Sna ‘seanlaethanta’ d’fhoghlaim leithéidí Harry Bradshaw, Christy O'Connor, Eamonn Darcy agus go leor galfairí eile scileanna an ghailf as a stuaim féin – thosaigh go leor acu amach ina gcodaithe agus iad ina ngasúir, ag iompar málaí gailf an uasaicme ar mhaithe le cúpla pingin a thuilleamh, agus chuir siad suim sa chluiche de bharr na taithí sin.