"
"Tá an tír seo ag imeacht le drabhlás agus le díobhlás," a mhaíonn fear na súile nimhe, "Murab ionann agus na laethanta glórmhara sin nuair a socraíodh aighnis le creach agus sceimhle agus comhrac aonair le breacadh an lae.
Dúnmharú
=======
Ba sa Róimh, ar an 26 Bealtaine 1606 a mharaigh Caravaggio fear óg darbh ainm Ranuccio Tomassoni i ndiaidh dóibh comhrac aonair fada bheith acu.
Anois, tuigim nach dtuigeann sibh an dóigh a bhfuil sé sin ina chomhrac aonair, má tá drong fealltóirí fealltacha im’ éadan, ach cuimhnígí, a chlann dhílis na léine goirme, gur mór an méid rudaí a thuigimse agus nach dtuigeann sibhse.