Leis an lámh eile bhí sé ag cuimilt Germolene cumhra – déanta sa Bhreatain dar ndóigh – isteach san iliomad créachtaí, claiseanna agus cneácha a bhí le feiceáil ar fud a choirp bhiata.
Na mná óige téisiúla, bhíodar gléasta go gleoite, i sciortaí a bhí gearrtha go speisialta le mianta gnéasúla na bhfear a mhúscailt: na colpaí nochtaithe agus clais brollaigh ar thaispeáint agus na cíocha ag coinneáil ama leis an gceol.