Ag an am chéanna, tá go leor cloiste aige go dtí seo faoi roinnt fadhbanna bunúsacha, mar shampla an eagla atá ar go leor Éireannach go gcaillfidh siad a gceadúnas tiomána mar thoradh ar an dianscrúdú atá á dhéanamh faoi láthair ar chúlra na n-inimirceach.
Mar bharr ar an donas, bhí clampar sna meáin chumarsáide an mhí seo caite – gan trácht ar anbhá i measc daoine nach bhfuil ach ceadúnas sealadach tiomána acu – nuair a d’fhógair an tAire Iompair, Noel Dempsey, nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint a thuilleadh ach amháin dá mbeadh tiománaí láncháilithe in aice leo.
Féadfaidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo cur isteach ar cheadúnas tiomána, ar dheontais oideachais agus ar phoist nárbh fhéidir leo cur isteach orthu roimhe seo mar go raibh fianaise ar chónaí dleathach riachtanach.