Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
brú tráchta traffic congestion
" Éinne a chaitheann a saol sa chathair, lena mór-is-fiú, lena brú tráchta agus a brú daonna, is milis léi boladh na móna agus comharthaí sóirt an tseanchultúir - seandaoine scéalacha, naomhóga, ba á dtiomáint síos na bóithríní - ach ní ar aislingí amháin a mhaireann na daoine.
táillí plódaithe tráchta traffic congestion charges
" Mar sin, roimh an bhliain 2015, beidh táillí plódaithe tráchta i bhfeidhm sna cathracha, agus cuirfear stop le mórscéimeanna tógála bóithre agus aerfort.
táillí plódaithe tráchta congestion charges
" Chuir an rialtas nua (treoraithe ag an gComhaontas Glas) bearta bunúsacha i bhfeidhm: cosc ar ghluaisteáin le paisinéir amháin ar roinnt de na príomhbhóithre ag an mbroidtráth; páirceanna rothar i bhfad níos fearr in aice le stáisiúin agus stadanna bus; fáinne carrchlósanna “*Park and Ride*” timpeall na gcathracha; traenacha dhá urlár ag dul go dtí na bruachbhailte; comhartha leictreonach ag gach stad bus ag tabhairt amanna na gcéad bhusanna eile; faoiseamh cánach dóibh siúd a cheannaigh rothar; agus táillí plódaithe tráchta (is gá íoc chun tiomáint sna cathracha idir 7 a.
tháillí plódaithe tráchta congestion charges
" Agus tá sé ag spreagadh na ndaoine le gluaisteáin níos tíosaí a cheannach, mar shampla trí ghluaisteáin hibrideacha a shaoradh ó cháin agus ó tháillí plódaithe tráchta.
an táille phlódaithe tráchta the congestion charge
" Agus, má tá tú ag tiomáint gluaisteán leictreach, ní gá duit an táille cháiliúil sin, an táille phlódaithe tráchta, a íoc nuair a théann tú isteach go lár chathair Londan.
táille plódaithe congestion charge
" Ceann de na moltaí is conspóidí ná táille plódaithe – suim áirithe a d’íocfaí in aghaidh an lae dá dtiomáinfí isteach go Manhattan.
táillí plódaithe tráchta traffic congestion charges
" In ainneoin a phleananna móra chun feabhas a chur ar chúrsaí tráchta sa chathair, níor tugadh táillí plódaithe tráchta isteach i Manhattan, cé go raibh na milliúin dollar á dtairiscint ag rialtas na cónaidhme dá leithéid.
maidir le plódú tráchta, as regards traffic congestion,
" Seo scéal grinn a chuala mé i mBancác, cathair a bhfuil droch-cháil uirthi maidir le plódú tráchta, ach oireann sé go maith do Bhaile Átha Cliath freisin.
síorphlódú tráchta never ending traffic congestion
" Cén chaoi a mbeadh saol na cathrach gan an síorphlódú tráchta seo? Spreagfadh dhá imeacht a bhí ar siúl le déanaí do shamhlaíocht maidir leis na féidearthachtaí atá ann.
méadaíonn siad plódú they increase congestion
" Ní hamháin go ngortaítear daoine agus go scriostar feithiclí mar thoradh ar na timpistí seo, ach cuireann siad moill ar an trácht agus méadaíonn siad plódú ar na bóithre.
brú aerthráchta air traffic congestion
" De bhrí go bhfuil an brú aerthráchta ag méadú de shíor – i dtíortha atá i mbéal forbartha (an tSín, an India agus an Indinéis, cuir i gcás) agus i measc na n-aerlínte a bhfuil samhail ísealchostais á húsáid acu (Ryanair, mar shampla) – mura dtagann laghdú faoin ráta tionóiscí níos tapúla ná mar a thagann méadú faoin mbrú aerthráchta, tarlóidh sé go mbeidh tubaistí ag titim amach sa tionscal seo níos minice – tubaistí ar tragóidí do na híospartaigh iad agus tubaistí a chothóidh drochíomhá i leith na n-aerlínte agus i leith an tionscail trí chéile.
tranglaim tráchta traffic congestion
" De bharr gur cathair úrnua í, agus de bharr nach bhfuil ach daonra beag de 330,000 anseo, tá Canberra saor, beagnach, ó na fadhbanna a thagann chun cinn go coitianta sna cathracha móra eile – tranglaim tráchta agus truailliú aeir, cuir i gcás.
plódú tráchta traffic congestion
" Ní hamháin gur gá dóibh dul i ngleic leis an bplódú tráchta a bhíonn i gceist arís ag an am seo den bhliain agus na páistí fillte ar scoil, ach caithfidh siad dul i dtaithí ar chórais nua theicniúla.
brú tráchta traffic congestion
" Cruthaíonn an carr, nó an bealach ina n-úsáidtear é, an t-uafás fadhbanna - truailliú aeir, brú tráchta agus slad ar na bóithre - agus is é an rothar, dar le Augé, an tuar dóchais is substaintiúla dá bhfuil againn.
cúngach céanna same congestion
" Cathair inimirceach atá inti gan na slumaí, an chreachadóireacht, an brú tráchta agus gan an cúngach céanna a bhaineann le cathracha móra eile i Meiriceá Thuaidh.
bhrú tráchta traffic congestion
" Bíonn gach cathair lán de choimhthíos, gan eisceacht, lán de fhadhbanna sóisialta idir dhrugaí, dhroch-chaighdean tithíochta agus bhrú tráchta.
plódú tráchta traffic congestion
" In ainneoin go bhfuil plódú tráchta ag dul chun donais in Éirinn, bíonn drogall ar Éireannaigh úsáid a bhaint as a rothair, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
plódú tráchta traffic congestion
" Tá sé mar aidhm ag córais nua mar eFlow plódú tráchta i mBaile Átha Cliath a laghdú ach tá Diarmuid Mac Mathúna in amhras faoi chuid de na hathruithe atá i ndán do chomaitéirí na hardchathrach.