Táim ag súil le taithí den scoth, le cuimhní iontacha, agus le
neart ceachtanna agus cairdis, ach tá drogall orm bheith ag súil leis an iomarca! Caithfidh tú muinín bheith agat ionat féin, i ndaoine eile agus i rotha mór an tsaoil!
Is iomaí rud atá ag cur imní orm anois, agus trí seachtaine fágtha agam sula n-imím: An mbeidh dóthain airgid agam? An mbeidh aon deacrachtaí sláinte agam féin nó ag Sophia? An mbeidh deacrachtaí sa bhaile agus mé ar an taobh eile den domhan? An ndéanfaidh gach duine sa bhaile dearmad orm?!
Tar éis gach rud, beidh an cheist a bhíonn de shíor i m’intinn fós ansin i mí na Nollag: “Céard a dhéanfaidh mé anois?!” Den dara huair le hocht mí dhéag, táim ag fágáil poist chun dul ar seachrán timpeall na cruinne.