Agus bhí pictiúr dá leathbhádóir, an glámhánach sin Leamh Ó Cuinneagáin, ar leathanach tosaigh an nuachtáin chéanna faoin cheannlíne: "Fearg Phobal na Gaeilge Caillte!" Tá a fhios ag an saol mór gur cairtéal beag teolaí iad, lucht tochais tóin a chéile, muintir *Lá* agus muintir *Beo ar Éigean*.
Le déanaí rinneadh tréaniarracht a chumhachtaí polaitúla a bhaint de, ach maíonn Ford nach ngéillfeadh sé do lucht an ghearáin agus go seasfaidh sé arís don Mhéaracht an bhliain seo chugainn.