Ag leibhéal eile, is é an fhís atá agam ná go mbeadh eagar níos fearr ar fhorbairt na Gaeilge:
le gur féidir linn an teanga a chur ar fáil don réimse mór den phobal atá á hiarraidh;
le nach gcuirfear amú aon chuid den obair atá á déanamh, ag aon leibhéal, don teanga;
le go mbeidh
comhtháthú iomlán ann i gcás gníomhaíochtaí Gaeilge, idir chinn dheonacha, chinn stáit agus chinn Ghaeltachta, ó cheann ceann na tíre.