Cad tuige nach bhfuil aon doiciméad ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le líon na n-eagraíochtai Gaeilge a laghdú nó a chónascadh? Agus an darna ceist: cad atá sa 48 doicméid nár tugadh dom maidir le Colmcille agus Bord na Leabhar Gaeilge atá chomh leochailleach sin go bhféadfaí cur isteach ar an chaidreamh Thuaidh Theas? Is faoin léitheoir féin atá sé an chéad cheist a fhreagairt agus is as achomharc chuig an
Coimisinéir Faisnéise a thiocfas freagra an dara cheist.