Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ghealgháireach cheerful
" In ainneoin go bhfuil an chuid is mó acu an-bhocht, bíonn cuma ghealgháireach ar na Cúbaigh de ghnáth agus bíonn siad i gcónaí ar thóir an spraoi.
suaisí pleasant, cheerful
" Tá sé i ndiaidh sos sóúil samhraidh a ghlacadh i lios ar leith i lár tíre agus is suaisí go mór a shúil nimhe dá bharr.
gealgháireach cheerful
" Tá a ríocht beag féin acu ansin, iad gealgháireach agus ag magadh leis na paisinéirí.
spéiriúla airy, bright, cheerful
" Tá dúil mhór ag daoine ina saothar agus cúis mhaith acu - is radharcanna suaimhneacha, ildaite, spéiriúla iad den chuid is mó.
chomhluadar fathaigh shéimh shuáilcigh seo an cheoil the company of this gentle cheerful of the music
" Cé gurb é "An Port Uaigneach" a chuireann tús leis an gceol ar an diosca seo agus cé gur ceol aonair den chuid is mó atá air, níor mhothaigh mise uaigneach ar chor ar bith agus mé ag éisteacht leis, ach amháin b'fhéidir sa gcaoi is gur thuig mé arís an luach atá agam ar chomhluadar fathaigh shéimh shuáilcigh seo an cheoil agus na n-amhrán.
aigeanta spirited, cheerful
" " Ba mhór ag Aoife dá dtabharfadh Gerry faoi seo ar dhóigh aigeanta, chroíúil mar athrach, seachas smut a bheith air a leagfadh leathdosaen.
gealgháireach cheerful
" Ach ní ghéillfeadh sé don slua a bhí ag éirí gealgháireach anois, b'fhacthas dó.
súgach cheerful
" Gheall mé dom féin go mbeinn sonasach, suáilceach, súgach an mhí seo agus nach dtabharfainn fúthu sin a mbeadh sé doiligh orthu iad féin a chosaint.
freastalaí óg croíúil a cheerful young attendant
" Bhí freastalaí óg croíúil ann, a d'inis dúinn go bhfuil an-tóir ar an bhád farantóireachta.
lánúin óg ghealgháireach nuaphósta ón tSlóvaic a cheerful newly-wed couple from Slovakia
" I measc na n-aíonna, bhí lánúin óg ghealgháireach nuaphósta ón tSlóvaic, agus iad ag ceiliúradh mhí na meala.
gealgháireacha cheerful
" Fiú amháin na cailíní in éide Moslamach a bhí ag snámh in uisce domhain na Mara Rua, amach ó chathair Aqaba, bhí an gháir chéanna acu - "Welcome in Jordan!" Is daoine lácha, gealgháireacha iad muintir na hIordáine agus níl mórán acu faoi láthair le bheith sona faoi.
ghealgháireach cheerful
" Bean óg ghealgháireach darb ainm Sorcha de Brún a bhí mar mhúinteoir Gaeilge againn agus bhí muid uilig an-sásta lena cuid ranganna.
gealgháireach cheerful, bubbly
" Is minic a deirtear gur duine é Alan Titley a bhíonn gealgháireach agus dearfach i gcónaí, a chaitheann go cóir lena chuid mac léinn agus lena chomhghleacaithe.
gealgháireach cheerful
" Bhí sí i gcónaí gealgháireach cairdiúil.
gealgháireach cheerful
" Tagann fear gealgháireach, gléasta in uaine, i mo threo.
súgach cheerful
" "Tá Gaeilge agamsa freisin,' ar siadsan go minic, agus i nguth súgach deir siad abairt mar *"Cod milley fall-chi"* leat! Ina dhiaidh sin, go hiondúil, insíonn siad scéal éigin duit faoi bheoir uaine agus cabáiste.
gealgháireach cheerful
" Is duine é atá gealgháireach agus, mar a fuair mé féin amach le linn na n-oícheanta a chaith mé ag ól leis féin agus lena chara Bob Burke an mhí seo caite, duine a bhfuil fuinneamh na hóige ag baint leis.
gealgháireach cheerful
" Ní raibh duine orthu nar thaitin thar barr liom, agus b’anamúil gealgháireach an dream iad.
seanóir gealgháireach urbholgach cheerful pot-bellied old man
" Daidí na Nollag, Santa Claus, Père Noel, Saint Nicholas … tá aithne an-mhaith ar fud an domhain mhóir anois ar an seanóir gealgháireach urbholgach seo leis an fhéasóg bhán agus an chulaith dhearg a bhronnann bronntanais gach Nollaig ar pháistí maithe.
misniúil cheerful
" Tríd an chomhrá seo, labhair Ronnie i nguth soiléir, misniúil.
aguisín gealgháireach cheerful appendix
" Nuair a fuair sé amach nárbh amhlaidh a bhí, chuir sé aguisín gealgháireach lena ghuí.
aghaidh ghealgháireach a cheerful face
" Spreagann aghaidheanna feargacha íomhá le dathanna dorcha agus marcanna garbha scuaibe agus spreagann aghaidh ghealgháireach dathanna bríomhara atá measctha go fíneálta.
gealgháireach agus fáilteach cheerful and welcoming
" Bhí Simon gealgháireach agus fáilteach ach, le bheith fírinneach, bhí muidne beagáinín díomách mar nach raibh aon chuid den *rock ’n’ roll* ag baint leis – bhí sé róbhéasach! Cinnte labhair sé faoin gceol, shínigh sé mo leabhar síniúchán – “Do The Rat, Simon Crowe”– thaispeáin sé clúdaigh na n-albam dúinn ach níor theastaigh uaidh ach labhairt faoin iascaireacht! D’fhágamar, sásta lenár síniúchán (mo cheann féin suite in aice le cinn Eamonn Coughlan, Pelé agus Chearbhaill Uí Dálaigh) ach beagáinín díomách.
gealgháireach cheerful
" Fear gealgháireach is ea Bernard McKenna, atá sna 90í, dála a sheanchomrádaithe, agus ní raibh sé ach 21 bliain d’aois i 1936 nuair a d’fhág sé a phost i monarcha theicstílí i Manchain le dul go dtí an Spáinn.
an t-ógánach spionnúil aigeanta, the spirited cheerful young person,
" Bhí suim mhór ag Rembrandt san aghaidh dhaonna agus d’fhill sé ar an ábhar sin arís agus arís eile ar feadh a shaoil – seanaghaidheanna agus aghaidheanna óga agus go háirithe a ghnúis féin, ó Rembrandt an t-ógánach spionnúil aigeanta, go dtí an seanduine spíonta, ag machnamh ar an saol.
gona dhaonnacht ghealgháireach with his cheerful humanity
" Pádraig gona dhaonnacht ghealgháireach agus fírinne thragóideach.
fear gealgháireach a cheerful man
"fear gealgháireach darb ainm Murray Cameron i mbun na hiarsmalainne, agus d'aithris sé scéalta agus dánta beaga dom.
ócáidí gealgháireacha cheerful occassions
" Ba ócáidí gealgháireacha iad na mórshiúlta, a bhí mar cheiliúradh agus mar agóid ag an am amháin.
fear gealgháireach agus réchúiseach a cheerful and laid-back man
" Is fear gealgháireach agus réchúiseach é a bhfuil an-chraic ag baint leis.
atmaisféar croíúil spraíúil a cheerful fun atmosphere
" Cé gur chóisir an-mhór é – agus cé go raibh atmaisféar croíúil spraíúil le brath lena linn – mar is gnáth, bhí teachtaireacht dháiríre ag baint leis an bhféile chomh maith.
gealgháireach cheerful, upbeat
" Bhí sí gealgháireach agus dearfach sa seomra ranga agus breá sásta amhráin a chanadh san oíche sa teach tábhairne.
a pearsantacht ghealgháireach her cheerful personality
" ***Buntáistí:*** Seans go mbeidh Cowen ag súil go mbeidh a pearsantacht ghealgháireach mar chúiteamh ar a easpa carasma féin.
gealgháireach cheerful
" Bhí spéaclóirí uirthi agus bhí sí gealgháireach i gcónaí, i gcónaí agus bhí sí in ann smacht a choinneáil orainn freisin.
Bhí fonn spleodrach beoga le brath ar chách a lively cheerful atmosphere was evident (on all)
" Bhí fonn spleodrach beoga le brath ar chách i sráideanna Dhoire Cholmcille ar na mallaibh, nuair a bhí an 43ú Féile Phan-Cheilteach ar siúl ann.