Shílfeá, leis an titim atá tagtha i líon na sagart i bparóistí ar fud an domhain agus an laghdú atá sa líon daoine atá ag freastal ar aifrinn agus ag glacadh le comaoineach, go mbeadh straitéisí eile á moladh seachas cosc ar an aontumhacht agus ar homaighnéasaigh.
Tchítear sa tír seo féin nach annamh a chuirtear cosc ar shagart a labhródh go hoscailte faoi cheisteanna móra an lae, cuirim i gcás ról na mban san Eaglais nó ceist na haontumha.
Cíorann Ciarán Mac Aonghusa siocair na mí-úsáide laistigh den Eaglais Chaitliceach, gné na haontumhachta, gné is féidir a rianú i bhfad siar ach, gné nár thosaigh le tús na Críostaíochta mar sin féin.