Faoin gceannteideal caithréimeach "We are all Iraqis now", scríobh Shukrallah faoin athrú meoin a tharla san Éigipt nuair a thuig daoine nach cogadh cúig lá a bheadh ann, agus go raibh muintir na hIaráice ag troid go calma i gcoinne lucht an ionraidh.
“Charlie Bird mo thóin!” a mhaígh Balor an Bhéil Bhinn, agus é ag déanamh beag is fiú d’éachtaí agus d’eachtraí an chomhfhreagraí chalma chochallaigh chonfaigh.
“Sin-sin-sin-sin-seanuncail leis ab ea Cú Chulainn Ó hEochaidh, laoch thar laochra Éireann, agus d’fhulaing Charlie a chuid créachtaí polaitiúla go calma agus go cróga, mar a rinne Cú Chulainn.
Nach mór a bhí siad mar mhianach? Nach láidir calma balcánta a bhí siad mar shíolaicme? Nach dorcha agus doilbhir agus dubhach a bhí siad mar phobal?
Ag meabhrú mar seo dó féin a bhí sé nuair a tháinig sé go teach Enda, agus b’in é an fear féin ina sheasamh ina pháirc féin in aice lena theach féin, agus a mhuintir féin thart air.
Nuair nach raibh an Bhanríon Angela nó an Rí Barack, nó fiú Tánaiste na hÉireann, sásta dul chun cainte le hImpire an Domhain Thoir, dúirt Balor Calma Curata go rachadh sé féin chun na Rúise le bleid a bhualadh ar Vladimir Poitín ar bhruach na Mara Duibhe.