Tá príomhfhéile chultúrtha na Gaeilge faoi lán seoil sa Daingean an deireadh seachtaine seo agus is dóigh faoin am go mbeidh tusa á léamh seo go mbeidh an Rógaire Dubh é féin ina shuí cois cuntair, pionta fuar fada dubh ina dhorn aige agus é ag caint agus ag cabaireacht le cairde maithe.
Agus mé ag cabaireacht le Bavárach meánaosta ar na mallaibh, dúirt sé liom, "Ní hé an caighdeán oifigiúil is measa liom, ach go bhfuil blas na dtuaisceartach ar chaint na ngasúr óg anois! Sin an fáth go bhfuil mo chroí ag cur fola!" Agus b'fhíor dó.