Mar sin, nach bhfuil baol ann go gcaillfear, diaidh ar ndiaidh, ainmneacha na mbailte fearainn – agus an stair atá le fáil iontu?
Agus an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag síniú Orduithe Logainmeacha (mar shampla an tOrdú le déanaí a d’athraigh ainm Gaeilge Mountcharles ón mBéarlachas, is é sin Móin Séarlas, go Tamhnach an tSalainn) chun stair áitiúil na tíre a chaomhnú, b’ait an rud é dá mbeadh Roinn eile ag milleadh na staire seo, ag cur
uimhreacha ríomhaire-chairdiúla in áit logainmneacha saibhre.