Caithfear a rá nár thuig mé i gceart a láidre agus a thapúla is a bhíonn an cineál falscaí a tharlaíonn go rialta san Astráil, go dtí gur bhuail stoirm olldóiteáin na bruachbhailte in iarthar Canberra sé bliana ó shin.
Cé a chreidfeadh go bhfeicfidís a leithéid i gcathair seo Mhic Shuibhne is Mhic Curtáin, cathair Thóirse Mór na n-Auxiliaries i 1920, cathair Tom Barry, Cill Mhichil, Cros an Bharraigh, Béal na mBláth - príomhchathair An Sciobairín tnáite, trascartha féinig.