Is iomaí bád agus long a bádh ar chósta creagach callánach carrach an oileáin, ón HMS Wasp sa naoú haois déag go Báidín Bídeach Báidín Beosach Báidín Bóidheach an liúdramáin sin Feildhlimidh, cibé am ar cumadh an rabhcán faoin churrach mí-ámharach a briseadh i dToraigh.
gleann carrach na síoraíochtaeternity’s craggy vale
Bóthar spéire, bóthar lúbach, bóthar crochta, bóthar gan mharc, comhartha ná líne air, bóthar gan chlaí, fál ná sconsa idir é agus gleann carrach na síoraíochta thíos fúinn.