Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhlachtaí leictreonacha electronics companies
" Tá thart ar 33% den infheistíocht a dhéanann comhlachtaí leictreonacha Meiriceánacha san Eoraip anseo in Éirinn.
fochomhlachtaí subsidiary companies
" Nach ait an mac an saol! An fhadhb ná go bhfuil go leor de na comhlachtaí Meiriceánacha agus comhlachtaí eachtranacha go ginearálta ag úsáid na tíre seo mar láthair táirgíochta saor, seachas a bheith ag cur síos fréamhacha doimhne tré chonarthaí do thaighde agus d'fhorbairt a thabhairt do na fochomhlachtaí anseo.
compántais companies
" Bhí aithne aici ar mo léiritheoir, Tomás Mac Ardghaill, ar as Muineachán dó, toisc go raibh baint ag an mbeirt acu le féilte drámaíochta, féilte a bhfreastalaíonn compántais ón dá thaobh den teorainn orthu.
comhlachtaí rathúla successful companies
" Tuigeann na comhlachtaí rathúla an tábhacht a bhaineann le traenáil agus atraenáil mar go bhfeiceann siad toradh na hinfheistíochta.
chomhlachtaí ríomhaireachta computing companies
" Tharla go bhfuil brú mór ar chomhlachtaí ríomhaireachta faoi láthair, tá an-chuid fógraí do ríomhairí saora sna meáin chumarsáide le gairid.
comhluadar company
" Thug mé faoi deara go raibh ribí bána d'fhionnadh cait ar a cóta agus smaoinigh mé ag an am go gcaithfeadh sé go raibh sí buíoch as comhluadar an chait.
comhluadar company
" Ceann de na rudaí is deise liom faoin bhféile seo ná an dream a thagann chuici: daoine spraíúla a thuigeann conas scíth a ligean agus conas taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile.
chomhlacht company
" Daniel an t-ainm a bhí air agus tugtar Mahogany ar an chomhlacht.
comhluadar company
" Bíonn cuimhní deasa agat ar an gcomhluadar agus ar na cairde a bhíonn agat dá bharr.
an chuideachta the company
" I ndiaidh tamaillín, d'éirigh an chuideachta iontach leadránach domsa agus mé stuama staidéartha.
compántas taistil drámaíochta travelling drama company
" " Tar éis céim a bhaint amach sa Luibheolaíocht, thosaigh Diarmuid ag caitheamh níos mó ama ag aisteoireacht leis na Fánaithe, compántas taistil drámaíochta a bhí lonnaithe i nGaillimh, seachas gairm a lorg ina réimse saineolais.
comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha independent production companies
" Cáineann sé TG4 de bharr nach dtugann siad, dar leis, go leor saoirse do na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha a mbíonn siad ag plé leo.
ina chomhluadar in his company
" Tá páistí chomh compordach ina chomhluadar is atá daoine fásta.
sular theip ar an chomhlacht before the company failed
" Ghlaoigh Comhdháil na Stát Aontaithe ar Skilling, iar-CEO Enron, chun fianaise a thabhairt ach mhaígh seisean nach raibh cuimhne aige ar shonraí na n-imeachtaí a tharla sular theip ar an chomhlacht.
comhlacht soghluaiste idirlín Internet mobile company
" Ar ndóigh chabhraigh sé go raibh beirt chuntasóirí mar stiúrthóirí ar an gcomhlacht!" Agus ar ndóigh chabhraigh sé freisin go bhfuil muinín aige as an gcomhlacht: "Is muidne an comhlacht soghluaiste idirlín is fearr ar domhan" a mhaíonn sé.
cuideachta shealbhaíochta holding company
" Thuig Berlusconi ar an toirt go raibh féidearthachtaí móra ann airgead a ghnóthú de bharr na n-athruithe a bhí ag tarlú agus bhunaigh sé cuideachta shealbhaíochta, Finivest, chun a chuid leas ar fad a riar.
comhlacht ailtireachta architectural company
" Dhear an comhlacht ailtireachta Bloc, atá bunaithe i Londain, na bothanna úra agus tá an chéad cheann (caife) le bheith tógtha taobh amuigh d'Ardoifig an Phoist faoi mhí Eanáir seo chugainn.
ina chomhluadar séimh, suáilceach in his gentle, pleasant company
" Agus duine chomh deas is a bhfaca tú riamh! Thit mé i ngrá lena chuid ceoil láithreach agus leis an duine féin ar ndóigh agus chaith mé an deireadh seachtaine ar fad ina chomhluadar séimh, suáilceach.
ina gcuideachta in their company
" I ndiaidh uair an chloig iontach pléisiúrtha a chaitheamh ina gcuideachta, shiúil mé amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, ag tabhairt neamhairde ar an bháisteach mar go raibh teocht Mheicsiceo agus a bpearsantachta liom go fóill.
chomhluadar fathaigh shéimh shuáilcigh seo an cheoil the company of this gentle cheerful of the music
" Cé gurb é "An Port Uaigneach" a chuireann tús leis an gceol ar an diosca seo agus cé gur ceol aonair den chuid is mó atá air, níor mhothaigh mise uaigneach ar chor ar bith agus mé ag éisteacht leis, ach amháin b'fhéidir sa gcaoi is gur thuig mé arís an luach atá agam ar chomhluadar fathaigh shéimh shuáilcigh seo an cheoil agus na n-amhrán.
comhluadar company
" Ach bíonn a seó sise ag a deich a chlog ar maidin, a cúig a chlog damanta domsa, agus is luaithe fós i mo dhúiseacht mé anois! Tuigeadh dom sa deireadh gur comhluadar Laidine is fearr le scéalta an domhain mhóir a phlé, de bharr a chríonna is a bhíonn na glórtha sin.
chomhluadar company
" Faigh amach cá bhfuil sé ag seinm agus déan cinnte de go gcaitheann tú seal ina chomhluadar.
comhluadar company
" Is féidir a rá go raibh comhluadar maith ag foireann na Poblachta sa mhéid sin, mar d'fhág foirne mór le rá ar nós na Fraince agus na hAirgintíne níos túisce ná na hÉireannaigh agus phacáil an Iodáil, Sasana, an Spáinn is araile a gcuid málaí i bhfad níos luaithe ná mar a bhí ceaptha dóibh a dhéanamh roimh an gcomórtas.
chomhluadar company
" Déarfaidh ceoltóirí leat go meallann daoine mar seo sa chomhluadar ceol maith astu.
i gcomhluadar stráinséirí in the company of strangers
" Thar aon áit eile is ar scoil is mó a chaitheann páistí am i gcomhluadar stráinséirí.
ina cuideachta in her company
" Bhí cara léi ag dul ar cuairt chun na tíre agus thug sí cuireadh do Nikki dul ina cuideachta.
comhlacht leagtha píopaí pipe-laying company
" " Cás cúirte ======= Agus í ar ais i gCalifornia, thosaigh sí ag obair ar chás cúirte frith-iontaobhais a thóg comhlacht leagtha píopaí darbh ainm ETSI i gcoinne cúig chomhlacht iarnróid a chuir cosc orthu ar feadh trí bliana déag píopaí a leagan chun gual a iompar trasna na Stát Aontaithe.
bhuíon company
" Chuaigh Breannan isteach i rannóg dóiteáin na cathrach mar oibrí deonach i dtús na 1840í, agus ceapadh é sa deireadh mar shaoiste ar an bhuíon.
i gcomhluadar in the company of
" Deir an tUasal Walshe gur tharla de Róiste agus é féin a bheith i gcomhluadar an Uasail Dwyer anois agus arís ag seisiúin cheoil.
comhlachtaí santacha forbartha greedy development companies
" Is ar an Rialtas, ar na húdaráis áitiúla, ar an lucht pleanála, agus ar na comhlachtaí santacha forbartha atá an milleán.
chomhlacht company
" Nuair a cheannaigh Pádraig Ó Céidigh Aer Árann ocht mbliana ó shin ba chomhlacht beag é a bhí ag cur seirbhíse ar fáil d'Oileáin Árann amháin.
comhlacht fíorbheag really small company
" Agus duine a bhí ag plé le comhlacht fíorbheag a bhí díreach ag cur seirbhíse ar fáil go hÁrainn, a chaill airgead chuile bhliain go dtí gur thosaigh sé ag plé leis.
an naoú comhlacht déag is mó the nineteenth biggest company
" Dá mbeadh Aer Árann i Meiriceá Thuaidh, bheadh muidne ar an naoú comhlacht déag is mó ansin ó thaobh líon paisinéirí de.
d'fhéadfadh an comhlacht dul síos the company could have gone down
" Díreach ag an am sin, d'fhéadfadh an comhlacht dul síos.
comhluadair company
" Bíonn a lán comhluadair acu, idir na turasóirí agus an líon mór cairde atá acu sa cheantar, gan trácht ar an dá chat, Pollo agus Chico.
comhlacht company
" Oibríonn sí mar dhearthóir ina comhlacht féin, One Source Graphics, ach is í an Ghaeilge a príomhghrá.
comhlachtaí athchúrsála recycling companies
" Cheana féin, déanann cuid mhaith comhlachtaí a gcuid páipéarachais a mhionghearradh sula gcuirtear é chuig comhlachtaí athchúrsála chun cáipéisí a choimeád rúnda, agus molann Coláiste na Tríonóide dá fhoireann déanamh amhlaidh le hábhar ríomhaireachta.
chuideachta company
" Bhain mé sult mór as na cairde nua agus as an chuideachta.
comhlacht company
" Oibríonn sí mar dhearthóir ina comhlacht féin, One Source Graphics, ach is í an Ghaeilge a príomhghrá.
braitheann sé sin ar an gcomhluadar! that depends on the company
" AÓF: Ceist amháin eile agam ort: Cén t-am a dtéann tú a chodladh? DNíS: Bhuel, braitheann sé sin ar an gcomhluadar! Tá tuilleadh eolais le fáil faoin ngrúpa Solas ag: (www.
comhlacht déantúsaíochta manufacturing company
" Eisceacht mhór amháin is ea Intel, atá ag iarraidh iarchéimithe a mhealladh in Éirinn arís - ach ar ndóigh is comhlacht déantúsaíochta iad siúd nach bhfuil ag brath ar bhandaleithead chun feidhmiú go héifeachtach.
comhlacht teoranta limited company
" Rinneadh comhlacht teoranta den Ghaeláras sa bhliain 1999 nuair a ceapadh Gearóid Ó hEára mar Stiúrthóir ar an ghrúpa.
complachtaí companies
" Bhí Gregg ina cheannaire ar cheann de na complachtaí ba mharfaí agus ba sheictí de chuid an UDA sular mharaigh a iarchomhghleacaithe é.
comhlacht farantóireachta ferry company
" Is é an comhlacht farantóireachta Turasmara atá i mbun na seirbhíse báid agus tá oifig acu ar an Bhun Bheag (075-32210) agus i Machaire Rabhartaigh (074-35501).
a gcomhluadar their company
" Beidh mé an-bhuíoch díobh go deo as a gcuid ceoil agus as a gcomhluadar.
comhluadar company
" Beidh mé an-bhuíoch díobh go deo as a gcuid ceoil agus as a gcomhluadar.
chomhlacht próiseála éisc fish processing company
" " De réir Tony Byrne ón chomhlacht próiseála éisc Norfish, atá lonnaithe i nDún na nGall, tagann 10% dá theacht isteach ón mhargadh Éigipteach agus dá dteipfeadh air sin chaillfí postanna.
chomplacht company
" Ní raibh sé sásta sinne a fheiceáil mar nach raibh go leor spáis ar an eas dúinne agus do chomplacht saighdiúirí fosta.
chomhlacht company
" Tá Séigheann ina bhall de chomhlacht darb ainm Gael Dealbh atá ag cruthú píosaí dealbhóireachta do na siúlóidí sin ar a dtugtar Bealach na Gaeltachta.
gcomhlacht árachais insurance company
" Foilsíodh tuarascáil le gairid faoin gcaoi ar chlis ar an gcomhlacht árachais HIH in 2001 agus na cúiseanna a bhí leis.
chomhlachtaí neamhspleácha independent companies
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Ní fhaigheann ach ós rud é go bhfaigheann Bord Scannán na hÉireann, TG4 agus RTÉ maoiniú díreach nó indíreach ón stát is dócha go bhfaigheann … Níl deontas i gceist lenár gcuid oibre ach anois go bhfuil an deis agam cúpla focal a rá: tá buiséid TG4 bídeach, ní féidir cáin bhreis luacha a ghearradh ar an mBord Scannán agus caitheann RTÉ níos mó airgid ar chlár a dhéantar go hinmheánach ná mar a thugann siad do chomhlachtaí neamhspleácha chun clár den chineál céanna a dhéanamh.
den chomhluadar callánach of the noisy company
" Ní móide go n-aithneodh í dá mbeadh tuilleadh cos scoite caite thart ann ach nuair nach raibh ann ach í agus gan éinne eile den chomhluadar callánach ar leathchois bhí a fhios aige go gcaithfeadh sé gurb í a bhí ann.
compántas company
" Bhíos i láthair le déanaí ag dráma a chuir compántas Thaibhdhearc na Gaillimhe ar an stáitse i mBaile Átha Cliath, is é sin an dráma "Níor Mhaith Linn do Thrioblóid" le Joe Steve Ó Neachtain.
inár bhfochair in our company
" Deich mbliana ó shin, gan trácht ar fhiche nó ar chaoga bliain, cé a chreidfeadh go mbeadh dráma nua Gaeilge á léiriú ag foireann dhíograiseach, ghairmiúil den scoth agus ag aisteoirí a bhíonn inár bhfochair sa seomra suite gach oíche beagnach tré mheán na teilifíse; go mbeadh ár mbealach teilifíse féin againn, ag craoladh chugainn cluichí na nGael agus spórt eile seachtain i ndiaidh seachtaine, "beo beathaíoch" mar a deir SBB! Tá an teicneolaíocht tar éis an mhíorúilt seo a chur ar fáil, agus daoine atá tar éis í a thabhairt chun blátha.
ní raibh cuma uirthi gur bhain comhluadar an duine biongadh ar bith aisti she didn't seem to be at all bothered/shocked by the company of a person
" Bhí an spideog i gcónaí cineál dána agus ní raibh cuma uirthi gur bhain comhluadar an duine biongadh ar bith aisti.
chomhluadar spairneach combative company
" Admhaíonn Ballagh go raibh sé ar a shuaimhneas sa "chomhluadar spairneach" seo agus é ina "fhear óg teasaí", go dtí 1968 nuair a chothaigh na rudaí a bhí ag titim amach sna Sé Chontae scoilt idir é féin agus na "nua-aoisithe".
comhlacht aistriúcháin translation company
" Chomh maith leis an stádas a thugann sé don Cheathrú Rua oifigí nuachtáin náisiúnta a bheith suite ann, cuireann sé fostaíocht mhaith ar fáil, mar a chuireann an comhlacht aistriúcháin Europus, atá lonnaithe sa bhfoirgneamh céanna.
comhlachtaí ceirníní record companies
" Ní gá go mbeadh an dearcadh seo ag Apple agus ag na comhlachtaí ceirníní atá ag tacú leo.
ó chomhlachtaí lasmuigh dá dtír féin from companies outside their own country
" Tá tomhaltóirí tar éis dul i dtaithí cheana féin ar earraí a cheannach ar an idirlíon ó chomhlachtaí lasmuigh dá dtír féin.
comhlachtaí ilnáisiúnta multi-national companies
" Tá dúil ag an Indinéis agus ag na comhlachtaí ilnáisiúnta i dtalamh agus acmhainní an-saibhre Phapua Thiar.
comhlacht árachais insurance company
" " I ndiaidh di clár a fheiceáil ar an teilifís faoi sheach-chonair ghastrach, chuaigh sí i dteagmháil lena comhlacht árachais le fiosrú faoi chumhdach a fháil don mháinliacht.
comhlacht dí drinks company
" Is é Bailey's, an comhlacht dí, príomhurraí an taispeántais agus beidh an brabach ag dul chuig Pobal Shíomóin (carthanacht do dhaoine gan dídean) agus The Jack and Jill Trust (a chuidíonn le páistí atá faoi mhíbhuntáiste).
fara in the company of
" Bím ag léamh shaothar Hóiméir, WB Yeats agus Mháirtín Uí Dhireáin, agus ag ceol amhrán fara mo chomhshaighdiúirí.
Comhlachtaí móra tógála dúchasacha big indigenous building companies
" Comhlachtaí móra tógála dúchasacha, leithéid McInerneys agus McGowans, a bhailíonn an chuid eile den chíos talún sa stát seo.
comhlachtaí príobháideacha private companies
"comhlachtaí príobháideacha amháin atá taobh thiar den drochobair seo.
úinéirí na gcomhlachtaí teileachumarsáide eile owners of other telecommunications companies
" Dá mbeadh, bheinn ag breathnú anois ar ardú 30 faoin gcéad sa mbliain ar mo chuidse airgid - méadú atá i bhfad Éireann níos mó ná aon bhrabús eile atá déanta ag úinéirí na gcomhlachtaí teileachumarsáide eile san Eoraip.
chuideachta company
" Bhain na hógánaigh an-sult as an chuideachta (Albert Fry ina measc), as an cheol, as an ghreann, as an bheár! Chuaigh Gearóid chuig an Ollscoil le Gaeilge a dhéanamh ach níor fhan sé i bhfad ina cheann.
comhlachtaí companies
" Tá eastát tionsclaíoch bunaithe le cúpla bliain anuas, ina bhfuil comhlachtaí ar nós More Net Teoranta agus Seaspray ag feidhmiú.
a bancbriseadh a chomhlacht that his company was bankrupt
" Ag tabhairt fianaise dó dúirt Rupert gur de bharr taisme leoraí a bancbriseadh a chomhlacht.
comhlachtaí móra big companies
" Bhí comhlachtaí móra ó cheithre choirnéal an domhain sásta infheistiú ansin.
Ard-oíche cuideachtan a great night of company
" Nuair a bhíomar traochta den gcaibidil ar fad faoin nGaeilge, do thóg Barra bosca ceoil mór groí amach agus thug sé cúpla port dúinn ar a shuaimhneas … Ard-oíche cuideachtan agus níorbh í a haon í i dtigh seo na nDonnabhánach, ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach ná tigh muintire, mar go mbíodh an oiread sin daoine ag tarraingt ar an dtigh.
chomhlacht company
" Go deimhin, tá fógra ag Eircom faoi láthair a chlúdaíonn roinnt den ábhar ar an suíomh, mar aon le fógra do chomhlacht eile.
drochchomhluadar bad company
" Tarraingeoidh sé drochchomhluadar ar an áit, a dúradar.
chomhlachtaí companies
" Chonaic muid sin in Alban nuair a thug Comataidh na Gàidhlig airgead do chomhlachtaí mar SMG (ar leo Scottish TV agus Grampian TV) agus ansin chraol SMG na cláracha ar a haon a chlog ar maidin! Caithfear é sin a sheachaint," arsa Aled.
comhlacht company
" Tá ríomhchlár ar a dtugtar WsxM curtha ar fáil saor in aisce ag an gcomhlacht Nanotec (www.
comhlacht feola Éireannach an Irish meat company
" Tuairisc a rinne siad ar an chlár "Farm Diary" ba chúis leis seo, tuairisc ina ndúirt siad go raibh comhlacht feola Éireannach lárnach i bfiosrúchán a bhí ar bun san Iaráic maidir le caimiléireacht feola, agus gur baineadh míleas as scéim árachais de chuid an rialtais trí fheoil, nárbh fheoil Éireannach í, a chur isteach fúithi.
gan chomhluadar without company
" Cé go mbíodh sé leis féin, bhí neart cairde ina thimpeall, mar bhí aithne ag gach duine air agus ní bhíodh sé gan chomhluadar.
i gcomhluadar amhránaithe in the company of singers
" Tá ceoltóirí ann nach gcaitheann aon am i gcomhluadar amhránaithe.
comhlachtaí ríomhaireachta computer companies
" Leis an teicneolaíocht físe atá ar fáil faoi láthair, is féidir linn go léir iarracht a dhéanamh aithris a dhéanamh ar eachtraí Hector ar TG4 - ach cén fáth a bhfuil na comhlachtaí ríomhaireachta ag tabhairt na mbogearraí cuí amach saor in aisce? Is beag ríomhaire nua nach mbíonn bogearraí le fáil air a chuireann ar chumas duine eagarthóireacht a dhéanamh ar fhíseáin.
comhúinéirí an chomhlachta the joint owners of the company
" Tá bliain chinniúnach chruógach curtha díobh ag comhúinéirí an chomhlachta, na deirfiúracha Bríd agus Eileen Seoighe agus Pierce Boyce (atá pósta le Bríd).
chomhluadar company
" Dála an cheoil agus na n-amhrán, is le grá don chomhluadar agus don spraoi a ghlac mé páirt sa gCumann Dramaíochta.
i bhfábhar comhlachtaí státurraithe a phríobháidiú in favour of privatising state-sponsored companies
" Is é an *Bertie Speak *céanna a chuireann ar chumas an Taoisigh a rá nach bhfuil sé i bhfábhar comhlachtaí státurraithe a phríobháidiú ach, ag an am céanna, leanúint ag gearradh a mbuiséad bliantúil.
comhlacht company
" Cathain a bunaíodh an tÁras agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh an tÁras i 1938, nuair a chuir craobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge comhlacht teoranta ar bun chun airgead a bhailiú le hÁras a cheannach sa chathair do phobal na Gaeilge.
comhlacht teoranta limited company
" Cathain a bunaíodh an tÁras agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh an tÁras i 1938, nuair a chuir craobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge comhlacht teoranta ar bun chun airgead a bhailiú le hÁras a cheannach sa chathair do phobal na Gaeilge.
ag coinneáil comhluadair leis féin keeping him company
" Agus anois bhí éinín seo Dé ag coinneáil comhluadair leis féin.
comhlacht company
" ) Sin mar atá sé le cúig bliana déag i JD Wetherspoons, an comhlacht tithe tábhairne is rathúla sa tír.
comhlacht company
"comhlacht amháin in Alice Springs a bhfuil 20 tiománaí fostaithe aige a bhraitheann go mór ar iompar bóthair idir Alice agus Darwin.
i gcuideachta in the company of
" Ach ba mhaith liom, tar éis fiche bliain eile faoi bhláth ar an saol seo, a bheith i gcuideachta mo ghaolta is mo chairde ar neamh! Fuair tú gradam "The Greatest Living Irishman" in 2002.
sa chomhluadar in the company
" An é atá i gceist aige an chaoi a n-iompaíonn grúpa Gaeilgeoirí ar an mBéarla nuair a bhíonn duine amháin sa chomhluadar gan Ghaeilge? "Sea.
i gcomhluadar mo mhná in the company of my wife
" "Bhí mé in ann a bheith i gcomhluadar mo mhná agus mo pháistí go minic agus fiú seal a chaitheamh ag imirt gailf nó ag iascaireacht.
comhlachtaí príobháideacha private companies
" 50 san uair, i gcuid de na comhlachtaí príobháideacha, mar shampla, nó má bhíonn tú ag obair mar rúnaí pearsanta san earnáil phoiblí.
i gach comhluadar in every company
" Ní théann bliain amháin thart gan na conspóidí bliantúla a bheith pléite go mion sna clubthithe, sna tábhairní, sna meáin chumarsáide agus i gach comhluadar ina bhfuil na cluichí tábhachtach.
ollchomhlacht ola major oil company
" D'iarr sé ar Peter Schwartz, comhairleoir de chuid an CIA agus iarcheannasaí pleanála leis an ollchomhlacht ola Royal Dutch Shell, agus ar Doug Randall ón Global Business Network, staidéar a dhéanamh ar fhianaise áirithe atá ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas go bhféadfadh athrú tobann tarlú - agus go deimhin gur tharla eachtraí den chineál sin i bhfad siar sa stair.
comhluadar company
" " Ní fear é seo a chodlaíonn go headra, is cosúil, agus is lena chlann a chaitheann sé a chuid ama shaoir agus baineann sé an-chraic as comhluadar a pháistí.
comhlacht príobháideach private company
" " Níl ciall ná réasún ar bith leis an M3 ach go mbeidh na billiúin euro le déanamh as mar go mbeidh stáisiúin dola air - airgead a rachaidh chuig comhlacht príobháideach.
comhlacht company
" Faraor, níl fágtha anois ach sráidainm nó dhó chun comóradh a dhéanamh ar an obair ar fad a bhí ar bun ag an gcomhlacht Grubb & Son ó thart ar 1830 go dtí 1916.
chomhlachtaí eiticiúla ethical companies
" " Luann sé an chaint ar fad faoi chomhlachtaí eiticiúla, go bhfuil an pobal ag éileamh anois go mbeidh rud éigin maith á dhéanamh lena gcuid airgid.
b'annamh cuideachta na bhfear aige he seldom had the company of men
" * Gluais • Glossary mo dhícheallmy best a gheallaim dom féinI promise myself san fhásachin the desert d'fhéadfainn staonadh ó sheacláidI could abstain from chocolate don Charghasfor Lent cleastrick chuirfinn dallamullóg orm féinI'd delude myself blastatasty íobairtsacrifice maitheasgood bródúilproud casacht mhór ghroía great big cough tairseachthreshold tanaíthin fiáinwild de shíoralways seanfhaiseantaold-fashioned láchfriendly, pleasant mearbhallconfusion cheapasI thought a bhlas tuaisceartachhis northern accent chloisimis a chasachtwe used to hear his cough bhímis ar bíswe used to be excited/impatient cúbógacollections of Easter eggs scaoilimis gach uile ní uainnwe'd cast everything aside go scafántaspeedily ghlacadh sí buíochas leisshe would thank him chuireadh sí i bhfolach éshe would hide it ag iomrascáil lena chéilewrestling one another suachmáneasy-going person gan puth análawithout a puff of breath parlúsparlour, sitting-room deireadh sí linnshe would say to us cur i gcéill iomlántotal pretence thuigeadh siseshe'd understand bheannaímis dówe would greet him d'fhiafraímis dewe'd ask him d'fhreagraímiswe would answer go fuarbhruiteindifferently ag tóraíocht an mhálasearching for the bag nodclue go n-alpfadh Daidí siar iadthat Dad would devour them beadaílover of sweet things dá bharras a result d'éalaigh méI escaped cófrapress ag póirseáil thartrummaging about málaí plaisteachaplastic bags doirtealsink de phreabsuddenly go raibh mo chosa nitethat it was all up with me polaitíocht an tuaiscirtthe politics of the north daoine muinteartharelations díospóireachtaí bríomharalively debates a chuairteannahis visits b'annamh cuideachta na bhfear aigehe seldom had the company of men ag útamáilfumbling ba ghiorra in aois diclosest to her in age mo dhála féin agus Tríonajust like myself and Tríona fé mar a chaitheadh Tríona liomsaas Tríona used to treat me barrúilfunny de shíor dár gcáineadhalways criticizing us ag spochadh as m'uncailteasing my uncle agus uasal le híseal á dhéanamh aigesean uirthiseand he was patronizing her tá sé chomh maith agamI may as well á leanúintfollowing him garda gradaimguard of honour cársánwheeze inchreidtecredible plúchadhasthma ag sméideadh ar m'uncailnodding at my uncle dá mbéarfaí ormif I was caught isteach sna gnáthchróite folaighinto the usual hiding-places macalla na nglórthathe echo of the voices tuaromen, sign an ceann ab ansa liom féinthe one I liked best mealltachenticing bonnánhorn fardoraslintel of door vardúswardrobe bheir mé barróg airI hugged him ag cóiriú na n-adhartánarranging the cushions glicsly caoi a chur ar an áitto tidy up the place margadhdeal a roinntto share stróic méI tore daitecoloured dúil chráitetorturous desire candaí móra seacláidebig chunks of chocolate blúire ar bhlúirebit by bit giodalachperky bhuail fonn múisce muidwe felt like vomiting tháinig iarracht den cheann faoi orainnwe became a little bit down smeartha le seacláidcovered in chocolate teipfailure
ag tagairt do chomhlachtaí árachais referring to insurance companies
" Is ag tagairt do chomhlachtaí árachais agus do lucht an dlí atáim, dreamanna atá ag leagadh síos an phraghais, mar a déarfá, agus an costas a bhaineann le reáchtáil agus eagrú spóirt éagsúla.
i gcuideachta na n-aisteoirí eile in the company of the other actors
" Phós siad i 1954 agus chaith siad mí na meala i nGlaschú i gcuideachta na n-aisteoirí eile agus iad ar camchuairt in Albain! Chum sé an t-amhrán "Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair" don turas agus chuaigh na liricí i bhfeidhm go mór ar na Conallaigh thall.