Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhoibriú idirnáisiúnta international co-operation
" Tuigeann Washington anois go bhfuil géarghá le comhoibriú idirnáisiúnta má tá siad chun deireadh a chur le sceimhlitheoireacht dhomhanda.
chomhoibriú co-operation
" "Ar cúl, tá pictiúir de dhroichid a sheasann do chomhoibriú, ní hamháin laistigh den Eoraip ach leis an gcuid eile den domhan chomh maith" de réir an Bhainc Ceannais.
comhoibriú co-operation
" Na laethanta seo, tá comhoibriú níos fearr idir Gaeilgeoirí na hAstráile, ach is fadhb mhór dúinn i gcónaí an fhad atáimid óna chéile.
Comhar na gcomarsan neighbourly co-operation
comhoibriú co-operation
" Tá díomá air, áfach, nach bhfuil comhoibriú níos fearr idir iad féin agus na meáin Ghaeilge eile.
comhoibriú co-operation
" Ní fhacthas comhoibriú den chineál céanna idir tuath agus cathair ó bhí an fómhar i mbaol bliain nó dhó tar éis an dara Cogadh Domhanda, nuair a tháinig na sluaite amach as na bailte móra chun cabhrú leis na feirmeoirí.
comhoibriú co-operation
" Léiríonn na páipéir oifigiúla seo go raibh comhoibriú suntasach idir an Roinn Cosanta anseo agus MI6 le linn an Dara Cogaidh Domhanda, ach go raibh eagla ar Rialtas na Breataine go dteipfeadh air seo dá mbeadh easaontas sa todhchaí idir an dá thír.
as lámh a chéile in co-operation
" Ní bheadh aon eagraíocht ag géilleadh a neamhspléachais nó ag cailleadh cumhachta; bheadh siad uilig ag obair as lámh a chéile agus i dteagmháil lena chéile go laethúil.
rud a chothaigh spiorad iontach comhair something which fostered a great spirit of co-operation
" I rith na bliana, ach le linn shéasúr na máirseála go háirithe, dhéanadh dílseoirí ionsaithe ar an cheantar go rialta, rud a chothaigh spiorad iontach comhair i measc na ndaoine.
as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe from which a certain amount of co-operation sometimes grew
" Cé nach bhfuil aon amhras orm ach go bhfuil baill i gcoiteann ag an dá eagraíocht, rud a chothaíonn gaol ann féin, gaol as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe, chreid mé agus creidim fós gur dhá eagraíocht atá go hiomlán neamhspleách iad Sinn Féin agus an IRA.
de thoradh ar chomhoibriú as a result of co-operation
" Is cosúil gur de thoradh ar chomhoibriú idir na Australian Federal Police (AFP) agus póilíní na hIndinéise a gabhadh iad.
chomhoibriú le náisiúnaithe eile co-operation with other nationalists
" An chúis dheireanach: chuir daoine taobh istigh agus taobh amuigh de ghluaiseacht na poblachta ina luí ar cheannairí, ar chimí, agus ar na hÓglaigh iad féin – an chuid is mó acu seo ar scor ar bith – gurbh é próiseas síochána bunaithe ar chomhoibriú le náisiúnaithe eile an bealach ab fhearr le spriocanna poblachtánacha a bhaint amach, fiú dá gcaithfí an IRA scor.
comhoibriú co-operation
" Tá súil agam go mbeidh coistí Gaeilge á laidriú ar fud an chontae, agus go mbeidh comhoibriú ar siúl leo chun gur féidir leo imeachtaí a reáchtáil ina gceantar féin.
comhoibriú trasteorann cross-border co-operation
" Bheadh comhoibriú trasteorann ann go fírinneach agus tá an dá áit chomh gar sin dá chéile nach mbeadh fadhb taistil ag duine ar bith.
Comhoibriú agus Imchuairteanna Cultúrtha Cultural Co-operation And Touring
" Tá an chomhdháil seo á heagrú ag Ealaíona Deonacha Éireann agus Voluntary Arts Wales/Celfyddydau Gwirfoddol Cymru, le tacaíocht ó CCAT (Comhoibriú agus Imchuairteanna Cultúrtha), an Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta.
comhoibriú co-operation
" ” Deir sé gur inis Anthony Eden bréaga le linn ghéarchéim Suez nuair a mhaígh sé nach raibh comhoibriú i gceist le hIosrael roimh an ionradh Sasanach/Francach ar Suez.
comhoibriú co-operation
" Dúirt sé freisin nárbh fhiú mórán an t-eolas a bhí aige faoi mhangaireacht drugaí san Áis i gcoitinne agus nach comhoibriú a bhí ar siúl aige maidir le heolas tar éis dó bheith gafa ach iarracht ar mhoilleadóireacht.
comhoibriú trasteorann cross-border co-operation
" Tá siad ag tuar má bhíonn trí mhórchomhairle náisiúnacha in iarthar na Sé Chontae, go mbeidh na comhairlí sin ábalta an comhoibriú trasteorann a chur chun tosaigh diaidh ar ndiaidh agus gur Éire Aontaithe *de facto* a bheas ann dá bharr roimh i bhfad.
comhoibriú rúnda secret co-operation
" Anois, den chéad uair, tá cáipéisí oifigiúla ar fáil a léiríonn cad é chomh huileghabhálach is a bhí an comhoibriú rúnda idir na “fórsaí cosanta” agus paraimíleataigh dhílseacha.
féidearthachtaí comhoibrithe co-operation possibilities
" Ní nach ionadh, chuir Feidhmeannas na hAlban fáilte roimh an mholadh agus chuir siad coiste ar bun le féidearthachtaí comhoibrithe le hÉirinn, thuaidh agus theas, a iniúchadh.
an easpa comhoibrithe the lack of co-operation
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
ón gcomhoibriú from the co-operation
" “Tá obair ar siúl ag daoine ar an talamh, go háirithe an Gaelacadamh agus Pléaráca agus dreamanna éagsúla in áiteacha ar fud na nGaeltachtaí eile, ach is dócha gurb é an t-aitheantas atá faighte ag an ealaín ón Oireachtas agus ón gcomhoibriú le TG4, tá sé tar éis stádas nua a thabhairt agus tá an-bhorradh anois faoi na ranganna damhsa ar an sean-nós.
an comhoibriú neamhráite sin that unspoken co-operation
" Is é an comhoibriú neamhráite sin idir oifigigh an chomhairimh agus an pobal a thugann an tallaí dúinn.
comhoibriú co-operation
"comhoibriú leis an aos ógTá baint ag Mark Ervine leis an traidisiún múrmhaisithe ó bhí sé ina bhuachaill óg ag fás aníos i mBéal Feirste.
sa chomhoibriú seo, in this co-operation,
" Creideann an bheirt againn sa chomhoibriú seo, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil baint ag daoine éagsúla ón dá thaobh den phobal leis.
barraíocht comhoibrithe too much co-operation
" Ach nach é *raison d'être* na ngunnaí céanna an tAontas a choinneáil slán? Cad é a tharlódh dá measfadh an UDA go raibh barraíocht comhoibrithe ag dul ar aghaidh idir an dá stát ar an oileán seo? Nach é a ndualgas é Ulaidh a shábháil ó dhaorsmacht phoblachtánach, nó an bhfuil dearmad déanta acu ar “an cheist náisiúnta”.
an comhoibriú the co-operation
" Tá an dlúthcheangal agus an comhoibriú idir iad agus an DUP chomh láidir sin go bhfuil an chuma ar an scéal gur stát dhá pháirtí atá ann ó thuaidh agus go bhfuil an dá pháirtí sin ceangailte le chéile mar a bheadh cúpla Siamach ann.
comhoibriú co-operation
" Tá dúshláin roimh Fhoras na Gaeilge nach féidir a shárú gan comhoibriú a bheith i gceist leis na heagraíochtaí éagsúla a bhíonn ag plé leis an Ghaeilge ar bhonn laethúil.
ag féachaint le féidearthachtaí comhoibrithe a aimsiú looking to find opportunities for co-operation
" Níos tábhachtaí fós, beidh lucht na comhdhála ag féachaint le féidearthachtaí comhoibrithe a aimsiú a chuirfidh ar ár gcumas ár misean coitianta a chur i gcrích.
comhoibriú co-operation
" Is éard atá i gceist ná go mbeidh gach eagraíocht a bheas lonnaithe sa lárnionad i mbun a gcuid oibre féin, ach go mbeidh comhoibriú i gceist idir na heagraíochtaí sin nuair is cuí.
comhoibriú struchtúrtha structural co-operation
" Cé go mbeadh sé de chumhacht ag an stát seo fanacht amuigh as gníomhaíocht mhíleata, tá próiseas nua le tabhairt isteach ar a dtabharfaí comhoibriú struchtúrtha a ligfeadh do chuid de na stáit teacht le chéile i mion-chomhghuaillíochtaí le cead, le hairgead agus le háiseanna iompair an AE.
comhoibriú breithiúnach judicial co-operation
" Bhainfeadh na cinntí seo le réimsí chomh leathan le fuinneamh, tearmann, inimirce, comhoibriú breithiúnach i gcúrsaí sibhialta agus cúrsaí spóirt.
comhoibriú co-operation
" Cuireadh ní hamháin leis an “gcomhoibriú” polaitiúil ach leis an gcomhoibriú cosanta agus míleata chomh maith.
Co-obrachadh co-operation
" Cuimsean agus Amasan: - Sgrìobhadh ùr àrachadh am measg luchd-cìuil aig diofar aoisean anns na cànanan Ceilteach agus Albais- Ceangalaichean agus còmhradh a leasachadh eadar luchd-ciùil agus gnìomhachasan cruthachail air taobh siar na Roinn Eòrpa- Turasachd cultarach a bhrosnachadh agus a neartachadh far an tèid an fharpais a chumail- Cleachdadh mion-chananan dhùthchasach a chur air adhart agus a bhrosnachadh- Iomhaigh agus fèin-luach luchd-bruidhinn nam mion-chànanan a neartachadh- Cothroman agus leasachaidhean eaconomach a sholarachadh do luchd-ciùil agus grìomhachasan cruthachail- An sgìre a chur fo shealladh a' mhòr-shluaigh tro na meadhanan agus ùidh bhon roinn phoblach/phrìobhaidch- Co-obrachadh agus eadar-obrachadh a leasachadh eadar na h-ionadan acadaimigeach agus na coimhearsnachdan le mion-chànananEòlas agus sgilean a' neartachadh ann a bhith a' cur air dòigh tachartasan ionadail agus eadar-nàiseanta anns na roinnean poblach agus prìobhaideach Riaghailtean agus Ceistean Bitheanta Dè a th' ann?'S e a' chiad Farpais Òran ann an Cànanan Ceilteach agus Albais a th' ann an Nòs Ùr.
comhoibriú co-operation
" Seachas comhoibriú raidhse grúpaí eile, tá siad beagnach fágtha ina n-aonar agus bíonn tuairim is 12,000 díobh i gcoimhlint le 400,000 saighdiúirí rialtais a bhfuil tancanna, eitleáin is gunnaí nua-aimseartha acu.
chomhoibriú co-operation
" "Leagann Glór na nGael tábhacht nach beag ar chomhoibriú agus ar phleanáil," a dúirt Marcas Mac Ruairí ón eagraíocht linn.
comhoibriú co-operation
" Léiríonn an taispeántas féin stair na teicneolaíochta, ón osteilgeoir seanaimseartha go féidearthachtaí na teicneolaíochta digití, agus tá an comhoibriú a bhain le léiriú an taispeántais mar mhacalla ar an obair bhuíne a bhain le Conradh na Gaeilge nuair a bhí Ní Mhaolagáin páirteach ann.
comhoibriú co-operation
" Measann Páirtí an Alliance gur féidir idir £16m agus £80m a shábháil dá mbeadh comhoibriú idir na scoileanna agus trasna na n-earnálacha éagsúla oideachais.
comhoibriú co-operation
" Tá seirbhísí rúnda na Breataine gníomhach i bPoblacht na hÉireann le fada agus tá go leor ceisteanna le freagairt maidir leis an gcomhoibriú idir iad féin agus fórsaí slándála an stáit, dar le Dónall Ó Maolfabhail.
comhoibriú a chothú to foster co-operation
" Tá baint ag Alastar Mac Aongusa ó Mhaoin Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath le comhdháil idirnáisiúnta a bheas ar siúl sa Bhreatain Bheag an mhí seo chugainn agus é mar sprioc aici comhoibriú a chothú idir ealaíontóirí agus eagraíochtaí cultúrtha ar an dá thaobh de Mhuir Éireann.
comhoibriú co-operation
"comhoibriú ar siúl i dtionscadal ealaíne idir iarphríosúnach poblachtánach agus dílseoir a d’fhéadfadh cabhrú go mór leis an chaidreamh trasphobail.