dearbhaíodh
it was confirmed
Deich lá ina dhiaidh sin, ar an chéad lá de mhí an Mhárta, aimsíodh an galar crúibe agus béil i Magh i gContae Ard Mhacha; 21 lá ina dhiaidh sin,
dearbhaíodh go raibh an galar ar chaoirigh ar leithinis Chuaille, Contae Lú.
chun an scéal a dheimhniú
to confirm the story
Ba léir ag an am gur beag cruthúnas a bhí ag an rialtas leis na líomhaintí seo, agus nuair a ceistíodh iad, tugadh dhá ghrianghraf do na meáin chumarsáide in éineacht le físeán ar dhrochchaighdeán
chun an scéal a dheimhniú.
é seo a dheimhniú
to confirm this
Is féidir liom féin
é seo a dheimhniú mar seacht mbliana ó shin ba dhuine acu mise.
dhearbhaigh an Ministry Of Defence
the MoD confirmed
Ach ar an 19 Iúil 1999, mar fhreagra ar cheist ón fheisire Kevin McNamara i Westminster,
dhearbhaigh an Ministry Of Defence gur tharla a leithéid de chruinniú i dteach an Cheannfoirt Trears.
dearbhaíonn McKeown agus Campbell
McKeown and Campbell confirm
Ar tharla sé riamh in iarthar Bhéal Feirste gur nocht ball de chuid an RUC a anam do phobal mór náisiúnach?
Ainneoin gur carachtar i ndráma é an t-iarphóilín,
dearbhaíonn McKeown agus Campbell go bhfuil siad dílis do na barúlacha a fuair siad agus iad ag plé le fíorbhaill den RUC.
a dhearbhaigh Colm
Colm confirmed
"An bhfuil tú i ndáiríre?"
"Táim lándáiríre faoin ngeall seo,"
a dhearbhaigh Colm.
a dheimhniú
to confirm
Cén obair a dhéantar ansin ó lá go lá?
Is é príomhchuspóir an Bhrainse Logainmneacha taighde a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann agus leaganacha oifigiúla Gaeilge díobh
a dheimhniú agus a chur ar fáil faoi chomhairle an Choimisiúin Logainmneacha.
dá bhfíorófaí na líomhaintí sin
if those allegations were confirmed
An bhféadfadh sé go raibh sé ag déanamh tagairt chliathánach don chúléisteacht a líomhnaíonn dlíodóirí áirithe a rinneadh orthu nuair a bhí siad ag caint lena gcuid cliant i stáisiún na nGardaí? Ní chuirfeadh sé iontas ar éinne
dá bhfíorófaí na líomhaintí sin mar, ar ndóigh, *Up here it’s different.
cinntithe
confirmed
Ryanair san iomaíocht
=======
Ní fhoilseofar ach liosta na mbuaiteorí (ní chuirfear ar fáil liosta na n-iomaitheoirí) ach tá cúpla ráfla
cinntithe sa phreas cheana féin.
dearbhaithe
confirmed
)
Agus tá sé
dearbhaithe ag Ryanair (de réir an nuachtáin *The Kerryman*) gur chuir comhlacht Uí Laoire iarratas isteach maidir leis an mbealach ó Bhaile Átha Cliath go Ciarraí.
dá bhfíorófaí na líomhaintí sin
if those allegations were confirmed
An bhféadfadh sé go raibh sé ag déanamh tagairt chliathánach don chúléisteacht a líomhnaíonn dlíodóirí áirithe a rinneadh orthu nuair a bhí siad ag caint lena gcuid cliant i stáisiún na nGardaí? Ní chuirfeadh sé iontas ar éinne
dá bhfíorófaí na líomhaintí sin mar, ar ndóigh, *Up here it’s different.
Cé nár deimhníodh riamh é
although it was never confirmed
Cé nár deimhníodh riamh é, creideann go leor daoine go raibh buirgléirí seo Nixon ag lorg eolais mar gheall ar Chathaoirleach an Pháirtí Dhaonlathaigh, Lawrence F.
ag dul faoi lámh easpaig
being confirmed
Ba lá speisialta é, mar bhí deichniúr aosánach
ag dul faoi lámh easpaig.
dhearbhaigh siad
they confirmed
Thug Banc Ceannais na hÉireann rabhadh níos láidre ina dtuarascáil ráithiúil agus
dhearbhaigh siad gur cinnte go raibh laghdú ag teacht ar acmhainn iomaíochta na tíre, agus ag moladh don rialtas dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála sa tír seo agus an méadú ar an ráta boilscithe.
dátaí taispeántais a dhearbhú.
to confirm exhibition dates.
”
Taispeántas i MeiriceáAgus muid ag caint lena chéile, fuair sé scairt ghutháin ó William Chamberlain, déileálaí ealaíne i San Francisco, agus é ag iarraidh
dátaí taispeántais a dhearbhú.
dearbhaím
I confirm
Bhí sé ag cur báistí agus muid ag sleamhnú anuas – agus
dearbhaím nárbh fhada go dtí gur shroich mé bun na duimhche! Agus an clár marcaíochta imithe uaim ar luas lasrach i dtreo iomlán eile, chuamar ag snámh san fharraige in Tasman, rud a bhí áisiúil chun an gaineamh a bhaint dínn.
a dhearbhú
to confirm
)
Deir an tAire Ritchie go gcaithfidh na dílseoirí a gcuid gunnaí a dhíchoimisiúnú agus go gcaithfidh an Coimisiún Idirnáisiúnta Neamhspleách um Dhíchoimisiúnú é sin
a dhearbhú sula bhfaighidh siad an t-airgead.
le deimhiú go raibh sé toilteanach
to confirm that he was satisfied, to consent
Ní raibh an gasúr seo aibí go leor
le deimhiú go raibh sé toilteanach é seo a dhéanamh.
dearbhaithe ag síceolaí.
confirmed by a psychologist.
Ní raibh ar 11,871 dalta Gaeilge a dhéanamh go leibhéal na hArdteiste sa bhliain 2006 de bharr “míchumas foghlama” a bhí
dearbhaithe ag síceolaí.
dearbhaíonn sé
he confirms
Tugann sé aontú na banríona ar reachtaíocht úr (sin é,
dearbhaíonn sé go bhfuil an bhanríon sásta le pé reachtaíocht is mian leis an rialtas a rith), socraíonn sé na ceapacháin is sinsearaí sna príomhúdaráis náisiúnta agus feidhmíonn sé mar ardcheannasaí ar fhórsaí cosanta na hAstráile.
a dheimhnigh
which confirmed
A bhuíochas sin do chás Raymond Crotty i 1987,
a dheimhnigh go gcaithfí reifreann a reáchtáil dá mbeifí ag moladh flaitheas na hÉireann a thabhairt don Aontas Eorpach.
ag deimhniú
confirming
Athraíodh an t-ainm go Comhphobal Eorpach i gConradh Maastricht (1992), ag léiriú agus
ag deimhniú go raibh ról polaitiúil le bheith ag an gComhphobal feasta chomh maith le ról eacnamaíochta, cineál Aontas Eorpach.
dheimhnigh sé
he confirmed
Rinne sé iniúchadh ar fhigiúirí an chomhlachta agus
dheimhnigh sé an tuairim a bhí againn, is é sin, go raibh siad ag insint bréaga dúinn, go raibh ní ba mhó dlúthdhioscaí díolta acu ná an líon a bhí admhaithe acu agus go raibh airgead le híoc go fóill acu linn.
dhearbhaigh imscrúdaitheoirí
inspectors confirmed
Coicís ina dhiaidh sin,
dhearbhaigh imscrúdaitheoirí de chuid an FBI gurbh é nimhiú ó théitheoir gáis a bhí fabhtach ba chúis lena bhás.
dearbhaíodh
it was certified, confirmed
Rinneadh éabhlóid ar an lá in imeacht na mblianta agus, faoi dheireadh,
dearbhaíodh gur lá saoire poiblí é.
dhearbhú
confirm
Agus an deireadh tagtha nach mór leis an chaibidil seo de mo shaol, thig liom a
dhearbhú gurbh é an bhliain thar lear seo an t-am is mó a mhúnlaigh mé agus an tréimhse is fearr dá raibh agam go dtí seo.
dhearbhaigh
confirmed
Cuireadh náire ar roinnt mhaith den phobal, cé gur
dhearbhaigh Obama nach gcúiseofaí na céasadóirí féin, ach na dlíodóirí sa réimeas a thug cead dóibh é a dhéanamh.
dheimhnigh
confirmed
Cogaíocht thar Lear Cé nach bhfuiltear ag úsáid an fhocail "quagmire" níos mó chun cur síos ar an Iaráic, is léir anois nach raibh plean imeachta ag réimeas Bush, agus
dheimhnigh Obama go gcúlódh fórsaí Mheiriceá as an tír sin faoi 2010.
deimhnithe
confirmed
Mar a dúirt mé cheana, próiséas fada atá ann - ainneoin nach mbeidh constaic ar bith roimpi ar bhealach an ainmnithe, caithfear fanacht go gcríochnóidh téarma reatha na Cúirte (tá sí ag tógáil áit bhreitheamh atá ag éirí as), agus is beag seans go bhfeicfear
deimhnithe í go dtí mí Lúnasa.
dheimhnigh Obama
Obama confirmed
A leithéid de chutzpah! Cheapfá go seachnódh sé aird an phobail go raibh a thriail féin thart, ach caithfidh sé go raibh a fhios aige go bhfuil slándáil Iosrael “*sacrosanct*” i Washington, mar a
dheimhnigh Obama d’AIPAC anuraidh, cé go bhfuil slándáil Mheiriceá ar díol don dream is mó airgead, is cosúil.
cinntiú
confirm
Ghlaoigh sé ar an Dochtúir Manmohan Singh, a luaithe is a atoghadh é ina Phríomhaire ar India, le
cinntiú dó go ndéanfadh na húdaráis abhus a ndícheall na mic léinn Indiacha a chosaint.
Dhearbhaigh
confirmed
Dhearbhaigh uachtarán Ollscoil Lyon 2, Olivier Christin, nach fiú duine a chur faoi scrúdú ar ábhar nár cuimsíodh i rith na bliana acadúla agus gur tugadh comhairle do lucht ceartaithe na bpáipéar scrúdaithe gan a bheith róghéar ar na mic léinn.
dhearbhaigh
confirmed
Tuige nach gcreidfeadh, go háirithe nuair a
dhearbhaigh an Mossad dóibh go raibh na teachtaireachtaí iontaofa.
ndearbhófar
shall be confirmed
Agus cad a tharlóidh má iarrtar doiciméid ar dhuine a ritheann amach chuig an siopa ar thóir aráin nó go dtí an scoil chun na leanaí a thabhairt abhaile agus na doiciméid fágtha sa teach? Turas go dtí stáisiún na bpóilíní le go
ndearbhófar stádas an inimircigh?
Fadhb eile a bhaineann leis an reachtaíocht ná go dtabharfaidh sé ar dhaoine an chuid is measa dá nádúr a nochtadh.
daingníonn
confirms
Ach
daingníonn sé chomh maith bolscaireacht frith-Ioslamach de chuid leithéidí Daniel Pipes ar mhaith leo Meiriceánaigh a scanrú roimh Ionradh na Moslamach ionas go dtroidfidh siad cogaidh ar son Iosrael.
dhaingnigh sé
he confirmed
Chuir an dea-thoradh a bhí ar an chogadh sin siabhrán ar Blair agus
dhaingnigh sé a chreideamh i dteoiric na hidirghabhála daonnúla.
dearbhú
to confirm
Bhí an t-iarratasóir ag lorg
dearbhú go raibh dualgas bunreachtúil ann tiontú oifigiúil a chur ar fáil go comhuaineach don phobal i gcoitinne d'Achtanna de chuid an Oireachtais, ionstraimí reachtúla agus rialacha na Cúirte.
Dhearbhaigh
confirmed
Dhearbhaigh sí freisin go mbeadh scéim trádála astaíochta ar chlár oibre a rialtais dá n-éireodh léi san olltoghchán.
Dearbhaíonn
confirms
Dearbhaíonn sé go bhfuil tionscadal na hinnealtóireachta ina thír féín in ísle brí agus go bhfuil titim ar líon na mac léinn i réimse na teicneolaíochta.
dhearbhaigh
confirmed
Ach bíonn an cúig faoin chéad sin an-sásta leis an áit, de réir Rodgers agus
dhearbhaigh sé go raibh cuairt ar Dhún na nGall mar a gcéanna le ticéad buacach sa Lotto a cheannach.
dearbhaítear
it’s confirmed
Taispeánann íomhánna satailíte dúinn go bhfuil achar 100 míle cearnach ag an gcnoc oighir seo, beagnach dhá uair níos mó ná Oileán Acla (nó ceithre huaire níos mó ná Oileán Manhattan i Nua-Eabhrac), agus
dearbhaítear anois gurb é an cnoc oighir is mó san Artach le beagnach 50 bliain anuas.
Dhearbhaigh
confirmed
Dhearbhaigh an Ráiteas tacaíocht an Rialtais d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta agus leag amach 13 cuspóir ó thaobh beartais maidir leis sin.
dhearbhaigh
confirmed
Agus, mar a
dhearbhaigh an Rialtas céad lá na míosa (féach an nasc ar dheis), ’sé an chéad choinníoll ná go nglacfar leis an gcáinaisnéis a ghearrann €4bn de chaiteachas an stáit agus a leagan €2bn cáin breise.
Dheimhnigh
confirmed
Dheimhnigh Assange le déanaí go raibh ceann de na ríomhchórais ba thábhachtaí ag Arm na Stáit Aontaithe faoi smacht aige ar feadh dhá bhliain.
diongbháilte
confirmed
Agus tá mé
diongbháilte faoi sin.
soiléiriú a fháil ar
make sure, confirm
”
**Balor: “An dtig liom
soiléiriú a fháil ar do fhreagra, a Thaoisigh? An é céad lá atá i gceist agat nó an chéad lá? Ní thiocfadh le cóisir cheiliúrtha dul ar aghaidh ar feadh céad lá agus céad oíche.
dhearbhaigh
confirmed
*
Chuir na meáin agallaimh ar McKeon tar éis an tsearmanais agus
dhearbhaigh seisean arís is arís eile go bhfuil sé i bhfách leis an bhratach a athrú.
dearbhú
confirming
Míshásamh le Meirge
==========
Tá daoine áirithe ag
dearbhú a míshástachta le bratach na tíre beagnach ón gcéad lá ar fógraíodh é mar bhratach na hAstráile, i gcomharbacht ar bhratach na Breataine, sa bhliain 1954.
dearbhaithe
confirmed
D'fhógair nuachtáin náisiúnta na Breataine mí Dheireadh Fómhair anuraidh go raibh sé beartaithe foraoisí poiblí na tíre a dhíol, agus níorbh fhada go raibh an scéal
dearbhaithe ag an rialtas.
dheimhniú
confirm
Má roghnófar é, deir sé go pléifidh sé le cuid de na hábhair atá faoi chaibidil san agallamh seo ach cad é na tosaíochtaí a bheadh aige?
“B'fhéidir an tsaoránacht a
dheimhniú, is é sin an bhéim a leagan ar an tsaorántacht.
ndeimhneodh sé
he’d confirm
D'fhógair Trump i ndeireadh mhí Aibreáin go
ndeimhneodh sé a iarrthóireacht ag deireadh a shraithe teilifíse reatha i mí Bealtaine, agus gur cheart dúinn breathnú ar sin.
Dheimhnigh sí
she confirmed
Dheimhnigh sí go raibh sé ina shláinte, in ainneoin na ráflaí uafásacha a bhí ag dul timpeall go ndearnadh céasadh intinne agus coirp air, ach dhearbhaigh sí go raibh sé faoi bhrú intinne.
dhearbhaigh
he confirmed
Mhaigh sé nárbh eisean ba chúis le bás Mac Phail go díreach, agus
dhearbhaigh go raibh sé neamhchiontach.
chinntigh
confirmed
”*
An Ball Lag a Bhualadh
==========
Cé gur thacaigh an tSiria leis an gcogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta ar dtús,
chinntigh an brúghrúpa Iosraelach nach leanfadh an comhoibriú idir an an Damaisc agus Washington.
aithníodh agus deimhníodh
was recognised and confirmed
Chreidtí roimhe seo gur comhpháirtí da chuid, Giovanni Antonio Boltraffio, a rinne an pictiúr seo ach i ndiaidh dianiniúchadh,
aithníodh agus deimhníodh gurb é da Vinci a rinne é chomh maith le réamhlíníocht a rinneadh don phictiúr, atá le feiceáil sa chnuasach fosta.
deimhníodh
was confirmed
Shíl sé, mar a shíl a lán eile cosúil leis, go raibh margadh maith déanta aige, agus
deimhníodh an tuairim sin dó nuair a d’éirigh leis iasacht airgid a fháil óna bhanc gan mórán stró, ainneoin nach raibh fostaíocht leanúnach aige ag an am.
deimhnithe
confirmed
Bhí an cuireadh
deimhnithe acu, bheadh fáilte romham, ach bheadh orainn imeacht ar iompú na boise.
deimhneach
confirmed
(gáire sásta
deimhneach)
**SMM: An raibh sé deacair Gaeilg na hAlban a fhoghlaim?**
AW: Chan fhuil sí chomh furasta leis an Spáinnis, ach ag an am chéanna, déarfainn go dtaitníonn sí go mór liom agus gach rud a thaitníonn leat, éascaíonn sé sin é.
chinntigh siad ar na mallaibh
they recently confirmed
Lena gceart a thabhairt daoibh,
chinntigh siad ar na mallaibh go dtionólfar comhdháil fá choinne an bunreacht a leasú.
Dhearbhaigh
confirmed
Dhearbhaigh Norman láithreach go seasfadh seisean an fód leo dá dheoin féin agus chuir sé comhairle a leasa orthu i dtaca lena n-agóid.
daingnithe le dlí anois
now confirmed in law
“Tráth a bhfuil cearta teanga an phobail
daingnithe le dlí anois, níor cheart dearmad a dhéanamh ar chásanna cosúil le cás Mhaolra Seoighe, a léirigh gur dheacair cothrom na Féinne a fháil an uair sin faoin dlí gan Bhéarla,” a dúirt sé agus é ag fógairt ócáid chomórtha a bheas ar siúl i nGaillimh i lár na míosa seo.
dhearbhaigh
confirmed
Mar is léir, tagann drochthréithe an duine chun cinn sa spórt chomh maith le comhthéacs ar bith eile - ciníochas, falcaireacht, dópáil, maistíneacht, bréagadóireacht, troid, achrann ar pháirceanna, ionsaithe ar réiteoirí, alcólachas agus cearrbhachas (tá aitheantas tugtha ag CLG don fhadhb seo), drochíospairt leanaí agus daoine óga (
dhearbhaigh an sárdhornálaí clúiteach Sugar Ray Leonard gur thug traenálaí drochíospairt dó agus é i mbun traenála do na cluichí Oilimpeacha mar shampla).
a cheistíonn nó a dheimhníonn
which question or confirm
An dtig linn corraí?
Grinníonn lucht saineolais gnéithe de scéal an téarnaimh, más téarnaimh é, ag Tóstal na Gaeilge
a cheistíonn nó a dheimhníonn nach amháin go bhfuil gothaí orainn ach go bhfuil an cur chuige i gceart.
Dhearbhaigh
confirmed
Dhearbhaigh na breithimh ná féadfhaidís aon fhaoiseamh a thabhairt do Mrs Fleming toisc:
‘*the State has provided ample evidential basis to support the view that any relaxation of the ban on assisted suicide would be impossible to tailor to individual cases…*’
Ach ní fíor sin i gcás Mrs Fleming amháin toisc gur aithin na breithimh go raibh sí i bponc fisiciúil uafásach agus go raibh a fear chéile sásta cabhrú léi (amháin) deireadh a chur lena fulaingt muna gcuirfeadh an DPP isteach air ex post facto.
deimhníodh
was confirmed
Ba shin a gheall Dinny Mc Ginley roimhré, ceart go leor, ach tá ’ fhios againn anois gur a mhalairt a rinne sé:
deimhníodh san Acht na teorainneacha mar a bhí, fágadh 15,000 in eastáit tithíochta i gCathair na Gaillimhe sa Ghaeltacht agus cuireadh ar ceal an chumhacht a bhíodh ag an Rialtas, faoin reachtaíocht a bhí i bhfeidhm, aon cheo a dhéanamh faoi.
nár dheimhnigh aon phontaif riamh
no pontiff ever confirmed
Mar a bheifeá ag súil, bhí conspóid ann maidir leis na híarsmaí a nochtadh, go háirithe nuair
nár dheimhnigh aon phontaif riamh gur fíorchnámha an Naoimh a bhí iontu agus go gcreideann roinnt den lucht seandála go fóill nach mbaineann siad le Peadar ar chor ar bith.
dathanna a dheimnigh tábhacht
colours which confirmed high status
Níos suntasaí arís bhí éadach corcra agus óir,
dathanna a dheimnigh tábhacht, thart timpeall ar na cnámha agus inscríbhinn sean-Ghréigise in aice leis an uaigh ag rá Petros eni, rud a chreidtear gur giorrúchán ar Petros enesti a bhí ann, a chiallíonn, tá Peadar anseo.
Dearbhaíonn
confirms
”*
Dearbhaíonn Airteagal 44.
mhothúchán a dhearbhaíonn
feelings which confirm
Is sláintiúla ar fad traidisiún éirimiúil ‘diúltach’ Stevens ná cur chuige Walsh agus Hogan a bhí, agus atá fós, bunaithe ar thírghrá agus ar
mhothúchán a dhearbhaíonn gur córas dleathach speisialta é an córas Éireannach.