Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chlampair trouble, commotion
" Breis is fiche bliain tar éis an chlampair is féidir liom a rá go bhfuil an chathair seo níos fearr i dtaca leis an gcaoi a bhfuilimid ag maireachtáil le chéile.
cambús commotion
" ** Má tharlaíonn cambús (is é sin, níos mó ná imreoir amháin go díreach san imirt leis an liathróid) ní ceadmhach an camán a luascadh ach amháin nuair atá an liathróid san aer.
rúille búille commotion
" "Cén fáth nach dtógtar amach as an gcarr an créatúr bocht ar aon nós go bhfeicfidh muid cé hé féin," a d'fhiafraigh sé ansin agus díomá air faoina laghad rírá agus rúille búille a bhí timpeall láthair na timpiste.
ruaille buaille commotion
" Tá go leor ruaille buaille ann faoi láthair faoi na Cluichí Oilimpeacha ((www.
ruaille buaille hassle, commotion
" Mar sin, is maith is fiú cuairt a thabhairt ar an mbaile ildaite seo, atá scoite amach ón ruaille buaille, más mian leat a bheith ar do chompord tamall.
ruaille buaille commotion
" AÓF: Céard iad na fadhbanna is mó a bhaineann leis na gcláirseach? HL: Tá siad an-trom! Agus ansin bíonn ruaille buaille ann má bhíonn tú ag iarraidh í a thógáil isteach i seisiún.
clampar trouble, commotion
" B'in an seans do Ghascar féin agus thapaigh sé an deis críoch a chur le clampar an fhathaigh shalaigh; sháigh sé a chlaíomh go feirc ina cheann agus thit an Broím Soghluaiste marbh go doicheallach.
caismirte commotion
" Is léir gur bhuail néal codlata iad beirt i ndiaidh na caismirte uilig nó fán am a dtáinig siad chucu féin arís bhí an fharraige ina blár cothrom agus ní creidfeadh duine ná deoraí go raibh siad ag corraíocht leis an ghaoth níos lú ná uair roimhe sin.
an oiread clampair fúthu as much commotion about them
" Táim ag trácht dar ndóigh ar na rialacha atá i bhfeidhm ó thús na bliana sna cluichí idirchontae sinsear, ach nach bhfuil in úsáid ag aon leibhéal eile! Nuair a scríobhas faoin ábhar seo cheana, sular thosaigh comórtais na hathbhliana, ba dheacair a shamhlú go mbeadh an oiread clampair fúthu is a bhí chomh luath sa tréimhse thrialach.
rúille búille commotion
" Teach tábhairne ciúin folamh faoi dheireadh! Éalú ón slua, an raic, an rúille búille, an torann, an gleo, an brú daoine.
chlampar trouble, commotion
" Creidfidh *Love Ulster* gur ionsaí orthu féin a bhí in achan mhíghníomh a tharla an deireadh seachtaine seo caite, ach bhí i bhfad Éireann níos mó taobh thiar de chlampar an tSathairn seo caite, rud nár thuig na polaiteoirí agus, ach go háirithe, b’fhéidir, na Gardaí.
cambús commotion
" Ionsaí ar phóilín Is cuimhin liom Dé Sathairn amháin nuair a bhí cambús ann, agus *skinheads* i ngach áit, gur bhuail Colin fear éigin agus gur thit sé go talamh.
ar an hurlamaboc tacair seo on this contrived commotion
" Más ea, ámh, is cosúil gur beag aird atá pobal Mheiriceá ag díriú ar an hurlamaboc tacair seo – bhreathnaigh dhá oiread níos mó daoine ar an gcartún “Spongebob Squarepants” ná ar dhíospóireacht na bPoblachtánach ar an 15 Bealtaine! Airgead is bun leis an gclampar seo go léir, ar ndóigh.
an oiread sin clampair so much commotion
" Nárbh é sin an t-imreoir céanna a raibh an oiread sin clampair faoin gcaoi ar caitheadh chun talaimh é go dleathach le linn cluiche a imríodh i gcoinne na hAstráile faoi rialacha idirnáisiúnta an fómhar seo caite? Fadhbanna leis an gcóras Ach is í an fhadhb is mó atá ag CLG ná seasamh na n-imreoirí, na mbainisteoirí agus na n-oifigeach i leith na rialacha agus an chórais smachta.
gan clampar na gceolchoirmeacha without the commotion of the concerts
" Ciúnas gan clampar na gceolchoirmeacha atá á lorg againn.
clampar commotion
" Ar 8 Feabhra na bliana sin, scríobh sé alt a tharraing clampar sna meáin chumarsáide agus i gcroí agus aigne mhuintir na tíre.
clampar commotion
" Mar bharr ar an donas, bhí clampar sna meáin chumarsáide an mhí seo caite – gan trácht ar anbhá i measc daoine nach bhfuil ach ceadúnas sealadach tiomána acu – nuair a d’fhógair an tAire Iompair, Noel Dempsey, nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint a thuilleadh ach amháin dá mbeadh tiománaí láncháilithe in aice leo.
clampar commotion
" Eachtra urghnách a bhí inti, a raibh clampar sna nuachtáin náisiúnta agus sna meáin chumarsáide i gcoitinne fúithi.
is baolach go mbeidh clampar i gceist there is a danger that there will be a commotion
" Ach mar is iondúil le beartais inimirce san Astráil, is baolach go mbeidh clampar i gceist sula gcuirfear an cur chuige nua i bhfeidhm.
gclampar commotion, rumpus
" Cuireadh tús leis an gclampar polaitiúil gan mhoill.
rúscadh commotion
" Iompar a Insíos go Leor Le linn na trioblóide, gortaíodh deichniúr póilín ach is éigean an cheist a chur, cén fáth nach raibh an PSNI in ann stad a chur leis an rúscadh sular thosaigh sé.
ruaille buaille commotion
" Tá an rí rá agus an ruaille buaille agus an rúscam raindí ar fad thart.
go glórach, caoch in oblivious commotion
" Bhí iriseoirí an bhaile ag tógáil pictiúr go glórach, caoch.
ruaille buaille commotion
" Bí ag faire amach a deir Brian Ó Broin, don reicstí agus do ruaille buaille mar gheall ar ghnóthaí sláinte sna Stáit an fómhar seo.