Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag teacht ar shála ghníomh ollmhór díchoimisiúnaithe coming on the back of a major act of decommissioning
" Fuarthas amach cúpla lá ó shin, áfach, go bhfuil oifigigh rialtais ag obair ar dhréachtdoiciméad a leagfadh síos an comhthéacs ina gcuirfí ar bun feidhmeannas bunaithe ar roinnt cumhachta idir an DUP agus Sinn Féin, ag teacht ar shála ghníomh ollmhór díchoimisiúnaithe ón IRA.
a theacht ar ais chucusan to come back to them
" Ar an 17 Aibreán 2005 shéan urlabhraí de chuid an PSNI an méid seo in alt san *Irish Independent *agus dúirt go rabhadar siúd ag fanacht ar na Gardaí a theacht ar ais chucusan.
a thagann ar ais chun cuimhne dóibh but which comes back to memory
" AÓF: Deir ceoltóirí go minic freisin go spreagann ceoltóirí eile iad le tiúin faoi leith a sheinm – tiúin, b'fhéidir, nach bhfuil seinnte acu le fada ach a thagann ar ais chun cuimhne dóibh nuair a bhuaileann siad le ceoltóir ar leith.
ag caoineadh na laethanta nach dtiocfadh ar ais: lamenting the days that won't come back
" Bhí sé ag caoineadh na laethanta nach dtiocfadh ar ais: ‘Cad a dhéanfaimid feasta gan snaoisín?’ Tá amhras anois faoi lucht lúthchleasa an domhain Nach n-úsáideann a gcloigeann faoi steroids, ochón.
go dtiocfaidh sé chuige féin i ndeireadh báire that he will come back to his senses eventually
" Deir sé leo go dtiocfaidh sé chuige féin i ndeireadh báire má fhágann siad ar a chonlán féin é.
tháinig sé anuas he came back down
" Is é a deir sé anois ná go ndeachaigh sé suas agus é ina bhall de bhanna amháin, agus gur tháinig sé anuas agus é ina bhall de bhanna eile! An amhlaidh go raibh Kíla cineál spréachta leis de bhrí gur fhág sé an banna go tobann ? “Is dócha go raibh ar feadh tamaill.
tháinig sé chuige féin he came back to his senses
" Ach sa deireadh, tháinig sé chuige féin agus tháinig sé ar ais leis an mic a thabhairt dúinn! “Buaicphointe eile ab ea an seó grinn ar a bhoinn a rinne an fuirseoir Des Bishop.
An tAiséirí the come back
" An tAiséirí Murab ionann agus dornálaithe, cuir i gcás, deirtear go bhfuil sé ionann is dodhéanta ag lucht rothair teacht ar ais mar iomaitheoirí tar éis dóibh éirí as an spórt ar feadh scaithimh ar an ábhar gur spórt thar a bheith dian é a éilíonn leibhéal an-ard aclaíochta, nirt agus crógachta.
teacht aniar come back
" Tagann ardú dá réir ar Fhianna Fáil sna pobalbhreitheanna agus tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil teacht aniar iontu.
tíocht ar ais to come back
" “Ach anuas ar sin, mheas mé go dtabharfadh sé an dara deis do thuismitheoirí tíocht ar ais chun na Gaeilge,” ar sé.
gur tháinig sí chomh fada seobh ar ais aríst that it came back as much as it has again
" Agus is iontach an rud gur tháinig sí chomh fada seobh ar ais aríst! Bhí sí tití as a chéilí ansin ó na seachtóidí i leith, ach iad ag cur suas na n-ainmneachaí Gaeilge anois.
Tá borradh ag teacht arís faoin Ghaeilge Irish is coming back again
" Tá borradh ag teacht arís faoin Ghaeilge in Éirinn agus thar lear le blianta beaga anuas.
Murar tháinig na scamaill luaithrigh ar ais if the ash clouds didn’t come back
" Murar tháinig na scamaill luaithrigh ar ais le cur isteach air, tháinig a scáil.
ar an teacht aniar sin that come back
" Agus an bhliain nua buailte linn, tá mé sásta go dtarraingeoidh muintir na hÉireann ar an gcarachtar agus ar an teacht aniar sin atá léirithe chomh minic sin acu cheana chun léargas nua ar an gcomhghaelachas sin againne a mhúnlú, a shaineofar trí luachanna an chúraim, na dlúthpháirtíochta, na hiontaoibhe agus na freagrachta.
nach dtiocfaidh siad they shall not come back
" Bíodh go gcuirfidh siad lena líon suíochán amach anseo, tá sé den tuairim nach dtiocfaidh siad ar ais ar a seanléim arís.