Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cistí coffers
" An mbeadh cluichí iontacha againn seachtain i ndiaidh seachtaine agus luas agus aclaíocht dhochreidte agus scil dhosháraithe á léiriú ag imreoirí ó cheann ceann na tíre? Nó an mbeadh imreoirí ag cur chuige leis an díograis agus an paisean céanna is a léiríonn siad faoi láthair, ag cur san áireamh dá mbeidís gortaithe go gcaillfidís amach ó thaobh airgid de an tseachtain dár gcionn? An Cumann féin ======= Ceist eile a éiríonn as an bplé seo ná cén difríocht a dhéanfadh sé don Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre dá mbeadh an t-airgead a théann isteach i gcistí éagsúla de ghnáth á úsáid chun tuarastal a íoc leis na himreoirí idirchontae? An mbeadh clubanna agus scoileanna thíos leis? An mbeadh fir agus mná sásta a gcuid ama a chaitheamh saor in aisce ag traenáil daoine óga agus á dtabhairt chuig cluichí dá mbeadh imreoirí ag fáil íocaíochta ag an am céanna? An mbeadh an lucht leanúna ann seachtain i ndiaidh seachtaine, sásta taisteal ar fud na tíre chun tacaíocht a thabhairt do na foirne, go mórmhór dá mbeadh siad ag cailliúint cluichí go rialta? Tá na ceisteanna seo agus tuilleadh bainteach leis an ábhar agus is cinnte go mbeadh athrú ar an gCumann Lúthchleas Gael dá dtiocfadh an ghairmiúlacht i bhfeidhm.
státchiste state coffers
" Mar shampla, sábháil de €7m is cosúil a thiocfaidh chuig an státchiste as múinteoirí acmhainne a bhaint ó 900 dalta bunscoile a bhfuil míchumas foghlama ginearálta éadroma orthu.
hathshlánú an státchiste the rehabilitation of the state coffers
" Ní fios go fóill cioca cróga nó meargánta é mar chraic bhailithe airgid thapa an straitéis sin ‘fhonn tús a cur le hathshlánú an státchiste’, i bhfoclaibh maorga an Aire Airgeadais, ‘próiséas a leanfaidh go ceann cúig bliana eile,’ ar a laghad.
ciste coffers
" (Dar ndóigh ní mó a rá nach bhfuil a leithéid de rud ann agus seirbhís teilifíse saor in aisce sa mhéid gurb é pobal na tíre a íocann as cuid mhór de chostais RTÉ tríd an ceadúnas teilifíse agus trí mhaoiniú as ciste an Stáit).
státchiste state’s coffers/treasury
" (Ní bheadh Fine Gael iomlán ar a socracht léi i mbun an státchiste.
Biseach Chiste an Stáit betterment of the state coffers
" Cniogadh an Duine, Biseach Chiste an Stáit ================ Cailltear amuigh is istigh ar $10 billiún sna meaisíní cearrbhachais in aghaidh na bliana agus bailíonn rialtais na stát agus na gcríoch sa bhreis ar $4 billiún gach bliain as an gcáin a ghearrtar orthu.
státchiste state coffers
" Is léir do nach do na daoine a oibríonn aon chóras polaitíochta a chuidíonn le hollmharú ar nós 1847-51 ná le hollbhradaíl na linne seo féin nuair a bhaintear na billiúin as an státchiste a chruthaigh oibrithe na tíre lena bhronnadh, lena bhronnadh, lena bhronnadh ar dhaoine is ar chomhlachtaí príobháideacha thar lear agus abhus.
chistí an stáit the state coffers
" Ach leanann rialtas i ndiaidh rialtais mar sin féin le beartais a chuireann brú ar dhaoine lonnú sna cathracha ar mhaithe le buntáisti buiséid gearrthréimhseacha mar go gcosnaíonn na haonaid chónaithe agus an bonneagar i bhfad níos lú airgid ar chistí an stáit.
ar an státchiste for the state coffers
" Tá os coinn 2,200 múinteoir bunscoile agus thart ar 400 múinteoir dara leibhéal i dteideal an liúntas seo a fháil san am i láthair agus cosnaíonn sé thart ar €5m ar an státchiste gach bliain.
airgead a dh’fháilt díreach ón Státchiste to obtain money directly from the state coffers
" *” Theip air anseo aon thagairt a dhéanamh dos na hailt eile sa Bhunreacht céanna a thug aitheantas sollúnta don “Tríonóid Naofa”, comhartha ríthábhacht de chuid creidimh amháin nó dos na hailt a thug cead don Eaglais Chaitliceach airgead a dh’fháilt díreach ón Státchiste, airgead a úsáidtear chun bunrialacha an chreidimh sin a mhúineadh sna scoileanna poiblí.
sa státchiste in the state coffers
" Má laghdaítar ar cháin an ‘squeezed middle’, ní thiocfaidh sé chun tairbhe an íseal aicme atá ag obair ar an ‘minimum wage’, agus is cinnte go mbeadh níos lú airgead sa státchiste le feabhas a chur ar shaol na ndaoine atá ag brath ar an státchóras lena gcaighdeán maireachtála a chosaint.
státchiste state coffers
" Ceithre mhilliún €uro a dúradh linn, imithe, ar shiúl, bailithe leis, i dtiachóga mhuintir sin Oirthear na hEorpa as an státchiste abhus.