Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach that a comprehensive review be carried out
" Ar ndóigh bhí go leor de chaint Enda Kenny bunaithe ar an éileamh a rinne an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ina chéad tuarascáil go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar achan ghné d’fhoghlaim agus de mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais.
pleananna agus forbairtí a chur i gcrích to carry out plans and developments
" An é go bhfuil tú mar dheoraí i mbruachbhaile iargúlta mura bhfuil carr agat? Cén chaoi ar féidir leis an gcathair pleananna agus forbairtí a chur i gcrích chun garaíocht a dhéanamh do choisithe agus do rothaithe le go mbeidh cáilíocht bheatha níos fearr agus cathair inbhuanaithe againn? Dá bhféadfaimis timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a chothú, nach mbeadh níos mó daoine amuigh ag siúl agus ag rothaíocht? Nach mbeadh dea-thionchar aige sin ar shláinte mhuintir na tíre? Ach gan dabht, is é an íomhá is sonraíche agus an plean is mó atá tagtha chun solais ón gcomhdháil seo ná an moladh fadradharcach gur chóir Faiche an Choláiste agus Sráid Nassau a fhorbairt mar limistéar do choisithe amháin.
chuathas i mbun péinteála painting was carried out
" Nuair a leasaíodh na comharthaí bóthair le dul i bhfóirstean don dlí úr chuathas i mbun péinteála i ndorchadas na hoíche, rud a d’fhág na comharthaí ar fad ina ngráin súl.
dá gcuirfí i gcrích é if it were carried out
" Tá uiscíoch ollmhór faoina rainse in Baca Grande, Colorado, agus rinne comhlacht dá chuid iarracht an t-uisce a sholáthar i bpíblíne do chathair Denver – beart a shaothródh na billiúin do Strong agus dá chuid comhpháirtithe dá gcuirfí i gcrích é.
diancheistniú a dhéanamh to carry out an intense inquiry
" Níor mhiste diancheistniú a dhéanamh ar an dtuiscint traidisiúnta atá againn ar ár bhféiniúlacht mar náisiún i gcomhthéacs an gá atá le féiniúlacht oscailte nua-aimsireach a fhorbairt, lena mbeadh daoine le dílseachtaí éagsúla stairiúla in ann glacadh leis agus áit na Gaeilge a aimsiú sa bhféiniúlacht nua náisiúnta.
Rinneadh athnuachan anuraidh renovation was carried out last year
" Rinneadh athnuachan anuraidh sa chathair ar sheantraidisiúin meánaoiseach oilithreachta in ómós éarlamh na cathrach Colm Cille agus leanfear leis an traidisiúin ársa seo ar an Chéadaoin 14 Lúnasa.
camscéim ‘oifigiúil’ a chur i gcrích to carry out an official scam
" Briseann seisean seift cham na beirte, agus cuireann iachall orthu camscéim ‘oifigiúil’ a chur i gcrích.
an fearachas cumarsáide a dhéantar communications’ management is carried out
" Ní raibh a fhios againn go dtí le déanaí cé chomh forleatach is atá an fearachas cumarsáide a dhéantar ar an idirlíon agus ar an ghuthán.