In áit an algartaim chasta seo, nárbh fhearr i bhfad an logainm Gaelach a bheith greanta i gcloich mar atá i gCois Fharraige mar shampla? Tar éis an tsaoil, is fusa i bhfad duine a bheith á threorú go Baile an tSagairt ná a rá leis casadh ar dheis ag an L10352!
Anuas ar sin, is dócha go bhfuil
lucht cliarlathais thar a bheith bródúil fosta as na comharthaí atá crochta acu ar dhroichid anois – leithéidí GC-R344-009.