Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá cloch eile ar a phaidrín something else is concerning him
" Agus anois, tá cloch eile ar a phaidrín.
maidir le hathbhunú concerning the re-establishment
" “In 2005, chuir mé féin, Danny, Conor, Barry, Ronan McBride agus Conal Beag tús le plé maidir le hathbhunú an chlub.
fá dtaobh de concerning it
" Ach ní raibh mé ag súil leis an sórt ceolánacht náisiúnta a bhí ann fá dtaobh de.
faoi shárimreoirí concerning the best players
" As an gcomhrá sin bheartaigh mé beagán taighde (agus tabhair beagán air) a dhéanamh ar an ábhar agus chuige sin scrúdaigh mé na nuachtáin (an Irish Times, an Irish Examiner, an Irish Independent agus Foinse) i lár na seachtaine go bhfeicfinn an raibh mórán scéalta faoi shárimreoirí na spórt páirce is mó, an pheil Ghaelach, iománaíocht, sacar agus an rugbaí, a bheith gortaithe.
ina thaobh concerning it
" Is í seo nua-smaoineamh na bliana agus tá suíomh idirlín ina thaobh á chur ar fáil faoi láthair.
i dtaca leis na concerning the
" Léiríonn an díospóireacht naimhdeach idir na páirtithe i dtaca leis na báid neamhúdaraithe nach mbeidh aon leisce orthu an deis a thapú “féith an chiníochais” a mhúscailt arís má tá sochar polaitiúil le baint aisti, beag beann ar fhulaingt na dteifeach bocht.
ar ábhar a fhéiniúlachta féin concerning his own identity
" Scríobh Risteard Ó Glaisne, nach maireann, alt iontach spéisiúil blianta fada ó shin ar ábhar a fhéiniúlachta féin.
faoi fhadhb na neamhlitearthachta concerning the problem of illiteracy
" Tugann sé liodáin de staidreamh faoi fhadhb na neamhlitearthachta, mar shampla, atá bailí go maith ach is é an bhuntéis atá aige ná go bhfuil baint éigin ag an fhadhb seo leis an Ghaeilge éigeantach.
ar cheist na críchdheighilte concerning partition
" An chúis nach dtuigim céard tá ar bun ag Sinn Féin na laethanta seo ná an t-éileamh atá déanta acu ar reifreann ó thuaidh ar cheist na críchdheighilte.
um athghlacadh isteach concerning re-accepting
" Ina ainneoin sin, agus in ainneoin na n-éagóracha éagsúla a imrítear ar imircigh sa Ríocht, tá cainteanna ar siúl idir an tAontas is Maracó mar chuid den Chomhaontú Comhlachais faoi Chomhaontú um athghlacadh isteach daoine a n-éiríonn leo taisteal gan cead ó Mharacó go dtí an tAontas.
maidir leis an treo concerning the direction
" Thit an lug ar an lag i ranna go leor den fheachtas maidir le Comhthionól an Chéid Náisiúin agus maidir leis an treo ina raibh siad ag dul.
faoi uafás agus éadairbhe cogaidh concerning horror and the pointlessness of war
" Scéal atá ann faoi uafás agus éadairbhe cogaidh, faoi pháistí agus mhuintir, faoi mhianta agus srianta.
ina gcuid cinneadh i leith muilte gaoithe in their dealings concerning windmills
" Níos Airde ná Spíce na hArdchathrach ============= Deineadh an dá chinneadh sin i bhfoisceacht trí mhí dá chéile agus léiríonn siad go paiteanta easpa chomhsheasmhachta na n-údarás pleanála ina gcuid cinneadh i leith muilte gaoithe.
i leith na teanga concerning the language
" Is í an chosaint is mó a bhíonn ag tráchtairí áirithe (mé féin ina measc) ar chinnidh chonspóideacha an rialtais seo i leith na teanga, ná nach bhfuil an t-airgead chomh flúirseach is a bhí nuair a bhí an rialtas deireanach i gcumhacht.
mar gheall ar concerning
" Nochtann Breandán Delap a bhfuil i gcomhaid an rialtais sa Chartlann Náisiúnta mar gheall ar chás stairiúil dlí a reáchtáladh tríocha bliain ó shin.