Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clisteacht cleverness
" Rinneadh ceangal idir an Ghearmáinis chaighdeánach, áfach, agus forás, oideachas agus clisteacht.
i gclisteacht an choincheapa in the cleverness of the concept
" Tarraingíonn an t-ainm seo an uile dhuine agus an uile chreideamh agus an uile bharúil pholaitíochta sa stát seo le chéile in uaisleacht an ainm agus i gclisteacht an choincheapa: Stát Hibridithe Ilchiníoch Thuaisceart Éireann: SHITE! Tá a fhios agam go bhfuil sé rud beag fada mar theideal, ach tá brí agus boladh leis.
clisteacht cleverness
" Tá áilleacht, croí, mothú, nádúr agus clisteacht ina chuid dánta.
an chlisteacht chiútálta fhéinchosantach the cute self-protective cleverness
" Ag tógaint san áireamh an drochmheas a bhí aige orthusan a bhí ag iarraidh bheith deas leis, an fhantasaíocht alcólach inar mhair sé go minic agus a chuaigh in olcas agus é fá bhrú, paranáia leanúnach an bhréagadóra go bhfaighfí amach é, gan trácht ar an chlisteacht chiútálta fhéinchosantach a sheas go maith dó riamh anall, creidim nár thug sé fábhar speisialta ná deis riamh d’éinne a thug oiread agus pingin rua dó.
cineálacha éagsúla clisteachta various types of cleverness
" “Má d’fhoghlaim mé tada agus mé ag obair i bhFianna Fáil d’fhoghlaim mé go bhfuil cineálacha éagsúla clisteachta ann.
clisteacht cleverness
" Bua Ba é cleas nó clisteacht Chomhaontú Aoine an Chéasta é gur lig sé don dá thraidisiún creidbheáil go raibh an bua acu.
den chlisteacht sin of that cleverness
" B’fhear é nár léirigh riamh mórán den chlisteacht sin atá de dhlúth agus d’inneach na bpolaiteoirí is fearr ach níorbh éigean dó.