Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
oifigigh chléireachais clerical officers
" Nuair a chuir oifigigh chléireachais sa Roinn Talmhaíochta tús le haighneas tionsclaíoch ar an 18 Márta ba bheag aird a tugadh orthu ar dtús.
aontumhacht na cléire clerical celibacy
" Fiafraíodh sa tuarascáil, mar shampla, an raibh aon bhaint ag aontumhacht na cléire leis an fhadhb.
bpostanna cléireachais agus riaracháin clerical and administrative jobs
" Is iad na daoine atá i bpostanna cléireachais agus riaracháin, agus chan amháin na daoine sin i bpostanna sinsearacha, a bheas thíos leis.
san obair chléireachais in the clerical work
" Ní raibh a chroí san obair chléireachais a bhí ar bun aige, áfach.
coláiste beag cléireach a small clerical college
" Sa bhliain 1716, nuair a bhí na Péindlithe i bhfeidhm, bunaíodh coláiste beag cléireach i ngleann scoite thart fá naoi míle ó Tom an t-Sabhail.
tuaithe ná eaglasta lay or clerical
" Dar liom féin, níl rud ar bith a mharós aon chreideamh, tuaithe ná eaglasta, chomh gasta le heaspa creidhimh san fhírinne.
an éide dhubh orthu in clerical garb
" Seansaol Bisiúil ======= Shroich mé ceann scríbe gan mórán stró, mé féin, beirt sagart a raibh an éide dhubh orthu agus féasóg go himleacán, mo sheanduine meidhreach nár bhain de a hata ar feadh an aistir, agus bean a dúirt liom go bhfuil deartháir aici ina dochtúir sa nGearmáin.
ghníomhartha coiriúla drochbhuachaillí na cléire the bold clerical lads’ criminal acts
" ’Sí is téis d’Alex Gibney ná gurb é meon na Vatacáine, nuair is gá ‘causa nobile’ na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí a chosaint, go gcaitear an tsúil chaoch, ar gach leibhéal, ar ghníomhartha coiriúla drochbhuachaillí na cléire.
idir chléir agus thuath both clerical and lay
" Nochtadh tuairim go raibh imreoirí spóirt ina n-eiseamláirí don óige agus don phobal i gcoitinne agus dúradh go raibh teipthe ar eagraíochtaí móra agus ar chinnirí éagsúla na tíre, idir chléir agus thuath, lucht polaitíochta, gnó agus siamsaíochta (an dream a luaitear an focal ‘*celebrity*’ lena stádas sa phobal go háirithe), treoir, sampla agus cinnireacht cheart a thabhairt do mhuintir na tíre.
d’idirdhealaithe cléireacha to clerical intermediaries
" Cheap sé go ndéanfaí mairtírigh bolscaireachta den bheirt acu dá bhfaighfidís bás sa Bhreatain, agus d’fhonn é sin a sheachaint, thug Jenkins le fios go príobháideach d’idirdhealaithe cléireacha go mbéadh sé sásta iad a bhogadh go Béal Féirste níos déanaí dá nglacfaidís le leachtanna láithreach bonn baill.