Ní dhéanann sí idirdhealú ina hintinn, is cosúil, idir na dílseoirí sin as na ceantair bhochta den chathair, agus na Protastúnaigh chluthara chaoinbhéasacha a bhíonn le feiceáil amuigh faoin spéir thart ar Loch Cuan.
Is beag gairdeas Nollag ná fáilte na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Laoch na Litríochta faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach faoin chréatúr caoinbhéasach sa chóta dearg.