Fuair mé seanteachín ceann tuí (gan seomra folctha) ar cíos in Inis Mór agus é ar intinn agam fanacht ar feadh cúpla mí agus ansin imeacht tar éis dom amhrán nó dhó a fhoghlaim ó Threasa.
I dteach tábhairne ceann tuí i gceartlár Ghaeltacht Chonamara a bhíos agus comhluadar breá i mo thimpeall agus cé gur thit an ghruaim ar an gcomhluadar ar feadh scathaimhín tar éis an chluiche ba ghearr gur thosaigh an ceol agus an amhránaíocht agus an spraoi arís.
Is cinnte gur mhór an cuidiú a bhíodh sna deontais éagsúla a bhíodh ar fáil do chóiriúcháin éagsúla ar nós seomraí breise do chuairteoirí a thógáil (€1,280), ceann tuí a athnuachan (€7000) nó an soláthar uisce a fheabhsú (€2,420).