Bíonn siad cumasach sna tuisil - tá seacht gcinn acu féin, mar aon le hainmfhocail neodracha, beomhara agus neamhbheomhara, agus na mílte féidearthacht!
Agus céard a spreag iad chun an Ghaeilge a dhéanamh, agus cén cúlra a bhíonn acu? Bhuel, bíonn cuid acu ag déanamh staidéir ar an sean-Bhéarla, cuid eile ag díriú ar an nGaeilge ar bhonn
teangeolaíoch chomparáideach, cuid eile ag lorg ábhar neamhghnách spéisiúil, agus cuid eile ar thóir na craice amháin.