chnámh spairne
bone of contention
Is cinnte go mbeidh ceisteanna ag baint le ciní agus le ciníochas d'ár gcrá go ceann i bhfad in Éirinn agus go mbeidh siad mar
chnámh spairne, díreach mar atá anseo sna Stáit Aontaithe.
cnámh spairne
bone of contention
Ó shin, tá ceist na neodrachta ina
cnámh spairne sa tír, go háirithe cá seasann muid ó thaobh NATO agus fórsaí armtha an Chomhphobail Eorpaigh.
chnámh spairne
bone of contention
Is cumhachtaí núicléacha iad agus tá an Chaishmír mar
chnámh spairne eatarthu.
chnámh spairne
bone of contention
Tá tuiscint sa ghreann: "Tá réiteach déanta ag Craigavon Borough Council ar
chnámh spairne na mbratacha.
chnámh spairne
bone of contention
Tá sé ina
chnámh spairne agus ceaptar go mbeidh an dlí á chur ar an Astráil dá bharr.
chnámh spáirne
bone of contention
Na laethanta seo ní hiad na postanna tionsclaíochta atá mar
chnámh spáirne ach airgead ón stát.
chnámh spairne
bone of contention
Corruair, bíonn fuaimniú ceart na bhfocal ina
chnámh spairne eadrainn, ós rud é go bhfuil blas na Mumhan ar a chuid Gaeilge siúd agus blas Chonamara ar mo chuidse.
chnámh spairne
bone of contention
Tá seasamh Éamoin de Valera i rith an Dara Cogadh Domhanda ina
chnámh spairne go fóill i measc staraithe.
an chnámh ba mhó spairne
the biggest bone of contention
Cnámh spairne
=======
Ina aitheasc ag Ard-Fheis Shinn Féin ag deireadh na míosa seo caite, dúirt Gerry Adams gurb í ceist na póilíneachta
an chnámh ba mhó spairne sna comhchainteanna atá ag dul ar aghaidh faoi láthair.
cual cnámh
heap of bones
Agus fiú agus í an fhad sin ar shiúl, chonaic Aifric nach raibh inti ach
cual cnámh.
ar na cnámha
on the bones
Is ceoltóir é fosta agus, nuair nach mbíonn sé ag teagasc nó i mbun dealbhóireachta, seinneann sé
ar na cnámha agus ar an bhodhrán.
cnámh spairne
bone of contention
Coiste Contae: monatóireacht ar obair na gclubanna, tacaíocht a thabhairt dóibh, oiliúnóirí a chur ar fáil, comórtais speisialta a eagrú sa samhradh (
cnámh spairne i mBaile Átha Cliath), spreagadh do chlubanna, mar shampla, pointí a bhronnadh ar iarrachtaí éagsúla agus ansin bronntanais (ar nós geansaithe nua nó camáin nó turas go dtí Craobh na Mumhan) nuair a shroiseann club oiread áirithe pointí i mbliain amháin.
cnámh spairne
bone of contention
Beidh sraith nua cainteanna ag tosú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála sa bhfómhar, agus beidh an cheist seo ina
cnámh spairne idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ann.
daitheacha cnámh
osteoarthritis
Léiríonn na huimhreacha seo go bhfuil an chuid is mó de dhaonra Mheiriceá i mbaol breise ó ghalair a bhaineann le raimhre, roinnt cineálacha ailse, cuir i gcás, galar croí, strócanna, an diaibéiteas, ardbhrú fola, galar an domlais, agus na
daitheacha cnámh.
síneadh a chnámha
his bones were laid
Tugadh an corp anall agus tugadh sochraid mhór bhreá dó, agus
síneadh a chnámha sa reilig álainn sin atá tamaillín lasmuigh de Chuan Dor.
gcnámh spairne
bone of contention
A
gcnámh spairne? Gás.
cnámh spairne
bone of contention
Sa lá atá inniu ann, tá ceist an neamhspleáchais fós ina
cnámh spairne.
atá ina chnámh spáirne eatarthu cheana féin
which is a bone on contention between them already
Sa tSeapáin, beidh cuid mhaith de na cathracha cois cósta faoi uisce, agus cathú ar na Seapánaigh breathnú i dtreo Oileán Sakhalin, an t-oileán atá i seilbh na Rúiseach faoi láthair ach
atá ina chnámh spáirne eatarthu cheana féin de bharr an taisce mhóir ola agus gáis atá sna farraigí mórthimpeall air.
tine chnámh
bonfire
I lár coille a bhíomar anuraidh, seisear léachtóirí agus fiche mac léinn, agus chaitheamar seachtain ansin ag plé litríocht Bhéarla agus Ghaeilge na hÉireann, ag glacadh páirte i ndráma, ag féachaint ar scannáin, ag siúl, ag gabháil foinn os comhair
tine chnámh, agus ar ndóigh, ag blaiseadh braon beorach is fíona anois is arís! Thug foireann ghnó ó Jameson cuairt orainn fiú amháin, agus físeán leo faoin bpróiseas stiléireachta, agus thángadar le cúpla braon saor in aisce dúinn chomh maith!
Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile, fuaireas cuireadh caint a thabhairt in Olomouc níos déanaí sa bhliain.
atá ina chnámh spairne
which is in dispute
Is fiú $17 billiún an ceantar
atá ina chnámh spairne.
chnámh spairne
bone of contention
Le linn 30 éigin bliain na dtrioblóidí, bhí Arm na Breataine ina
chnámh spairne ag náisiúnaithe, ina sciath chosanta ag aontachtaithe an tuaiscirt, agus ina fhórsa cróga cosanta a cuireadh go hÉirinn le dhá dhream mharfacha a choinneáil óna chéile i súile na Sasanach.
cnámh spairne
bone of contention
Ar scor ar bith, sna seachtainí agus sna míonna ina dhiaidh sin, ní raibh sna círéibeacha ach
cnámh spairne eile idir na leasaitheoirí Protastúnacha agus Daonlathaigh Éireannacha Tammany.
chnámh spairne
bone of contention
An leathanbhanda
=======
Cé go bhfuil neart oibre déanta ag an gcoimisiún maidir le seirbhísí nuálaíocha, go fóill féin tá an leibhéal rochtana ar sheirbhísí mar leathanbhanda ina
chnámh spairne faoi leith sa tír seo.
an chnámh spairne
bone of contention
Is dóigh gurbh é
an chnámh spairne is mó ar feadh i bhfad ná an riail maidir le sportúlacht.
tine mhór cnámh
a big bonfire
Ansin, lasadh
tine mhór cnámh agus chruinnigh chuile dhuine ar chéimeanna na hardeaglaise chun éisteacht le forógra na poblachta arís.
easpa cnámh droma
lack of backbone
Dar liom, léirigh na húdaráis easpa misnigh agus
easpa cnámh droma agus iad ag plé leis an scéal seo ar fad.
cnámh spairne
bone of contention
Is léir gur
cnámh spairne é seo sa chomh-aireacht.
gcnámh spairne
bone of contention
Seans láidir go mbeidh cúrsaí airgid ina
gcnámh spairne níos mó ná riamh.
gcnámh spairne
bone of contention
Níl seo fíor faoi gach cluiche iomána, áfach, ach níl sé ar intinn agam díriú ar an
gcnámh spairne sin an uair seo.
mar chnámh lom na fírinne
as the absolute truth
An é gur cheart dúinn glacadh le focal Mheiriceá
mar chnámh lom na fírinne? Ar iarr Ronald Reagan cead ar an stát i 1986 tráth a baineadh úsaid as suaitheantas Aer Lingus nuair a bhíothas ag díol armlóin le rialtas na Iaráine in éiric gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor sa Liobáin? Ar thug muid ár mbeannacht dó an brabach a rinneadh as an mhargadh cam seo a úsáid le harmlón a thabhairt do threallchogaithe a bhí ag iarraidh rialtas na *Sandinistas* i Nicearagua a chur as cumhacht? Ar gabhadh leithscéal linn fiú as an dóigh a ceanglaíodh comhlacht stáit de chuid na hÉireann leis an chamastaíl náireach seo? Cad chuige mar sin go nglacfaí gan cheist le focal an CIA an iarraidh seo nó an é go bhfóireann sé dúinn neamhaird a thabhairt ar an fhírinne?
Ní inniu ná inné a tháinig an rialtas ar an tuairim gur gaire i bhfad an tír seo do Bhostún ná do Bheirlin.
cual cnámh
a heap of bones
Ní raibh ann ach
cual cnámh.
cnámh lom na fírinne
the total truth
Is léir, áfach, go raibh
cnámh lom na fírinne á hinsint ag an Ombudsman nuair a dúirt sí nach bhfuil an tAcht um Shaoráil Faisnéise ag feidhmiú faoi mar a bhíothas ag súil go n-oibreodh sé nuair a achtaíodh é.
chnámha spairne cultúrtha
cultural bones of contention
Cartún é ar coimriú ar chonspóidí reiligiúnacha agus ar
chnámha spairne cultúrtha na linne seo é.
cnámh spairne
bone of contention
Go follasach, tá baint idir teanga agus féiniúlacht agus nuair atá an fhéiniúlacht féin ina
cnámh spairne idir dhá ghrúpa, beidh an teanga ina ábhar conspóide ach níor mharaigh teanga aon duine riamh.
mar chnámh spairne.
as a bone of contention.
Tá troid inmheánach ar siúl agus cé a bheas ag dáileadh amach an airgid
mar chnámh spairne.
mar chnámh droma
as the back-bone
Breathnaítear go hamhrasach ar eaglais na Mormannach go fóill i Meiriceá, agus is cinnte nach dtaitneoidh sé le gnáth-Chríostaithe, atá
mar chnámh droma an Pháirtí Phoblachtánaigh.
ag cogaint cnámh
chewing bones
Oíche Shamhna bhí Balor ina phluais bhrocach cháidheach shalach, ag meabhrú os cionn na tine agus
ag cogaint cnámh mar is gnách leis ag an am seo den bhliain, nuair a tharla dó fís.
tá sé ina chnámh spairne
it's a bone of contention
Ba chúnant é *Te Tirīti* ó Waitangi (1840) idir taoisigh Mhaoracha agus an Choróin – ach
tá sé ina chnámh spairne go fóill, mar bhí dhá leagan de ann (ceann i mBéarla agus ceann i Maorais) agus neart míthuisceana dá réir maidir leis an méid a bhí á aontú acu.
cnámh droma
backbone
Go deimhin, bhí an turasóireacht ina
cnámh droma ag geilleagar Mhanann ar feadh nach mór céad bliain ón mbliain 1830 amach nuair a cuireadh tús leis na báid ghaile ó Learpholl.
chnámh spairne
bone of contention
Bhí an cogadh san Iaráic ina
chnámh spairne arís idir na páirtithe polaitíochta móra san Astráil, áfach, san fheachtas olltoghchánaíochta anuraidh.
Cnámh spairne
bone of contention
Cnámh spairne eile atá giota maith níos tromchúisí is ea Comhairle Arm an IRA.
allas na gcnámh astu
blood (sweat) from their bones
Bunaíodh Banc Náisiúnta na hÉireann sa bhliain 1835, tráth a raibh bunadh na hÉireann ar an ngannchuid agus tráth a raibh tiarnaí talún is lucht gróite ag sú
allas na gcnámh astu.
cnámh lom na fírinne
the naked truth exactly
Bhí
cnámh lom na fírinne ag iar-Chomhfhreagraí Polaitiúil The Guardian, Hugo Young nuair a scriobh sé tráth: ‘The nature of the politician’s trade these days is the organizing of minor triumphs and the avoiding of major calamities.
ina chnámh spairne
a bone of contention
Bhí riocht na scéime
ina chnámh spairne ag an am, agus is cosúil anois go raibh an ceart acu siúd a chuir in aghaidh an leagain amach a mhol agus a chruthaigh McCreevy.
cnámh droma (in-athnuaite)
renewable back bone
Don Taoiseach is mian liom go dtabharfaí ranganna deaslabhartha agus aoibh phléisiúrtha; do Mhary Harney vaicsín acmhainn grinn (saor in aisce ar ndóigh); ticéad chuig The Lion King don Tánaiste; bachall mhór don Phríomh-Aoire le smacht a choinneáil ar na cúlbhinseoirí, do Mhary O'Rourke cárta leighis óna nia, conradh úr do Inda Kinny,
cnámh droma (in-athnuaite) do John Gormley, roinnt iarrthóirí le dealramh do Shinn Féin, bliain gan tubaiste don HSE, leac cuimhneacháin do na PDs, splanc céille do Chonor Lenihan agus téipeanna Buntús Cainte do Mhichael Ring.
ina chnámh spairne
a bone of contention
Máthair na cointinne
An rud a bhí
ina chnámh spairne ag aontachtaithe ná go bhfaigheadh gaolta daoine a maraíodh le linn dóibh a bheith i ngrúpaí paraimíleatacha an t-airgead chomh maith le daoine neamhurchóideacha.
ina cnámha
in her (bones)
Ach cad chuige a gcuireann ’ oiread sin daoine anseo suim sa chultúr ghaelach? Cad fúthu siúd nach bhfuil bunús ná oidhreacht Éireannach sa chúlra acu, ach a ghlacann páirt in imeachtaí gaelacha go rialta?
An Polannach Mná
Tá bean óg áirithe agam sa rang Ghaeilge nach bhfuil rian dá laghad den Éireannachas
ina cnámha – is as an Pholainn a tháinig a muintir blianta ó shin, ach ní haon áibhéil a rá nach bhfaca mé a leithéid riamh roimhe.
cnámha spairne
bone of contention
I ndiaidh an Dara Chogaidh Domhanda agus an domhan ag iarraidh theacht ar fhoirmle a chuirfeadh deireadh leis an choimhlint, dréachtadh 30 mír iontach simplí a mhaolódh
cnámha spairne idirnáisiúnta dá nglacfaí leo, dar le lucht a ndréachtaithe.
gach cnámh cráite
every anguished bone
Ní raibh aon ghá le bubble-shobal d’aon shaghas – ba leor teas an uisce le gach matán tuirseach agus
gach cnámh cráite a mhealladh ar ais chun sláinte go mall, réidh.
ina chnámh spairne
as a bone of contention
Ar ndóigh ní inniu ná inné atá an meath leanúnach atá tagtha ar chéatadán na bhfear atá ag múineadh i mbunscoileanna na tíre
ina chnámh spairne polaitiúil.
chnámh spairne
bone of contention
Grád: C -
Noel Dempsey (An tAire Iompair):
Dul chun cinn áirithe déanta aige maidir leis an dara aerstad in Aerfort Átha Cliath, ach tá todhchaí Aer Lingus ina
chnámh spairne i gcónaí.
tinte cnámh
bonfires
B’fhéidir gur shíl strainséirí gur in onóir seoltóirí Rás Volvo a lasadh
tinte cnámh ar na hoileáin oíche Luain Chincíse, ach bhí údar eile i bhfad níos tábhachtaí ná sin leo.
chnámh spairne
a bone of contention
Móruaisle is Mionísle
In ainneoin na n-iarrachtaí oifigiúla le caoga bliain anuas tá fadhb na sainaicme ina
chnámh spairne fós.
cnámh spairne
bone of contention
Tá ceangal láidir le blianta idir an BNP agus cuid de na fir bhuí i Learpholl, ach bhí
cnámh spairne eadarthu i gcónaí mar tá daoine gorma ina mbaill den Ord Oráisteach anseo agus in áiteanna eile.
cnámh spairne
a bone of contention
Cioca? Nó an bhféadfadh go mbeadh an dá léamh fíor? Sin í an bhuncheist atá ina
cnámh spairne pé áit a theaspeántar ‘Antichrist’.
tine chnámh
bonefire
Sractar fuinneoga is doirse amach as frámaí agus cuirtear os cionn a chéile iad chun
tine chnámh a dhéanamh.
chnámh
frame, section
08 ar an 18ú Nollag 1989? Nó ar fhan gach éinne sa bhaile go dtí go raibh an chontúirt thart? Is iomaí féidireacht ghrinn atá sa
chnámh sin den scéal.
cnámha
bones, body
Téann teas na tine isteach sna
cnámha ar bhealach nach dtéann aon teas eile.
dtinte cnámha
bonfires
Chuige seo éignítear mná, timpeallghearrtar buachaillí mar nach bhfuil sé ceadmhach i gcreideamh na Mandaean, scaoiltear urchair leo is caitear isteach i
dtinte cnámha iad.
ina cnámh spairne
a bone of contention
Anuas air sin, is dócha gurb í Meiriceá an tír shaibhir is mó a bhfuil ceist na haeráide fós
ina cnámh spairne inti.
cnámha
basis
An Cúlra Fíor
Tá
cnámha an dráma seo bunaithe ar fíortheach, teach ministir, ar bhruach Loch Gartáin, in iarthuaisceart Dhún na Gall, sular cheannaigh an t-ealaíontóir Derek Hill sna caogaidí é.
cnámh spairne
bone of contention
An soláthar don chainteoir dúchais
An bhfuil an iomarca béime sa dréachtstraitéis ar chothú an dátheangachais ar bhonn náisiúnta seachas ar chosaint a dhéanamh ar an gcainteoir dúchais Gaeilge?
Seans gurb é seo an
cnámh spairne is mó sa dréachtstráitéis.
go cnámh na huillinne
to the heart of the matter
Ach an miste leat má théim
go cnámh na huillinne anois, agus cúpla ceist chasta a chur ort?**
Dermo: Ar aghaidh leat, más ea.
cnámh
bone
Gliceas Ciarraíoch ag feidhmiú ambaist!
Iomas an Imreora
========
Ach, b’fhéidir gur rud eile ar fad é an traidisiún, gur rud aigneolaíoch é seachas fíric feola is
cnámh.
chnámh spairne
a bone of contention
Ní raibh sé mar dhúnghaois oifigiúil ag aon rialtas riamh teorainn a chur le fás an daonra, ach, aisteach le rá, tá teorainn le fhás an daonra ina
chnámh spairne idir na páirtithe polaitíochta le tamall anuas.
gcnámh
bone
Ins an aitheasc thuasluaite, mhaígh an Coimisinéir Teanga gurb é “an rud atá le déanamh anois ná dul tuilleadh den bhóthar ón reitric, ón teoiric agus ón teibíocht agus díriú níos mó ná riamh ar an réaltacht, an fheidhmiúlacht agus an ghníomh; feoil a chur ar an
gcnámh; bearta a dhéanamh de réir na mbriathra.
cnámha
remains
I ndiaidh teacht amach as cuairt ar Choláiste na nGael, b’fhéidir, nó as Séipéal San Pietro i Montorio mar a bhfuil
cnámha na nGael, Ruairí Ó Domhnaill agus Aodh Ó Néill, cé na príomhionaid ar cheart a áireamh ar do liosta? Cén áit a dtosófá?
Seasann an tSean-Róimh gualainn ar ghualainn leis an domhan nua-aoiseach agus caitheann muintir an tseansaoil órga sin a scáth ar Rómhánaigh an lae inniu agus iad ag lúbadh a mbealaigh isteach is amach tríd na sráideanna plódaithe spleodracha.
chnámh
bone(s)
Níl ann ach dromchla ríbheag (cúpla miliméadar cearnach), ríthanaí, teann, a bhfuil ar a acmhainn glacadh le gach giota fuaime, bíodh sé ciúin nó glórach agus a sheoladh ar aghaidh chuig cuas beag ina bhfuil trí
chnámh bídeach - an casúirín, an inneoin agus an stíoróip - atá ag teagmháil lena chéile.
gar don chnámh
close to the bone
Scríobhann tú faoi ábhar ar chúiseanna éagsúla agus i mo chás-sa, bím ag iarraidh rud éigin a scríobh a bhfuil úire ag baint leis, rud éigin nach bhfuil scríofa cheana sa teanga nó nach bhfuil scríofa go rómhinic in aon teanga, rud éigin a bheadh gar do mo chroí agus
gar don chnámh mar a déarfá.
Cnámh spairne
a bone of contention
Cnámh spairne gan aon agó, agus an gadhar is mó a bhfuil ann bhí sé ina shuí i sraith thosaigh na comhdhála.
chnámha
bodies, bones
Tá sé an-deacair ag éinne a amharcann air gan a bheith ag meabhrú ar an tionchar a bhí ag an bhuama ar chraiceann agus ar
chnámha na ndaoine a raibh sé de mhí-ádh orthu a bheith in aice láimhe nuair a shíob sé.
choscairt chnáimhe
physical slaughter
Líon na Sibhialtach
==========
Ba é buamadóir féinmharfach a shíob an carr agus a d’fhág an
choscairt chnáimhe, caillteanais agus crá croí ina dhiaidh.
cnámh spairne
bone of contention
Sa cheantar sin cois Loch Michigan ar an taobh ó thuaidh de Chicago, meas tú cad é an
cnámh spairne is mó idir na hiarrthóirí? Ní hé na cogaí atá an tír ag troid san Iaráic agus san Afganastáin ná an ceann atá siad ag tosnú sa Phacastáin, ná an ghéarchéim gheilleagair a bhfuil baint láidir aige leis na cogaí sin.
ina chnámh spairne
a bone of contention
agus ina raibh seachadadh litreacha le seoltaí Gaeilge
ina chnámh spairne!
Mar is gnách ag an am seo bliana tugadh, réamhspléachadh d’iriseoirí áirithe ar chomhaid rialtais a bhaineann le tríocha bliain ó shin.
ina cnámh spairne
a bone of contention
Ba í an chumhacht féin a bhí
ina cnámh spairne idir an Pápa (Gréagóir VII) agus Ríthe na hEorpa.
cnámh droma
spine
Clann an Uisce
=======
Mar is eol daoibh, b’iad na hamfaibiaigh na chéad ainmhithe le
cnámh droma a tháinig i dtír chun maireachtaint ar thalamh na cruinne.
cnámh eile spairne
another bone of contention
Leoga, is léir nach mbeidh an tuaisceart ina thosaíocht ag an rialtas úr ó dheas - tá tograí ar fiú £400,000 geallta ag ancien regime Fhianna Fáil ach ní fios an dtabharfaidh rialtas Kenny an gealltanas céanna,
cnámh eile spairne a bhfaighidh Sinn Féin greim uirthi.
idir chnámha briste
including broken bones
Baineann a lán cineálacha gortaithe nach féidir a sheachaint le cluichí páirce dar ndóigh,
idir chnámha briste agus mhatáin stróicthe.
cnámh spairne
a bone of contention
Gan amhras ar bith, is
cnámh spairne é ceist na híocaíochta i gCLG.
dár gcnámh
of our bones
Coirp na Caillí Deirge
===========
Bheadh bláthfhleasc eile le leagan i nDroichead na hInse, i gcuimhne orthu siúd a ligeamar i ndearmad – coisithe agus oifigigh – an 54,000 fear sin dár bhfuil is
dár gcnámh is dár gcuisle a sladadh i dtréantreascairt na dtrinsí.
chnámh spairne
a bone of contention
Bíodh is go bhfuil an Astráil fothaithe ar inimirce, tá dúnghaois inimirce ina
chnámh spairne idir na páirtithe polaitíochta móra arís, mar atá sí le fada an lá (BEO, eagrán 89, M.
cnámha
bones
Tá goinbhlastacht ag baint leis na cumhdaigh taisí seo mar go raibh iontu baill choirp,
cnámha nó gruaig, iarsmaí na naomh, a caomhnaíodh go minic i ndiaidh dóibh bás millteanach a fhulaingt.
deatach na dtinte cnámh
bonfire smoke
Tá an bóthar ó Bhaile Átha Cliath go Caisleán an Bharraigh ceoch ciachmhar le
deatach na dtinte cnámh a lasadh ina onóir.
sa bhfuil is sa gcnámh
in the flesh
Más réalta móra idirnáisiúnta anois iad na sean-chomhghleacaithe Albert Finney agus Alan Bates, is é Tom Courtenay,
sa bhfuil is sa gcnámh, príomhaisteoir lucht oibre thuaisceart Shasana.
ina cnámh spairne
as a bone of contention
Is é an dearcadh atá agam féin, go bhfuil an Ghaeilge róthábhachtach le bheith
ina cnámh spairne polaitíochta agus sin an fáth go dtearn muidinne gach dícheall, fad is a bhí mé féin anseo, comhoibriú a thabhairt do na rialtaisí a bhí istoigh, cé nach raibh muid féin iontu, comhoibriú daofu ar Bhille na Gaeilge – tacaíocht iomlán – thug muid comhoibriú daofu nuair a bhí siad ag iarraidh an Ghaeilg a bheith mar theanga aitheanta agus oibre ins an Eoraip.
Lasadh tine chnámh
a bone-fire was lit
Lasadh tine chnámh leis an mbealach chun na bhflaitheas a thaispeáint don leanbh, agus lena chraiceann mín nocht a théamh dó.
cnámh lom na fírinne
the honest to goodness truth
D'inis an Seanadóir Fiach Mac Conghail
cnámh lom na fírinne don Chomhchoiste nuair a chur sé in iúl go raibh 'an comórtas PR caillte' ag an Fhoras.
Cnámha an Scéil
the basic plot
Cnámha an Scéil
======
Ach ar dtús, mar a deirtear sna foilseacháin is fearr - an scéal.
chnámh droma na foirne
the team’s backbone
Thug mé iarraidh *Stand Up for the South Africans* a cheol - in ómós do mhuintir na hAfraice Theas atá mar
chnámh droma na foirne - ach ní raibh aiste ar na bric.
luíonn domhain sa gcnámh
lies deep in the bone
Thuigeas ón gcéad chúig neomat ina cuideachta go raibh aithne agam uirthi ó chianaibh - aithne a shíolraigh ó cheann de na mistéir nach soilsítear bun ná barr di dúinn - an chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di ach an rud a thagann anuas chugainn ó na sinsir - an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil, a
luíonn domhain sa gcnámh agus nach feas dúinn i gceart a bhun ná a bharr ná a bhrí.
cneasú níos gaire do chnámh an scéil
a healing closer to the heart of the matter
B’fhéidir go bhfuil an cneasú thar ghoimh a bhí orthu, Éireannaigh, tar éis
cneasú níos gaire do chnámh an scéil ná mar a chneasaigh riamh roimhe.
d’fhág a chnámha i sáile fhuar
gave his body to the cold seas
Is iomaí duine acu a
d’fhág a chnámha i sáile fhuar an Atlantaigh.
is a bhí ina gcnámha
as they were able
Sin ansin romham iad, ag bualadh *The Sash* chomh callánach tintrí
is a bhí ina gcnámha taobh amuigh den teach pobail, an dearg-ghráin atá acu do Chaitlicigh le feiceáil ina n-aghaidheanna agus sa gheáitsíocht a bhí a chleachtadh acu.
bhreathnós orthu féin ina gcroí is ina gcnámha
shall in their hearts and minds regard themselves
Is gairid go mbeidh céimithe sa tír seo, a
bhreathnós orthu féin ina gcroí is ina gcnámha mar Éireannaigh, ag tabhairt aghaidh ar an saol go hilteangach agus iad ag saothrú i mbun gach cineál gnó.
ach cuid den eachtraíocht a bhí i gcnámha a shinsear
just some of the adventures that came naturally to him
I ndúnáras Calvi cois farraige a rugadh é, agus má chuir a chuid fiosrachta thar sáile go Meiriceá é, ní raibh ansin
ach cuid den eachtraíocht a bhí i gcnámha a shinsear.
iompú ina chnámh spairne pholaitiúil
to become a contentious matter
Is trua gur lig an Rialtas do chúram ghramadach na Gaeilge
iompú ina chnámh spairne pholaitiúil.
ba chnámh spairne
was a bone of contention
Mar is léir ó leabhar John Bowman* faoi 50 bhliain den teilifís,
ba chnámh spairne ceist na Gaeilge taobh istigh de RTÉ ón tús.
a bhris cnámh a ghlúine
which broke his kneecap
Bhí sé ag imirt i gCill Bharróg nuair a fuair sé buille de chamán, ar mhí-ámharaí an tsaoil
a bhris cnámh a ghlúine agus caithfidh mé a rá gur réab sé a chroí mar gurbh í an pheil Ghaelach an rud ab ansa leis ag an am.
níor bhris mé cnámh ar bith
I didn’t break any bone(s)
Ghlac sé trí iarracht orm mé féin a stad agus cé go raibh mé brúite,
níor bhris mé cnámh ar bith.
ina chnámh spairne
a bone of contention
Mar bharr ar sin, ní gá do na stáit eile na lánúnais seo a aithint, mar gheall ar dhlí a ritheadh 17 mbliain ó shin agus atá
ina chnámh spairne i Washington faoi láthair.