i gComhdháil na tíre, rud a chinnteoidh go bhfágfar an uachtaránacht bacach éagumasach go dtí an chéad toghchán uachtaránachta eile in 2008, agus creideann na Daonlathaigh nach mbuafaidh siad go leor suíochán chun an ruaig iomlán a chur ar na Poblachtánaigh.
coiste comhdhála a congress committee
" Moladh sa tuarascáil, a scríobh coiste comhdhála ón dá pháirtí, go dtosódh na Stáit Aontaithe ag labhairt leis an tSiria agus leis an Iaráin, agus é mar aidhm ag na Stáit Aontaithe a dtrúpaí a tharraingt siar ar bhonn síochánta.
baill de Chomhdháil na Stát Aontaithe members of the US Congress
" Ag an leibhéal is airde – an leibhéal feidearálach – oibríonn an tír mar aonad amháin, agus is ar an leibhéal seo a thoghtar an t-uachtarán, baill de Chomhdháil na Stát Aontaithe agus na seanadóirí a shuíonn sa chomhdháil sin in Washington.
a tugadh os comhair Chomhdháil na Stát Aontaithe which was given in front of the US Congress
" Agus de réir fianaise a tugadh os comhair Chomhdháil na Stát Aontaithe sa bhliain 2001 le linn éisteachta a bhain le hoibríochtaí rúnda san Afraic, bhí baint mhór ag Templesman leis an éagobhsaíocht atá i gceist i dtíortha éagsúla ar fud na hAfraice ó thús na gcaogaidí ar aghaidh – Ruanda agus an Congó ina measc.
Chomhdháil Congress
" Tar éis brústocaireacht dhian a rinne lucht Wall Street ar Chomhdháil na Stát Aontaithe, a lean ar feadh blianta agus arbh fhiú na milliúin dollar é, chuir an tUachtarán Bill Clinton a shíniú leis an Acht um Nuachóiriú Seirbhísí Airgeadais ar an 12ú Mí na Samhna, 1999.
gComhdháil Ghiúdach Dhomhanda the World Jewish Congress
" Ba iad muintir Bronfman (atá i gceannas ar an gComhdháil Ghiúdach Dhomhanda) i gCeanada, ar leo Seagram & Sons, ba mhó a rinne go maith as an smugláil alcóil i bpáirtíocht leis an mbithiúnach Giúdach míchlúiteach Meyer Lansky.
gComhdháil Congress
" Dúirt Cynthia McKinney, iarrthóir an Pháirtí Ghlais sa toghchán uachtaránachta i 2008, in agallamh ar na mallaibh nach raibh ach triúr nó ceathrar, nó cúigear b’fhéidir, as 535 ball i gComhdháil SAM a bhíonn sé de mhisneach acu vótáil in aghaidh Iosrael.
Comhdháil Uígireach an Domhain the World Uyghur Congress
" Ba sa Tuirc a tháinig an Ghluaiseacht sin chun an tsaoil agus ba sa Ghearmáin a bunaíodh Comhdháil Uígireach an Domhain i 2004.
Comhdhála Congress
" Tapaíonn feisirí agus seanadóirí na Comhdhála an sos míosa, agus filleann siad abhaile go dtína dtoghcheantair timpeall na tíre.
os comhair na comhdhála before Congress
" Agus an t-alt seo á scríobh, tá Seanad na Stát Aontaithe tar éis vóta a chaitheamh a chuirfidh deireadh le díospóireacht faoi bhille sláinte "comhréitithe", a chuir an Páirtí Poblachtánach (a bhfuil 40 ball acu sa seanad) chun tosaigh mar mhalairt ar an mbille sláinte a chuir rialtas Obama os comhair na comhdhála leath bliana ó shin.
chomhdháil congress
" Tugann an t-uachtarán aitheasc faoi staid na haontachta os comhair tithe chomhdháil Mheiriceá agus breithiúna na Cúirte Uachtaraí ag deireadh mhí Eanáir gach bliain.
comhdhála of congress
" Thosaigh gluaiseacht na Tea Parties i mí Feabhra 2009 nuair a thograigh infheisteoirí baile (daoine a dhéanann infheistíocht óna dtithe féin), a chaill go leor sa teip airgeadais sna míonna beaga roimhe sin, málaí tae, mar chomharthaí díspeagtha, a sheoladh chuig na comhaltaí comhdhála a vótáil ar son an phacáiste tarrthála ollmhóir do na bancanna agus do na comhlachtaí móra a bhí ar tí teip.
Chomhdháil Congress
" Idir dhá cheann na meá, beidh 37 suíochán Seanaid (as 100), 39 gobharnóireacht, agus 435 suíochán sa Chomhdháil (’sé sin, iad go léir).
Chomhdháil Congress
" ”* Na Cathaoirligh le hIosrael ============= Ní hionann agus formhór na Meiriceánach, tuigeann Netanyahu go maith an smacht atá ag rialtas Iosrael ar Chomhdháil SAM.
gComhdháil Congress
" ”* Rinne na Síónaigh dianstocaireacht ar an gComhdháil, chothaigh siad na Síónaigh “Chríostaí,” agus bhunaigh siad meithleacha smaointe a chothaigh eagla roimh Ioslam mar bhagairt don Iarthar Domhain.
chomhdháil congress
" Agus, le dhá theach chomhdháil an stáit faoi smacht na bPoblachtánach, ní rabhthas ann a chuirfeadh ina aghaidh.
gComhdháil Congress
" In agallamh le clár raidió Giúdach, dúirt an Seanadóir Charles Schumer gur chreid sé gur thug HaShem (focal a úsáideann Giúdaigh Cheartchreidmheacha do Dhia) dó a ainm—a chiallaíonn ‘cosantóir’—ionas go bhféadfadh sé leas Iosrael a chosaint i gComhdháil SAM.
Comhdháil Congress
"Comhdháil SAM chun cistí fiontair a bhunú ar nós na cistí a cuireadh ar fáil in Oirthear na hEorpa i ndiaidh titim Bhalla Bheirlín; agus beidh an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha ag tacú le nuachóiriú geilleagair sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh mar a rinne siad san Eoraip.
Chomhdháil Congress
" Thug doiciméad dá chuid le fios i Meán Fómhair 2002 go raibh sé ar intinn ag an *American Israel Public Affairs Committee* smachtbhannaí a fhorchur ar an tír trí chomhoibriú le Chomhdháil SAM leis an Syria Accountability Act a rith.
dhá theach na comhdhála two houses of congress
" Scoilteadh Meiriceá ina dhá leath, agus i ndíle an fhuatha, d'éirigh leis na Poblachtánaigh dhá theach na comhdhála a thógáil ar ais agus, sa bhliain 2000, an Teach Bán freisin.
Comhdháil na hEocairiste Eucharistic Congress
" Cé a dúirt go raibh saol banríona furasta? Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí ceiliúrtha, bhí Comhdháil na hEocairiste ann i mBaile Átha Cliath i lár na míosa, agus bhí na mílte ag tarraingt ar Pháirc an Chrócaigh fána choinne – cuid mhór de na daoine cinnte gur léirsiú a bhí ann, eagraithe ag Caitlicigh Chumann Lúthchleas Gael, in éadan na gcluichí Gallda a bhí dá n-imirt sa Pholainn agus san Úcráin.
dTithe Chomhdháil Houses of Congress
" De réir na tuairime seo, d’fheicfeadh na Poblachtaigh gur duine é Obama a bhféadfaí comh-oibriú leis ar cheist na hinimirce agus gheobhadh Obama an tacaíocht dhépháirteach i dTithe Chomhdháil na Stát Aontaithe a bhí ag teastáil chun córas inimirce na Stát a athchóiriú go cuimsitheach, córas a bhfuil tagartha ag Obama dó mar chóras briste.
tacaíocht Seanaid agus Comhdhála Senate and Congress support
" Fiú má thógann Obama an Teach Bán don dara uair, ámh, cé mar a sheasfaidh polaitíocht Mheiriceá tar éis an toghcháin? Má bhíonn an bua ag Barack Obama (mar atáthar ag tuar), an mbeidh tacaíocht Seanaid agus Comhdhála aige freisin, mar a bhí ag George W.
agus iarrachtaí ar siúl i dTithe na Comhdhála while attempts are afoot in the Houses of Congress
" B’fhiú go mór eolas den saghas a roinntear linn sa scannán a chur ar a súile do mhuintir SAM agus dá n-ionadaithe poiblí agus iarrachtaí ar siúl i dTithe na Comhdhála i láthair na huaire chun an córas inimirce a leasú.
tithe na Comhdhála the houses of Congress
" Is é an tUachtarán (an t-uasal Obama faoi láthair, atá ina Dhaonlathach) a roghnaíonn na hairí rialtais, ach is iad tithe na Comhdhála a chuireann maoiniú ar fáil don rialtas sin, agus os rud é go bhfuil na tithe in adharca a chéile faoi láthair, is féidir leis an maoiniú a bheith stoptha sách tapa más toil le páirtí an fhreasúra é.
Chomhdháil na Stát Aontaithe US Congress
" An tseachtain seo féin, chualathas guth ón uaigh féin sna Sé Chontae thiar i Meiriceá ag éisteacht de chuid Chomhdháil na Stát Aontaithe.