Cén fáth go gceadaítear do dhream an mhíchruinnis obair mhaith
na coda eile a mhilleadh? An samhlaítear nach dtugtar an míchruinneas faoi deara, go forleathan? Cén fáth nach gcuidítear le craoltóir an mhíchruinnis i ndiaidh cláir, nó an mhaidin dár gcionn? Sin, nó a bhaint d'obair an chraolacháin! Ní hé go mbeifí ag súil le cruinneas chuile lá den saol ag duine, ach tá roinnt a chaithfear cuidiú leo.