"
Ar na laigí a mheasaim féin atá sa staidéar seo - agus sílim go bhfuil cuid mhaith laigí ann - tá an bhuncheist seo, nár freagraíodh: céard a tharlaíonn nuair a chuireann tú grúpa, ina bhfuil an ceathrú cuid ina gcainteoirí Béarla, ina gcónaí le chéile ar eastát tithíochta leis féin? An gcruthaíonn tú "oileán an Bhéarla"
i gceartlár na Gaeltachta, oileán a imríonn tionchar ar an bpobal thart timpeall air? Sin a tharla, deirtear, i gcás an eastáit eile ar an gCeathrú Rua.