Nuair a d’fhoilsigh an Rannóg Litriú na Gaeilge: Lámhleabhar an Chaighdeáin Oifigiúil i 1947, dúradh sa réamhrá:
‘Is mar threoir don chaighdeán litrithe
atá ceaptha le húsáid i ngnóthaí oifigiúla a hullmhaíodh an chéad eagrán den lámhleabhar seo, a foilsíodh Mí Iúil, 1945, ach socraíodh ar é a chur ar fáil don phobal le súil go gcabhródh sé chun litriú na Gaeilge i gcoitinne a chaighdeánú’ (CO 1947, vi).